Goitse, Bealtaine 2014

Naomh Columba v Laochra Loch Lao: Seo cluiche a bhfuil go leor daoine ag fanacht leis. Bhí fir Bhéal Feirste agus an ceantar máguaird le Gaeil Fhánada a imirt sa chluiche seo ach ar an drochuair ní féidir le fir Fhánada a bheith i láthair i mbliana. Mar sin, ina seasamh idir Laochra Loch Lao agus a n-áit i gcluichí leath- cheannais an chomórtais ar an Domhnach, tá seaimpíní sóisear Thír Chonaill, Naomh Columba. Seo foireann as Béal Feirste a cuireadh le chéile le cinntiú go mbeadh an Ghaeilge ag gabháil ó neart go neart sa chathair, rud atá. Téann Laochra Loch Lao chuig Comórtas Peile na Gaeltachta gach bliain agus is cinnte gur sampla ar dóigh iad agus go gcuireann siad go mór leis an chomórtas. Bíonn siad mar shampla maith ag cuid againn agus iad bródúil as a gcultúr agus as a dteanga. Tá neart imreoirí maithe ina measc chomh maith agus is cuimhin linn an cluiche sin ar na croisbhealaí nuair fuair Naomh Muire an bua orthu i gcluiche ceannais sóisear peile na Gaeltachta. Hobair go bhfuair siad an bua an lá sin agus is cinnte gur lá stairiúil a bheadh ann do Ghaeil oirthear Chúige Uladh dá n-éireodh leo Comórtas Peile na Gaeltachta a bhaint. Ach ní bheidh a dhath furasta acu in éadan fhir Ghleann Cholm Cille. Tá foireann láidir go maith ag Naomh Columba agus imreoirí óga ag teacht aníos fríd na foirne faoi aois acu, ach cosúil le gach foireann iargúlta in Éirinn, tá siad buailte go mór ag an imirce. Rach- aidh foireann an Ghleanna go Maigh Cuilinn lán le brí agus le misneach agus tá deis mhaith acu, ach beidh na Laochra ag iarraidh a mbealach a dhéanamh go cluiche ceannais an Luain agus tá siad ag ullmhú leo go ciúin don chomór- tas. Cluiche dian eile a bheas ann. Foirne na mBan Bhí foireann peile na mBan, an Tearmann, iontach láidir mar fhoireann síos fríd na blianta agus is deas an rud anois go bhfuil foirne eile sa chontae ag teacht ar aghaidh. Beidh trí fhoireann ag mná chúige Uladh i mbliana sa chomórtas. An Tearmann sa chom- órtas Sinsear, Gaoth Dobhair sa chomórtas idirmheánach agus Laochra Loch Lao sa chomórtas sóisear. Tá seans maith ag na foirne seo uilig ina rannógaí difriúla ach cuirfidh scrúduithe na hArdteistiméireachta isteach go mór ar mhná Ghaoth Dobhair, mar go bhfuil scaiOe maith den fhoireann sin le scrúduithe na hArdteistiméireachta a dhéanamh i mbliana agus b’fhéidir nach mbeadh siad leo. Ní bheadh aon duine ina dhiaidh sin orthu. Taithí ar dóigh a bheas ann d’fhoireann peile Ghaoth Dobhair, go háirithe agus iad ag imirt sa rannóg idirmheánach i mbliana. Craic an Chomórtais Beidh craic, cuideachta agus comh- luadar go tréan i Maigh Cuilinn na Gaillimhe i mbliana. Beidh banna ceoil Blunderbrau i measc na siam- saíochta i mbliana agus cuirfidh siad go mór leis an chraic ag an chomórtas. Is deireadh seachtaine mór Gaelach atá ann agus gura fada buan a mhairfidh an traidisiúin Ghaelach sin. Beidh Rosie Nic Gairbheith i gcomórtas an chailín ghaelaigh agus í mar ionadaí ag Fo-chumann peile Naomh Muire i mbliana. Roghnaíodh Rosie mar bhuaiteoir ar chomórtas an Chailín Ghaelaigh i dTír Chonaill i mbliana. Clúdach na meán Beidh clúdach cuimsitheach mar is gnáth ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4 ar an chom- órtas agus muna dtig libh a bheith i láthair, coinnigí cluas leis an raidió agus súil leis an teilifís agus beidh sibh i lár na cuideachta ar fad. Chomh maith leis sin, beidh na meáin shóisialta gnóthach agus beidh na scóranna agus na torthaí ar fáil ar Twitter @comortaspeile agus ar shuíomh an chomórtais www.maighcuilinn.com . Peil na Gaeltachta Ar lean ar lch 15 Rosie Nic Gairbheith, ionadaí Thír Chonaill i gcomórtas an Chailín Ghaelaigh . Grianghraf: Bríd Nic Suibhne SÚIL SIAR Paidir Mhuintir Inis Bó Finne A Chroí Ró-Naofa Íosa, molaimid Thú, Le láidreacht ár n-intinne ‘s le haoibhneas ár gcroí: Go moch ag ár n-obair ‘s go mall ag ár só, A Chroí dhílis mhilis, ná scar linn go deo. Nuair a bhíos muid ar siúl ar an tsáile anonn Ag cosnú ár mbeatha ar bharraibh na dtonn, Bí againn i gcónaí a’ tabhairt dúinn uchtach láidir ‘S ag cur rath ar ár n-obair, mar rinne tú le Peadar. Inár n-aistir go minic go beannaibh an Chorráin Is ó sin amach siar go hoileán fiáin Thóraigh As gach contúirt go bhfaighe muid amach go tír mór – A Chroí Naofa Íosa, tar chugainn le cabhair. Ar ár dteaghlaigh ‘s ár dtithe cuir séan agus sonas Agus réitigh dúinn fhéin as gach buaireamh is pionós Is isteach I do ríocht, a Dhia mhór na cruinne, Tabhair sean agus óg in Inis Bó Finne. Goitse 23 Bealtaine 2014 GNÉ-ALTANNA 15

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3