Goitse, Bealtaine 2014

16 SPÓRT Goitse 23 Bealtaine 2014 Damien Ó Dónaill Tá craobh peile na hÉireann ar obair, tá an aimsir ag éirí níos fearr, tá cuma mhaith ag teacht ar pháirceanna peile na tíre agus tá foirne peile ó cheann ceann na tíre ag ullmhú don samhradh agus don tséasúr peile atá amach rompu. Ach ar an Aoine seo caite bhí Dara Ó Cinnéide, laoch peile na Ríochta agus na Gaeltachta i láthair i Maigh Cuilinn i gCo na Gaillimhe le Comórtas Peile na Gaeltachta 2014 a sheoladh go hoifigiúil. Bhí scaiOe mór i láthair agus iad uilig ag súil go mór le ceann de mhór imeachtaí an CLG. Dúirt Dara ar an tráthnóna sin go raibh ‘Ní neart go cur le chéile’ scríofa ar gheansaithe peile na Gaeltachta agus thíos faoi go raibh spiorad, croí, caid agus teanga. Sin an rud is tábhachtaí fán deireadh seachtaine seo. Ceiliúradh atá ann ar an chultúr Gaelach, na cluichí, an spiorad agus go háirithe an teanga. Tig foirne Gaeltachta na hÉireann le chéile le deireadh seachtaine den scoth a chur ar fáil dúinn uilig. Ach ní bhíonn a dhath cairdiúil fán deireadh seachtaine ar pháirc na himeartha agus is é sin mar a bheas rudaí arís i mbliana. Nuair a bhí mé ag scríobh an phíosa seo, bhí sé cinntithe dom go raibh seacht bhfoireann, idir fhir agus mhná, as Gaeltachta chúige Uladh ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Cuilinn. Sin iad seaim- píní sinsearach na bliana anuraidh Gaoth Dobhair, Cill Chartha (Sin- sear), Naomh Columba (Sóisear), Laochra Loch Lao (Sóisear), An Tearmann (Sinsear na mban), Gaoth Dobhair (idirmheánach na mban), agus Laochra Loch Lao (Sóisear na mban). Foirne na bhFear CLG Ghaoth Dobhair: D’fhéadfá a rá gurb iad Gaoth Dobhair ríthe chomórtas peile na Gaeltachta mar go bhfuil slad déanta acu síos fríd na blianta agus an comórtas buaite acu níos mó uaireanta ná foireann ar bith eile. Má tá Gaoth Dobhair leis an chomórtas a bhaint arís i mbliana, beidh tréan oibre le déanamh acu leis an sprioc sin a bhaint amach. Sula mbainfidh siad ceann scríbe amach ar an Luan, beidh orthu ceithre chluiche a bhaint. Tá cluiche crua ag gabháil a bheith acu maidin Dé Sathairn ag 10.30 nuair a imreoidh siad buaiteoirí comórtas peile na Gaill- imhe, Mícheál Breathnach. Beidh cluiche dian anseo a chuir-fidh tús bríomhar leis an Satharn agus bhéarfaidh an cluiche seo ar na sluaite éirigh as na sráideoga i ndiaidh oíche mhór shiamsaí- ochta san ollphuball! Beidh Gaoth Dobhair ag súil le himreoirí an chontae, sinsear agus mionúr a bheith leo siar go Maigh Cuilinn. Tá triúr ar fhoireann Shéamuis Mhic Aonghusa agus seisear ar fhoireann mhionúr Dheáglan Uí Chnáimhsí. Má tá na fir sin le Gaoth Dobhair ar an deireadh seachtaine, beidh deis iontach acu ach muna mbeidh, beidh athrú scéil ann. CLG Chill Chartha: Bhain Cill Chartha cluiche ceannais peile Ghaeltacht Thír Chonaill ar na méilte ar na mallaibh, nuair a fuair siad lámh in uachtar ar fhoireann Ghleann tSúilí. Cé go raibh Mícheál Ó Murchú agus Niall ‘Mór’ Ó Gallchóir ar an pháirc ag Gleann tSúilí, bhí Cill Chartha róghasta agus ró-aclaí acu sa deireadh. Sin an sórt peile a imríonn Cill Chartha, imríonn siad ón chúl báire ag cur na liathróide ó lámh go lámh agus má fheic- eann siad Pádraig Mac Bréartaigh saor, ligfidh siad an liathróid isteach chuige. Tá foireann óg, aclaí ag Cill Chartha agus imreoirí a bhfuil treán peile iontu agus atá cliste i seilbh na liathróide chomh maith. Tá Clann Mhic Aoidh, Marc, Eoin agus Riain acu agus beirt eile, Pádraig Mac Bréartaigh agus Mícheal Ó hÉigeartaigh ansin agus taithí na mblianta aige ar pháirc na himeartha. Imreoidh Cill Chartha foireann Chill na Martra sa chéad chluiche a bheas acu tráthnóna Dé Sathairn. Tá deis iontach ag Cill Chartha i mbliana agus tá an seans ann go dtiocfadh le Cill Chartha agus Gaoth Dobhair a bheith sa chluiche ceannais ar an Luan mar nach mbuailfidh an dá fhoireann ar a chéile go dtí sin de réir na socruithe atá déanta. Ag Dia atá a fhios caidé mar a rachadh an cluiche sin, da dtarlódh sé. Dhá fhoireann as Tír Chonaill ag gabháil in adharca le chéile ar fhód na Gaillimhe. Comórtas Peile na Gaeltachta Imreoirí Chill Chartha Marc agus Rian Mac Aoidh ag imirt i gcluiche ceannais Thír Chonaill ar na Méilte. Tá foireann Naomh Columba ann a bhain Comórtas ceannais Shóisear Thír Chonaill i mbliana. An Satharn Sinsear na bhfear Gaoth Dobhair v Mícheál Breathnach 10.30 r.n Sóisear na bhfear Laochra Loch Lao v Naomh Columba 12.15 i.n Sóisear na mban Laochra Loch Lao v Na Piarsaigh 12.30 i.n Idirmheánach na mban Naomh Anna v Gaoth Dobhair 1.45 i.n Sinsear na bhfear Cill Chartha v Cill na Martra 2.30 i.n Sinsear na mban Baile Chlár na Gaillimhe v An Tearmann 4.30 i.n Sinsear na bhfear Cill tSéana v M.Breathnach/Gaoth Dobhair 7.30 i.n Tá liosta iomlán na gcluichí le fáil ag www.maighcuilinn.com Na Cluichí Ar lean ar lch 15

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3