Goitse, Meán Fómhar 2010

14 Goιtse Meán Fómhair 2010 Cumann a’ Gháire – The Laughter Club 11/09/10 23.40 I 2004, tháinig Gúrú an Gháire, an Dochtúir Madan Kataria as an India, chuig Gaeltacht Dhún na nGall. Bhunaigh an Dochtúir Kataria club gáire idirnáisiúnta agus tháinig sé go hÉirinn chun club gáire a bhunú anseo. D’eagraigh sé ceardlann dheireadh seachtaine i Chroithlí ar ar reastail Hugh Beag Ó Duibheannaigh agus Stiofán Ó Dónaill. Tugtar léargas sa chlár seo ar na modhanna neamhghnácha a úsáideann an Dochtúir chun gáire a bhaint as duine. Bhunaigh sé an cumann gáire seo chun go dtuigfeadh daoine go bhfuil an gáire maith do do shláinte. Meon na mBan Dé Céadaoin 22 Meán Fómhair 8.30pm TG4 Sraith nua den chlár a thugann faoi reagra a thabhairt ar cheist a bhíonn ag cur as d’ir an domhain – caidé a bhíonn in intinn na mban? Tugann an tsraith seo an deis do roinnt daoine aitheanta, mná is mó ach roinnt fear freisin, an cheist sin a chíoradh. Tráchtfaidh na mná seo, ina measc Bláthnaid Ní Chofaigh, Anna Nolan, Róisín Ní om- áin, Sinéad Desmond, Evelyn O’Rourke, Amanda Brunker, Bláthnaid Ní Dhonnchadha agus Dearbhla Lennon ar na mór-cheisteanna atá ag luí go trom ar mhná an lae inniu – Airgead, Páistí, Grá, Aiste Bhia, Aclaíocht, Reiligiún, Faisean agus Rúin. Cuirfidh cuid de na nithe a chuireann imní orthu iontas ort ach bainfidh tú sult as an acmhainn ghrinn a léiríonn na mná seo agus iad i ngleic leis an tsaol casta, mór-bhrú atá ag go leor de bhantracht na linne seo. Coinneoidh Dáithí Ó Sé, Conall Ó Máirtín agus Paul Martin cothromaíocht éigin ann do na fir agus roinnfidh siad linn a léargas féin ar na mná agus ar na ceisteanna a bhíonn ag déanamh buartha dóibh. Chomh maith leis na hagallaimh le mná aitheanta, léireofar roinnt scéalta ó shaol ban nach bhfuil cáiliúil freisin, ina measc bean ar éirigh léi leath a meáchan coirp a chailleadh in imeacht bliana go leith, bean eile a thug cúl dá haindúil heroin agus ceoltóir a d’aimsigh modh spioradálta nua a d’athraigh a saol ó bhun. GAA Beo Dé Domhnaigh 19 Meán Fómhair 7pm TG4 Iomlán na himeartha ó Chluiche Ceannais Peil Shinsear na hÉireann. 26 Meán Fómhair 12pm TG4 Beochraoladh ó Pháirc an Chrócaigh ar Chluichí Ceann- ais na hÉireann i gCraobhacha TG4 i bPeil na mBan: Sóisir (12pm), Idir-mheánach (2pm) agus Sinsear (4pm). Dochtúir Áthais: An Dr Madan Kataria Thar Toinn Dé Domhnaigh 12 Meán Fómhair 10.30 am Raidió na Gaeltachta Sa tsraith úr seo tabharfaidh Tomás Mac Con Iomaire cuairt ar chuid d’oileáin na hÉireann go bhfeicfidh sé conas mar atá an saol ann sa 21ú hAois. Inniu, tabharfaidh Tomás a aghaidh ar oraigh na dTonn amach ó chósta Dhún na nGall agus labharfaidh sé le muintir an oileáin faoi chuid den stair agus den seanchas a bhaineann le Toraigh, agus faoi na buntáistí agus na dúshláin a bhaineann le saol an oileánaigh sa bhliain 2010. Barrscéalta Dé Máirt 14 Meán Fómhair 11.02 am Raidió na Gaeltachta, Inniu craolfar an clár beo ó Oideas Gael i nGleann Cholmcille ar ocáid 100 bliain ó saolaíodh an tAthair Séamus Mac Duibhir a rugadh i gCill Riain sna Gleanntaí i 1910. Ba cheannródai é a tharraing aird na tíre ar pharóiste Ghleann Cholm Cille áit ar chaith sé cuig bliana déag agus fiche mar shagart. Bhunaigh sé go leor tograí san Iardheisceart, cuid atá ag feidhmiú go fóill, le stop a chur le taoide an imirce. Ina measc sin a raibh aithne acu air agus a bheidh le cluinstin ar an chlár beidh Liam Ó Cuinneagain ó Oideas Gael agus sagart paróiste Chill Chartha an tAthair Éamonn Ó Gallchóir a chaith cuig bliana ina chuideachta sa Ghleann. Barrscéalta Dé hAoine 17 Meán Fómhair 11.02 am Raidió na Gaeltachta Clár speisialta ar an Athair Mícheál Mac Suibhne a d’éirigh as a chuid dualgaisí mar shagart paróiste i nGaoth Dobhair ar na mallaibh. Raidió Teilifís Barrscéalta i nGleann Cholm Cille: An tAthair Séamas Mac Duibhir ag caint le hoibrí óg i nGleann Cholm Cille An tAthair Micheál Mac Suibhne, iarshagart paróiste Ghaoth Dobhair Meon na mBan: Beidh an láithreoir teilifíse Bláthnaid Ní Dhonnchadha ag trácht ar mhórcheisteanna bhantracht na linne seo Rónán Beo @3 3pmMáirt go hAoine Raidió na Gaeltachta Tá Rónán Mac Aodha Bhuí as Cois Cláidí agus foireann Rónán Beo @3 ar ais ar an aer tar éis saoire an tsamhraidh. Tá an clár á craoladh beo ó stiúideó Dhoirí Beaga 3pm - 5 pm, Máirt go hAoine. D’éadfadh rud ar bith tarlú ar an chlár seo agus Rónán agus a Micheál Mac Aoidh as Inis Bó Finne ag caint is ag comhrá le Rónán. Ná déanaigí dearmad ach an oiread ar Mhary Aggie a bhíonn le cloisteáil achan Aoine. Rónán Mac Aodha Bhuí as Cois Cláidí, bunaitheoir agus Ard Rí ar an Chiorcal Chraiceáilte, a chuireann an clár i láthair agus is é Dónall Mac Ruairí as Rann na Feirste léiritheoir an chláir. Rónán Beo agus a chriú ar ais ar na haertonnta

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3