Goitse, Nollaig 2013

Uimhir 10 20 Nollaig 2013 Fuarthas Ó Fearraigh ciontach as mí-úsáid gnéasúil le gasraí i nGaoth Dobhair sa bhliain 2002 agus, i mí Meithimh 2011, fuar- thas ciontach arís é as gasraí a éigniú. Tharla cuid de na hionsaithe sin i ndiaidh 2002, nuair a bhí sé ar liosta ciontóirí gnéis ag an Gharda agus ag Feidhmeann- acht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Sin an fáth go raibh an tAire Shatter ar lorg na tuarascála. Bhí dualgas ar an Gharda Síochána agus ar an FSS páistí a chosaint agus bhí sé soiléir ag an dara cás cúirte go raibh teacht ag Ó Fearraigh ar íobart- aigh úra in ainneoin na dtreoir- línte a bhí leagtha síos do na húdaráisí. Nuair a cuireadh ceisteanna ar an Aire sa Dáil faoin mhoill a bhí leis an tuarascáil, eisíodh ráiteas go raibh an seans ann go mbeadh cásanna eile coiriúla ag éirí as fiosrúchán na nGardaí agus nárbh fhéidir an tuarascáil a eisiúint dá bharr sin. Ba iad Thomas Pringle agus Piaras Ó Dochartaigh a chuir na ceisteanna ar an Aire. Ar lean ar lch 3 Patsy Dan Mac Ruairí — Rí na Scuaibe J 6 Guíonn Goitse Beannachtaí na Nollag agus Bliain Úr Mhaith ar ár gcuid léitheoirí Ceist gan freagairt Tá sé chóir a bheith dhá bhliain go leith ó d’iarr an tAire Dlí agus Cirt ar Choimisinéir an Gharda Síochána tuarascáil a ullmhú faoi chás Mhícheál Ó Fearraigh agus, go fóill, níl tasc ná tuairisc ar an tuarascáil sin. An tAire Dlí agus Cirt Alan Shatter Tá ceisteanna curtha ar an Aire ag na Teachtaí Piaras Ó Dochartaigh agus Thomas Pringle maidir leis an mhoill atá ar ar eisiúnt na Tuarascála. Oíche Chéadaoine agus muid ag déanamh réidh leis an nuachtán seo a chur chuig an chlódóir, bhuail ceann de na stoirmeacha is measa sa chuid seo tíre le 30 bliain cósta thiar na hÉireann. Tuairiscíodh go raibh luas 150 km san uair leis an ghaoth ar Árainn Mhór agus cailleadh an aibhléis in áiteacha i nGaoth Dobhair ar feadh chúpla uair an chloig. Tuigtear go bhfuil damáiste struchtúrtha déanta do fhoirg- nimh ar fud na contae agus go bhfuil foirne as Bord Soláthar Leictreachais amuigh ag obair go dian ag cóiriú cáblaí a séideadh anuas sa stoirm. Tá sneachta tuartha fosta don cheantar sa chúpla lá atá romhainn. Oíche na gaoithe móire Saor in aisce sna trí paróistí NA ROSA • GAOTH DOBHAIR • CLOCH CHEANNFHAOLA goitse.org An Bleachtaire Siamsaíochta @ an Chabaret Craiceáilte J 13 Mairéad Ní Mhaonaigh agus Cití Eoin Éamoinn ag seoladh clár imeachtaí Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy i dToigh Hiúdaí Bhig ar an Bhun Bheag. Féach scéal agus grianghraif ar leathanach 14 Cuairt Dhaidí na Nollag J 13 Gradam Tony J1 6

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3