Goitse, Meitheamh 2014

Goitse 27 Meitheamh 2014 SPÓRT 15 Bhí Anthony Molloy, CaiPín na foirne a bhain Craobh Peile na hÉireann i 1992 i láthair ag an tSeanbheairic ar an Fhál Charrach an tseachtain seo a chuaigh thart le taispeántas ‘Laochra Spóirt Dhún na nGall’ a lainseáil. Tá an taispeántas ar iasacht ó Iarsmal- ann Chontae Dhún na nGall i gcomhar le Comhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall agus déanann sé ceiliúradh ar laochra spóirt ón chontae seo agus iad ag súil le glúin eile imreoirí a spreagadh. Ach ní peileadóirí amháin atá á gceiliúradh mar tá spás ann do leithéidí do bhuaiteoirí Chraobh Liathróid Láimhe na hÉireann Áine Ní Cheallaigh (nach maireann) agus buaiteoirí an chomórtais beirte Máire Ní Cheallaigh agus Maighread Ní Ghallchóir. Taispeántas laochra spórt ar an Fhál Charrach An tAthair Seán Ó Gallchóir ag ócáid seolta an taispeántais Laochra Spóirt Dhún na nGall. Caitlín Uí Cheallaigh ag comhrá le Liam McElhinney ag ócáid seolta an taispeántais sa tSeanbheairic. Cuid den tslua a d’fhreastal ar ócáid seolta an taispeántais Laochra Spóirt Dhún na nGall ar an 20 Meitheamh. Beidh deis ag an phobal súil a chaitheamh ar an taispeántas as seo go ceann roinnt seachtainí. Freagra ar Phusail leathanach 13: Tá sé fíor má tá tú ag baint úsáid as uimhreacha Rómhánacha! 11 = XI 10 = X 9 = IX SÚIL SIAR Ní raibh John Deere thart an t-am sin!

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3