Goitse, Meitheamh 2014

2 NUACHT Goitse 27 Meitheamh 2014 Deireadh seachtaine de phlé, siamsaíocht agus craic, i nGaeltacht Dhún na nGall Fáilte roimh na cuairteoirí scadán caoch Ar lean ó lch 2 Dúirt duine de lucht eagraithe Goitse go Gaoth Dobhair go raibh sé tábhachtach go dtiocfadh oiread daoine agus is féidir chuig an cheantar le go bhfeicfeadh siad caidé bhí ar fáil do thurasóirí ach go raibh seans ag muintir na háite fosta beart a dhéanamh ar son an cheantair agus deis a thabhairt do ghnónna beaga, nó do dhaoine atá ag smaoineamh ar ghnónna beaga a thoiseacht, dul i bhfeidhm ar mhargadh s’acu agus féidear- thachtaí a aimsiú. Mar chuid den siompóisiam atá á reáchtáil ag an ghrúpa pobail san Acadamh Dé Sathairn, beidh ceardlanna ar ghnéithe éagsúla de shaol na Gaeltachta, cúrsaí fostaíochta ina measc, agus meastar go mbeidh béim ar an chuid sin den turasóireacht fosta. Ceann de na deacrachtaí atá aimsithe ag pobail agus ag gnónna beaga sa cheantar ná turasóirí a choinneáil san áit agus tuigeann daoine go bhfuil gá le infheistíocht san earnáil sa cheantar mar tá sé tugtha fá deara go bhfuil an earnáil féin ag athrú agus go bhfuil suim ag daoine anois sa turasóireacht chultúrtha agus i saoirí amuigh faoin aer ag déanamh rudaí ar nós dreapadóireachta agus spaisteoireacht sléibhe. Dúirt Moira Ní Ghallachóir ón chomhlacht mng go raibh bearna sa mhargadh don chineál sin turasóireachta agus gur chóir do níos mó daoine féachaint ar na féidearthachtaí Clár imeachtaí na Deireadh Seachtaine Dé hAoine 27 Meitheamh 2-6in: Lá Foscailte sa Chrannóg Buail isteach agus feic caidé a bhíonn ag dul ar aghaidh sa Chrannóg, faigh cupa tae, labhair leis an fhoireann no faigh caillte i gcartlann na seanphictiúir! 8in: Léiriú ar dhá dhráma ‘ Filleann an Feall ’ agus ‘ Cúrsaí Cleamhnais ’ i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. 10in: Seisiún ceoil Teach Hiúdaí Beag Dé Sathairn 28 Meitheamh 10rn-1in: Siompóisiam agus Ceardlanna: " Caidé mar is féidir an Ghaeltacht a shábháil? " in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. 12-3in: Margadh Bídh agus Ceardaíochta sa Chrannóg. 2-5in: Lá Teaghlaigh in Ionad Naomh Pádraig, Dobhar. 8rn-2in: Comórtas Gailf agus Duais na gCuairteoirí , Cumann Gailf Ghaoth Dobhair. Dé Domhnaigh 29 Meitheamh Féile Ghabhla: Aifreann ar Ché Thrá na mBlathan, Gabhla @ 3in (Bád ag fágáil Ché an Phoirt Úir) Seisiún ceoil do thosaitheoirí Teach Mhicí 1.00in Dreapadóireacht agus Siúlóid Sléibhe Treoraithe le Rock agus Roam Siúlóid stáiriúil le P.J. Ó Domhnaill - Siúlóid an Chlocháin Bhig . Ag fágáil Ionad Naomh Pádraig, Dobhar @ 2i.n. Ionad Aoine 27 Satharn 28 Domhnach 29 Teach Hiúdaí Beag Seisiún Cabaret Traidisiúnta Craiceáilte Radharc na Mara Panama Red Alan Crowley & Dioscó Teach Sheáin Óig Seán G Fame Suckers Murphy’s Law Teach Mhicí Mr Jones Neil McLaughlin Seisiún ceoil traidisiúnta na bhfoghlamóirí, 1in Teach Jack Leath ar Strae Tommy Doherty

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3