Goitse, Meitheamh 2014

A chara, Cúpla smaoineamh fá’n mhír a bhí ar Bharrscéalta , Raidió na Gaeltachta, inniu: An bhfuil na scolairí Gaeilge seo ag foghlaim na Gaeilge sa Ghaeltacht? An bhfuil feidhm ar bith leis na Mná Tí san lá atá inniu ann? Dream scolairí ar bith dá bhfeicim ag siúl na bealtaí nó ag fanacht ar bhus, ní chluinim iad ag labhairt na Gaeilge am ar bith. Má bhíonn ceathrar sa tseomra leapa an mbíonn siad i ndairíre ag labhairt na Gaeilge? An é gur coicís saoire do pháistí/dhéagóirí ó theaghlaigh le airgead atá anseo agus níl suim ar bith acu sa teanga? Saoire faoin tuath, cois farraige — an sin an rud atá i gceist leis na ‘coláistí Gaeilge’ seo? In áit bheith ag déanamh cothabháil ar thithe aonaracha sa Ghaeltacht — agus gan suim ar bith ag daoine fásta bheith ag roinnt seomraí lena chéile — cad chuige nach dtig ionaid foghlama, lárnach a thógáil sa Ghaeltacht agus lóistín ar fáil iontu .i. seom- raí aonaracha le en suite ? (Caidé fá na páirceanna gnó agus na foir- gnimh seo atá ag Údarás na Gael- tachta agus iad ina luí folamh?) Bheadh idir pháistí, déagóirí agus daoine fásta ábalta a léithéid d'ionaid a úsáid am ar bith i rith na bliana agus chan amháin i rith am samhraidh. Thiocfaí saol na tuaithe/saol na Gaeltachta a chur ar fáil ar an suíomh amháin seo agus bheadh sé mar pháirt den chúrsa go mbeadh na foghlaimeoirí rann- pháirteach agus gníomhach san saol sin i. feirm, ainmhithe, fás glasraí, foghlaim ceardanna, tóg- áil ballaí cloiche, ullmhú béilí, spóirt, siúlóidí sléibhe, bithéag- súlacht, inbhuanaitheacht, ceol, ríomhaireacht tré Ghaeilge, léamh, drámaíocht, foghlaim damhsa (chan amháin an damhsa Gael- ach), teanga an ghrá srl agus é uilig bheith déanta tré mheán na Gaeilge. Bheadh deis ag daoine na háite theacht agus cur i láthair a dhéanamh sa suíomh seo, nó thiocfadh leis na foghlaimeoirí dhul fhad leosan, agus na hábhair a fhoghlaim tré mheán na Gaeilge. Sna caogaidí sa chéad deireanach nach duine amháin d’achan teaghlach a bhí i gceist leis na ‘scolairí Gaeilge’? Cha raibh duine ar bith eile ag an scolaire le Béarla a labhairt leis/léi mar nach raibh Béarla ar bith ag na daoine bochta seo san am agus is cuidiú airgid a bhí ann daofa fosta. Ar ndóigh bhí na scolairí seo sa Ghaeltacht ar feadh tréimhse i bhfad níos faide ná coicís agus cha raibh an dara suí acu ach Gaeilge a labhairt agus seo mar a d’fhoghlaim siad an Ghaeilge san am. Tá an saol ag athrú agus nach í an cheist a chaithfear a chur; an bhfuil gá leis na Mná Tí (caidé fá na fir?) sa ré nua-aimseartha seo? Is mise, Cordelia Nic Fhearraigh Ceantar Ghort a’ Choirce Gaeltacht le Gaeilge Goitse 27 Meitheamh 2014 NUACHT 3 Am cinniúnach i nGaeltacht Dhún na nGall mhuintir na Gaeltachta. Má stopann daoine ag caint i nGaeilge lena gcuid páistí, beidh deireadh leis an Ghaeltacht, is Cuma caidé a dhéanann rialtas ar bith. Má tá córas oideachais de dhíth leis an teanga a chothú, gabhaimis leis. Má tá jabanna de dhíth lenár gcuid páistí a choinneáil sa bhaile, cruthaímis iad, ní cuirimis brú dochreidte ar an rialtas le déanamh cinnte go bhfuil sin againn. Beidh seans ag daoine a n-intinn a dhéanamh suas fá na rudaí seo ag deireadh na seachtaine seo ag fóram neamhspleách san Acadamh i nGaoth Dobhair. Deis atá ann fáil amach faoi na roghanna atá romhainn mar phobal agus tá sé deacair cinneadh tábhachtach ar bith a dhéanamh gan fios agat caidé na roghanna atá agat. Agus tá cinneadh le déanamh ag achan duine againn atá ina chónaí sa Ghaeltacht. Sin an fáth gur am cinniúnach atá ann agus sin an fáth go gcaithfidh muid seasamh suas ar son rud atá luachmhar agus tábhachtach againn. Sin nó luí siar agus ligint don Ghaeltacht bás a fháil. Am