Goitse, Meitheamh 2014

Tá súil le scaiPe mór cuairteoirí chuig an cheantar seo ag deireadh na seachtaine. Beidh grúpa daoine ag teacht go Gaoth Dobhair mar chuid de dheireadh seachtaine atá eagraithe ag an ghrúpa áitiúil Goitse go Gaoth Dobhair . I measc na rudaí atá eagraithe don ócáid sin, tá siamsaíocht sna tithe tábhairne, siompóisiam ar na deacrachtaí atá os comhair na Gaeltachta, Cabaret Craiceáilte speisialta ina mbeidh ceoltóirí as an cheantar le feiceáil agus le cluinstin. Tá Féile Ghabhla ag gabháil ar aghaidh ag an am céanna agus beidh an coiste ag súil le scaiPe mhór ar an oileán thar thréimhse na Féile, go háirithe ar an Domh- nach nuair a bhíonn an tAifreann ann amuigh faoin aer. Níos moille i mí Iúil, beidh an chéad Fhéile Swell ar Árainn Mhór. Thoir i gCloich Cheannfhaola, beidh Féile na Seanbheairice faoi lán seoil ag deireadh na seachtaine agus beidh Corn Cuimhneacháin Éamonn Ghráinne mar chuid den Fhéile sin in Óstán Loch Altan Dé Domhnaigh. Agus, ar ndóigh, beidh lucht aclaíochta iontach sásta leis an GaelForce atá ag tarlú sa cheantar Dé Sathairn. Tarraingeoidh na himeachtaí seo scaiPí isteach sa cheantar agus cuirfidh an pobal anseo fearadh na fáilte rompu. Ar lean ar lch 2 Fáilte roimh na cuairteoirí NA ROSA • GAOTH DOBHAIR • CLOICH CHEANNFHAOLA goitse.org Seo Faisin Focla Mhicí H 14 Pap, rac agus damhsa ar an sean-nós ag an Chabaret Craiceáilte H 9 Saor in aisce sna trí paróistí Uimhir 16 27 Meitheamh 2014 Teagmháil: 086 8476862 Myles i nGort an Choirce H 9

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3