Goitse, Nollaig 2013

Le teacht agus imeacht taoide, char fágadh cloch os ceann cloiche le roinnt seachtainí anuas anois o thaobh na hoibre atá tugtha chun críche, thart fá cheantar na trá agus na céibhe i Machaire Rabhartaigh. Bhí Coiste Thráigh Mhachaire Rabhartaigh ag gníomhú faoi scáth Coiste na Paróiste i nGort a Choirce, ó thaobh a bplean do cheantar na trá a chur i ngníomh. Bá fiontar comhpháirtíochta idir Comhairle Contae Dhún na nGall, Muintireas Thír Chonaill, SOLAS (FÁS), Scéim Tús, agus an dá Choiste pobail áitiúil a bhí mar dhúshraith láidir faoi na forbairtí áirithe seo. Rinneadh uasghrádú suntasach ar an chomharthaíocht sheacht- rach fá cheantar na trá. Tá an chomharthaíocht úr seo fáilteach agus tarraingteach ar fad don tsúil agus iad go huile is go hiomlán i nGaeilge, rud a luíonn isteach leis an cheantar Gaelach. Ar an fhorbairt is tábhachtaí den iomlán, rinneadh infheist- íocht de €85,000, ina raibh luach de €25,000, de obair dheonach mar pháirt de, le corradh is 220m de bhealach coise a fhorbairt ó Bharr na Mullach, síos taobh leis an Ionad Pobail ag críochnú ag carrchlós na trá. Ag labhairt dí ar na forbairtí seo, dúirt Máire Mhic Pháidín, Cathaoirleach Coiste na Tráigh; “D’obair Coiste na Trá agus Coiste na Paróiste as lámh a chéile leis an maoiniú áirithe seo a aimsiú. Tá lúcháir mhór orainn go bhfuil lorg dearfach fágtha ag na forbairtí fiúntacha seo ar cheantar na trá. Is cinnte go gcuirfidh na hoibreacha seo go mó, le háilleacht nádúrtha an cheantair.” 2 Goitse 20 Nollaig 2013 Go n-éirí go geal le Goitse Infheistíocht €85,000 déanta ar Thrá Mhachaire Rabhartaigh Chun na farraige síos: Ceann de na comharthaí úra atá crochta ag Trá Mhachaire Rabhartaigh mar chuid d’obair forbartha choistí pobail áitiúla. NUACHT NÓTA BUÍOCHAIS Tá lúcháir orainn go bhfuil muid ar ais ag cur seirbhíse nuachta ar fáil don cheantar seo. Ní bheadh, murab é gur chuir na daoine agus na heagraíochtaí ar an liosta thíos (as gach cearn den tír seo agus as thar lear) a lámh ina bpóca agus thug maoiniú dúinn ar an tsuíomh idirlín www.fundit.ie. Tá buíochas ó chroí ag gabháil do achan uile dhuine acu. Tá buíochas ag gabháil fosta do na scríbhneoirí agus grianghrafadóirí uilig a chuir ábhar ar fáil dúinn, do Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair a chuid- igh linn ar achan dóigh leis an tionscnamh seo a chur ar a chosa arís agus d’Fhoras na Gaeilge a thug pórdheontas tacaíochta dúinn ar mhaithe le hathlainseáil Goitse . Go raibh míle maith agaibh uilig. Aonghus Ó hAlmhain Iarla Mac Aodha Bhui Rónán Mac Aodha Bhuí Joseph Bergin Colm Ó Baoill Ruairí Ó Bléine Carmel Ní Bhriain Ciarán Ó Braonáin Séamus Ó Briain Colm Ó Broin Ciarán Ó Brolcháin John Campbell Howard Chu Buíon Fodhla Aodan Ó Cearbhaill Réamonn Ó Ciaráin Donncha Ó Coinn Cuán Mac Conghaíl Rónán Mac Con Iomaire Bronagh Corr Seán Ó Corráin Cormac Ó Cuinn Eibhlín Ní Dhuibhir Ailill & Naoise Ó Domhnaill Damien Ó Dónaill Stephen Óg Ó Dónaill Páid Ó Donnchú Fachtna Ó Drisceoil Seán Ó Duibhir Ray Fallon Criostóir Ó Faolain Carolyn Farrar Emmet Ó Fátharta Seán Ó Fearghail Brian Ó Fearraigh Eileen Ferry Ciarán Mac Fheidhlimidh Alice Flanigan Pól Ó Floinn Seán Ó Gallchóir Conchúr Mac Giolla Eáin Sonia Nic Giolla Easbuig Niall Hackett Andrew Hetherington Bríd Ní hIcí Ionad Naomh Pádraig Seán Ó Luasa Richie Mac Liam Alicja Mankowska Finbar McDonnell Rory McGinley Thomas McGrane Bríd McGrath Bríd Ní Mhaoileoin Siuan Ní Mhaonaigh Liz Morris Gearóid Ó Muilleoir Tom Ó Muireadhaigh Seán Ó Muireagáin Dónall Mac Murchaidh Seán Ó Murchadha Damian Ó Néill Éamonn Mac Niallais Máire Mhic Niallais Áine Nic Niallais Fearghas Mac Nic Ciarán Ó Pronntaigh Rosg Kevin Scannell Cóilín Ó Scolaí Darach Ó Scolaí Séamus Mac Seáin Jake Mac Siacais Peter Tiernan Anaithnid Anaithnid Anaithnid Anaithnid Anaithnid Anaithnid Anaithnid Anaithnid Anaithnid Anaithnid Anaithnid Camáin, sliotair agus brógaí peile— gnáth rudaí a bheadh de dhíth do dheireadh seachtaine ar shiúil as baile le foireann iománaíochta. Ach do thriúir iománaí Faoi 12 as Gaoth Dobhair is é Insulin an rud is tábhachtaí a bhí le pacáil acu agus iad ag imeacht go Gaill- imh do chomórtas iománaíochta a d’eagraigh CLG Micheál Breathnach, Indreabhán, le gairid. Tá triúr de foireann faoi 12 a bhfuil Diaibéiteas Chineál 1 orthu agus tá sé fíor thábhach- tach go ndéanann siad tástáil ghlúcós fola go rialta agus insulin a ghlacadh, ar a laghad 4 huaire sa lá. Fiú amháin ag leath ama, caithfidh siad tástáil ghlúcós fola a dhéanamh le déanamh cinnte nach bhfuil siad ‘íseal’. Ní ligeann na páistí seo don Diaibéiteas cur isteach ar shaol s’acu agus tá siad breá gnóthach i gcúrsaí spóirt sa pharóiste. Imríonn Cian agus Dáithí Óg sacar do Cheiltigh Ghaoth Dobhair agus bíonn Cian ar a rothar go minic le club an Earagail. Tá siad uilig ag imirt peile faoi aois do Ghaoth Dobhair chomh maith. Anuraidh d’imir Dáithí Óg sacair do fhoireann Diaibéiteas na hÉireann san Eilbhéis. Cian, Dáithí Óg agus Laura Mac, triúr a bhfuil Diaibéiteas Chineál 1 orthu ag an blitz iománaíochta a bhí i gConamara le gairid. Camáin, sliotair agus insulin

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3