cinniúnach, leoga! “Tá todhchaí na Gaeltachta i lámha mhuintir na Gaeltachta.” Eagarfhocal Fáiltíonn G oitse roimh litreacha ónár léitheoirí. féidir litir atá le foilsiú a sheoladh chuig litir@goitse.org . Seol comhfhreagras ar bith eile chuig eolas@goitse.org nó déan teagmháil ag 086 8476862 Is iomaí uair a léimid gur seo “am cinniúnach” don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus bíonn leisce ar iriseoirí an téarma a úsáid. Ach i saol an lae inniu, níl dabht ar bith ann go bhfuil am cinniúnach ceart bainte amach againn anseo i nGaeltacht Dhún na nGall. Tá titim shuntasach sa méid páistí atá ag toiseacht ar na scoltacha sa cheantar seo gan Gaeilge ar bith acu. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil siad ag éisteacht leis an Ghaeilge sa bhaile agus gurb é an Béarla teanga an tí. Tá glúin iomlán de fhir agus de mhná óga atá imithe thar sáile agus thig linn a bheith réasúnta cinnte nach i nGaeilge a thógfaidh siad a gcuid páistí. Agus tá glúnta de dhaoine óga le Gaeilge atá ag dul fríd an chóras oideachais agus fios acu nach bhfuil i ndán daofa ach an imirce. Anois, deir daoine go bhfaca muid am crua roimhe seo; sna caogaidí mar shampla, nuair nach raibh obair ar bith le fáil sa cheantar seo agus gurbh éigin do na fir, agus do chuid mhaith de na mná, imeacht anonn go hAlbain nó so Sasain le airgead a shaothrú le tabhairt abhaile leo sa gheimhreadh. Ní mar sin a tá rudaí anois. Nuair a phill na fir agus na mná sin chun a’ bhaile don gheimhreadh, bhí Gaeilge thart orthu ó mhaidin go hoíche. Níl sé mar sin anois. Deirtear linn nach bhfuil mórán ama fágtha ag an Ghaeltacht agus creideann bunús achan duine anois go bhfuil an baol ann nach mbeidh a leithéid ann mar phobal beo bríomhar Gaeltachta ann sna blianta amach romhainn. Bhí siúlóidí cumhachtacha i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste le tabhairt amach faoin easpa measa a tá agus a bhí ag an dá rialtas ar an oileán seo agus ar an ghanntanas seirbhísí atá siad beirt ag cur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge. Thacaigh muid leis na siúlóidí sin. Bhí muid “Dearg le Fearg”. Thuig muid go raibh dualgas ar an rialtas tacaíocht a thabhairt do mhuintir na Gael- tachta agus gur theip rialtas i ndiaidh rialtais sin a dhéanamh. Cad chuige nach mbeadh fearg orainn? Ach ní shábhálfaidh rialtas ar bith an Ghaeltacht, fiú más sin an príomhrud a bhí ar an chlár oibre acu. Tá todhchaí na Gaeltachta i lámha Glac fógra le do nuachtán áitiúil Rátaí agus eolas ar fáil ó eolas@goitse.org nó déan teagmháil ag 086 8476862 www.goitse.org Coláistí Gaeilge nó campaí saoire? bocsa poı˙st Fáilte roimh litreacha ag eolas@goitse.org Comhfhreagras: Cúrsa úr Dioplóma sa Chultúr Dúchais Tá cúrsa úr sa Chultúr Dúchais ag toiseacht in Acadamh na hOll- scolaíochta Gaeilge ar an Scrabán san Fhómhar. Beidh an cúrsa ar siúl ar an idirlíon den chuid is mó; modh solúbtha foghlama a thabharfaidh deis do dhaoine tabhairt faoi ina n-am féin. Clúdófar gnéithe éagsúla den chultúr dúchais ar an gcúrsa, ina measc nádúr an bhéaloidis; ceol, amhránaíocht agus damhsa; tuiscintí agus nósmhaireacht thraidisiúnta; an t-osnádúr agus ceirdeanna traidisiúnta. Bheadh an cúrsa fóirsteanach do gach duine a chuireann spéis sa chultúr dúchais agus dóibh siúd a oibríonn nó ar mhaith leo oibriú i réimsí mar fhorbairt pobail, turas- óireacht chultúrtha, oideachas agus na healaíona. Is cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain ollscoile atá i gceist agus is é 15 Lúnasa, 2014 an sprioc- dháta d’iarratais. Tá eolas breise agus foirm iarr- atais ar fáil ag an suíomh idirlín www.acadamh.ie.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3