Goitse, Bealtaine 2014

Goitse 23 Bealtaine 2014 NUACHT 3 Vótaí agus Daonlathas raibh deireadh á chur le toghcháin do Bhord an Údaráis cionn is go raibh costas mór leis na toghcháin ach bhí toghchán uachtaránachta agus reifrinn aginn ó shin agus tá toghcháin áitiúla agsu Eorpacha againn inniu. Is beag costas breise a bheadh le toghchán an Údaráis ag ceann ar bith de na toghcháin sin. Níl suim ar bith, is cosúil, ag na páirtithe móra i rud ar bith a athrú go bunúsach agus, fá láthair, sin díreach an rud atá de dhíth. Tá daoine ag fulaingt. Níl obair ar fáil sa cheantar seo. Tá na daoine óga thar sáile. Níl a fhios ag daoine cá mhéad a bheas ar na táillí uisce ach tuigeann achan duine go mbeidh siad ró-dhaor ag teaghlaigh atá in ísle brí cheana féin. Agus tá an Ghaeltacht i mbaol a báis. Tá an t-am nuair a thiocfadh leat brath ar na páirtithe móra seasamh leat, tá sin thart. Caithfidh daoine seasamh ar a mbonnaí féin agus beart a dhéanamh daofa féin. Sin an fáth go gcuireann an páipéar seo fáilte roimh an tionscnamh “Goitse go Gaoth Dobhair.” Tógann sé spiorad daoine nuair a tchídh siad iad féin ag bogadh chun tosaigh dá stuaim féin, ag cur rudaí chun cinn atá le leas a bpobail féin. Agus is fiú smaoineamh air sin má tá tú ag vótáil inniu. An dtabharfaidh an duine a bhfuil tú ag vótáil dó tacaíocht do thionscnaimh mar seo? “Caithfidh daoine seasamh ar a mbonnaí féin agus beart a dhéanamh daofa féin.” Eagarfhocal Mar chuid den fheachtas leis an ceantar a choinneáil glan atá á reáchtáil ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair chuaigh meitheall oibre amach a ghlanadh bhóthar chúl an Earagail ar na mallaibh. Seo cuid den na hoibreannaí agus cuid den bhruscar a bhailigh said ar an lá. Más mian leat lámh chuidithe a thabhairt don obair fhiúntach seo, bí i dteagmháil leis an Chomharchumann ag an Chrannóg. Fáiltíonn G oitse roimh litreacha ónár léitheoirí. Is féidir litir atá le foilsiú a sheoladh chuig litir@goitse.org . Seol comhfhreagras ar bith eile chuig eolas@goitse.org nó déan teagmháil ag 086 8476862 Tá an t-eagrán seo den pháipéar ag teacht amach ar lá na dtoghchán ar tír mór agus, mar sin de, beidh go leor cainte sna meáin faoin méid daoine a tháinig amach le vóta a chaitheamh agus faoi cé a bhainfidh suíochán ar Chomhairlí Contae ar fud na tíre agus i bParlaimint na hEorpa. Beidh saineolaithe staitisticí agus eolaithe polaitíochta ar an raidió agus ar an teilifís ó dhubh go dubh ag caint ar na “patrúin vótála” agus ar “dhílseacht na vótóirí.” Ach tá rogha le déanamh againn uilig inniu agus is fiú machnamh a dhéanamh ar an dóigh a chaithfidh tú do vóta. An rud é go dtabhar- faidh tú uimhir 1 do pháirtí áirithe cionn is gur sin an rud a rinne d’athair nó do mháthair? An bhfuil tábhacht leis an dílseacht sin sa lá atá inniu ann? Bímis ionraic faoin cheist seo. Tharla an comórtas idir an dá pháirtí mór sa tír seo de thairbhe an Chogaidh Chathartha agus tá sin thart le beagnach céad bliain anois.. Is beag an difir atá idir polasaithe na bpáirtithe anois ar cheisteanna móra an lae inniu. Seasann an bheirt acu ar an eite dheis den speictream polaitiúil agus ní bheadh duine ar bith ag súil leo athruithe móra sóisialta a chur i bhfeidhm dá bhfaigheadh siad isteach mar rialtas na tíre. Ach ní don rialtas a bheas na toghcháin inniu. Tá muid ag vótáil don Chomhairle Contae agus do Pharlaimint na hEorpa. Is beag atá i gcoitinne, dar leat, idir an dá institiúid. Tá ceann amháin ag plé le rudaí beag áitiúla ar nós bóithre agus bíonn an ceann eile ag déileáil le ceisteanna móra dlíthe agus timpeallachta. Sin an chuma a bhíonn ar rudaí ar scor ar bith. Ach tá rud amháin atá amhlaidh don dá rud agus chun donais atá sé ag gabháil. Bhí troid fíochmhar sa Chomhairle anuraidh nuair a bhí siad ag iarraidh teacht le chéile agus buiséad a leagan síos don bhliain seo. Nuair a bhí sé soiléir go raibh seans ann nach n-aontódh na páirtithe ar an bhuiséad a bhí curtha os a gcomhair ag bainisteoir an Chontae, dúradh go gcuirfí an Chomhairle ar ceal agus go reáchtálfaí an Contae ag státseirbhíseach ceaptha ag an rialtas. Ní raibh mórán iomrá ar an daonlathas ansin. San Eoraip, déantar na socruithe móra stáit ag rialtaisí, ní ag an Pharlaimint. Nuair a bhí an tAontas Eorpach mar chuid den Troika, rinneadh cinneadh i ndiaidh cinnidh faoi thodh- chaí na tíre seo gan oiread agus ceist curtha ar an Pharlaimint faoi. Easpa daonlathais arís. Ar ndóigh, chonaic muid an rud céanna ag tarlú le hÚdarás na Gaeltachta. Dúradh go Coláiste na bhFiann ag teacht go Dobhar Tá Coiste Bainistíochta Ionad Naomh Pádraig i nDobhar i mbun pleanála le cúpla mí anuas le cúrsa Gaeilge a reáchtáil ón Ionad i Mí Meithimh. Trí seachtainí a mhaireas an cúrsa ar a mbeidh corradh agus 80 foghlaimeoirí Gaeilge ag freastal orthu, Tá mná tí agus teaghlaigh Ghaeltachta le líofacht Gaeilge aimsithe le lucht foghlamtha na Gaeilge a choinneáil ina dtithe. Deir ráiteas a d’eisigh Coiste Bainistíochta Ionad Naomh Pádraig go gcuideoidh an Choláiste Gaeilge seo an teanga a choinneáil beo sa phobal agus go déanfaidh sé maitheas mór do lucht na Gaeilge, do na mná tí agus do theaghlaigh Gaeltachta. Leanann an ráiteas: “Ar an bhonn seo, is cinnte go mbeidh tionchar dearfach aige ar phobal maith Ghaeltachta s’againn féin go háitiúil. Creideann muid go bhfuil an fhís seo atá á réalú againn, ag teacht le fís na Roinne agus an Rialtais i leith na Gaeilge, mar go luíonn na hiarrachtaí atá ar bun againn, leis an phlean gníomhaíochta i leith na Gaeilge, mar atá, an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge”.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3