Goitse, Meitheamh 2014

16 SPÓRT Goitse 27 Meitheamh 2014 Damien Ó Dónaill Foirne peile Dhún na nGall i gcluiche ceannais Chúige Uladh. Naonúr as CLG Ghaoth Dobhair a bheas páirteach sna foirne sin. Beidh foireann shinsir agus mhionúir Dhún na nGall i gcluiche ceannais chúige Uladh na bliana seo ar an 20 Iúil. Is é seo an chéad uair go mbeidh an fhoireann shinsir agus mhionúir ag imirt i gcluichí ceannais an chúige ar an lá céanna ó bhí 1963 ann. Bhain mionúir Dhún na nGall craobh an chúige i 2006 faoi stiúir Sheáin Uí Chléircín ach níor bhain siad craobh Uladh ó shin. Tá foireann iontach láidir ag Déaglán Ó Cnáimhsí i mbliana agus tá Déaglan ag obair leis an fhoireann seo le cúig bliana anuas. Bhí sé páirteach leis an ghrúpa imreoirí seo ar dhóigh amháin ná ar dhóigh eile le dornán maith blianta. Tá aithne mhaith aige orthu agus tá a fhios aige an ábaltacht atá iontu. Ní chuirfeadh sé iontas ar bith ar mhórán dá n-éireodh le foireann mhionúir Dhún na nGall a ghabháil chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann i mbliana. Tá foireann Shéamais Mhig Aonghusa i gcluiche ceannais an chúige chomh maith. Níl ach cluiche amháin i gcraobh Uladh caillte ag a fhoireann ó rogh- naíodh é mar cheannródaí orthu ceithre bliana ó shin. Éacht nach beag ag foireann a bhí mar ábhar magaidh ag an chuid eile den tír le fiche bliain anuas. Tá na Conall- aigh uilig ag iarraidh go mbeidh Muineachán i gcluiche ceannais an chúige i mbliana i ndiaidh an ghreidimín a thug siad do Dhún na nGall anuraidh ach caithfidh siad lámh in uachtar a fháil ar Ard Mhacha go fóill. Níl sé furasta ag foireann ar bith a ghabháil in adharca le foireann Ard Mhacha ach, tá mé den bharúil go mbeidh Muineachán rómhaith acu, go háirithe anois agus Conchúr Mac Mánais ar ais ar a sheanléim arís. Ach, an scéal is mó suime anseo sa Ghaeltacht go mbeidh deichniúr as cumann peile Ghaoth Dobhair páirteach i gcluiche ceannais an chúige. Aodh Máirtín Ó Fearraigh, atá mar rúnaí ar bhord an chontae agus a bhíonn le feiceáil i measc fhoireann bhainistíochta Shéamais Mhig Aonghusa, agus ansin tá naonúr imreoirí fosta. Seisear ar an fhoireann mhionúir agus triúr ar an fhoireann shinsir. Is cinnte gur lá stairiúil a bheas ann do chumann Ghaoth Dobhair. Má éiríonn leis an dá fhoireann, beidh ábhar ceiliúrtha ag bunadh Ghaoth Dobhair chomh maith le bunadh Dhún na nGall. Na himreoirí atá i gceist nó Gavin Mac Giolla Bhríde, Niall Ó Frighil, Cian Ó Maolagáin, Mícheál Ó Cearúill, Gary Mac Pháidín agus Ciarán Mac Giolla Easpuig. Chomh maith leis sin tá triúr ar an fhoireann sinsir, Eamonn agus Niall Mac Aoidh agus Odhrán Mac Niallais. Tá go leor gasúraí Gaelt- achta eile ar an fhoireann mhionúir chomh maith, ina measc, Lorcan Ó Conchúir as na Dúnaibh a fuair naoi bpointe ar an Domhnach. Tá ról lárnach ag gasúraí Ghaoth Dobhair ar an dá fhoireann agus bíonn an fhoireann bhainis- tíochta ag brath go mór orthu. Tá fios maith againn uilig ar an ábaltacht peile atá i gclann Mhig Aoidh ach fuair Odhrán a sheans i mbliana agus tá sé ag gabháil ó neart go neart ó bhí tús an tséasúir ann. Bronnadh laoch na himeartha air ar an Domhnach nuair bhí sárchluiche aige. Tá bua na peile ag Ódhrán agus d’admhaigh sé féin gur obair sé thar a bheith crua i mbliana ar a chuid aclaíochta. Beidh Gaoth Dobhair ag brath go mór air amach anseo nuair a thosóidh craobh na gclubanna. Fear óg eile atá ag imirt peil den scoth i mbliana ná Míchéal Ó Cearúill. Bhí an pheil sa teaghlach aige i gcónaí agus tháinig sé anuas chuige ó ghlúin go glúin agus ní iontas ar bith é go bhfuil Micheál ina imreoir den scoth chomh maith. Bhí a dheartháir James ar an fhoireann mhionúir a d’imir i gcluiche ceannais Uladh i 2006, an t-am deireanach ar éirigh leo craobh Uladh a bhaint. Tá James ar an choigríoch san am i láthair agus é ag teagasc i nDubai ach tá mé cinnte de go mbeidh sé ag teacht abhaile le tacaíocht a thabhairt dá dheartháir sa chluiche ceannais. Ról lárnach ag peileadóirí Ghaoth Dobhair i gcluichí ceannais Uladh Odhrán Mac Niallais: ag dul ó neart go neart. Regatta Dhún Lúiche Bhí an chéad regatta ag Cumann na gCurach, Cloch Cheannfhaola Dé Domhnaigh ag Loch Dhún Lúiche. Bhí an aimsir go maith, tháinig go leor daoine amach le tacaíocht a thabhairt don chlub. Rinne an club go maith sna rásaí. Bhain na buachaillí faoi 14 an chéad áit amach! Fuair na fir sinsir an tríú áit agus na mná sinsir an dara áit. Fuair an club an chéad agus an dara áit san rása meascaithe. Beidh lá oscailte a reachtáil ag an chlub ar an Satharn ón 4-6 do dhuine ar bith ar mhaith leo triail a bhaint as an skiff ar Loch Dhún Lúiche agus beidh na foirne ag glacadh páirt i Lá Mór Theilinn ar an Domhnach. Grianghraif: Matty 56

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3