Goitse, Nollaig 2013

Ar lean ó lch 1 Ach tharla cúpla cás cúirte eile ar na mallaibh atá ag cur bhuartha ar dhaoine atá ag plé leis an chás seo síos fríd na blianta. Chuaigh an Garda Síochána chuig an Chúirt Dúiche ar na Gleannta ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair, ag iarraidh cead déanamh ar shiúl le ábhar a fuarthas ag teach Uí Fhearraigh. I measc na rudaí a luaíodh sa chás sin, bhí na céadta dlúth- dhioscaí agus DVDanna, chomh maith le trealamh taifeadta, ceamaraí, agus guthán póca. Agus fuarthas Ó Fearraigh ciontach ar 11 Nollaig as 15 ionsaí eile gnéis in éadan gasúir eile idir 1984 agus 1987. Bhí an gasúr 13 bliain d’aois ag an am gur tharla an chéad ionsaí. Tá imní ar dhaoine atá ag plé leis an chás seo agus atá ag tabhairt tacaíochta do na híobartaigh nach bhfuil cothrom na féinne ar fáil do na híobartaigh. Dúirt duine acu siúd le Goitse Dé Céad- aoine go bhfuil imní air go bhfuil sé “níos práinní ag na húdaráisí fianaise a chur ar ceal in áit cothrom na féinne a fháil do na híobartaigh.” “Tá sé in am acu cearta daonna na n-íobartach a chosaint agus dlíthe chosaint páistí an stáit a chur i bhfeidhm,” a dúirt sé, ag déanamh tagairt don iarratas a rinne an Garda Síochána sa Chúirt Dúiche. Dúirt Thomas Pringle go raibh ceist eile curtha os comhair an Aire aige le seachtain anuas agus go bhfaighidh sé freagra air ag tús mhí Eanáir ach dúirt sé go raibh sé soiléir go raibh an mhoill ar an tuarascáil ag cur le fulaingt na n-íobartach sa chás seo. Tá sé ráite fosta ag duine eile a bhíonn ag plé leis na híobartaigh go bhfuil seisean den bharúil nach bhfuil cur chuige ar bith insna húdaráisí maidir leis an scéal seo. “Níl náire ar bith orthu,” a dúirt se. “Is féidir le Ian Elliot tuarascáil i ndiaidh tuar- ascála a thabhairt amach faoi chúrsaí mhí- iompair i nDeoisí agus in Oird san Eaglais Chaitliceach agus gan aige ach foireann bheag agus níl an Garda Síochána ábalta tuarascáil a eisiúint ar dhuine amháin.” Bhéarfaidh an Breitheamh John O’Hagan a bhreithiúnas ar iarratas na nGardaí an mhí seo chugainn. Goitse 20 Nollaig 2013 3 Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair Nollaig 2013 FÓGRA TÁBHACHTACH Tá Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair Seasmhach agus Sábháilte Maidir leis an fhógra a rinneadh le gairid fá Chomhar Creidmheasa an Droichid Nua (Newbridge Credit Union) Níl aon bhaint aige seo le Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair. Tá gach Comhar Creidmheasa neamhspleách, ó thaobh airgid de, ó gach Comhar Creidmheasa eile. Tá do chuid airgid sábháilte i gComhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair agus tá ár gcúrsaí airgid i staid mhaith. Tá daoine oilte i mbun bhainistiú an Chomhair Creid- mheasa agus tá ár bhfoireann i gcónaí réidh le cuidiú leat má tá ceist ar bith agat. Tá Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair láidir agus sábháilte. Tugann an Comhar Creidmheasa aire do do chuid airgid agus cuireann muid iasachtaí an-réasúnta ar fáil do na baill uilig. Seo mar is mian leo leanúint ar aghaidh: ag tabhairt aire do leas ár mball uilig. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Fógra ón Bhord Stiúrtha Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair Teresa Skillan agus Mary Donie Uí Ghallchóir ag Dinnéir na Nollag in Áislann Rann na Feirste. Beart de réir briathar Ní minic a tharlaíonn sé go labhraíonn státseirbhíseach sinsearach amach go glan soiléir faoi nádúr an stáit agus is annamh ar fad an rud é nuair a deir Ombudsman stáit go bhfuil cur i gcéill lárnach i bpolasaí an stáit maidir leis an ghné de shaol an stáit a bhí fána chúram. Ach sin díreach an rud a rinne Seán Ó Cuirreáin, an Coimisinéir Teanga, níos mó ná coicís ó shin nuair a d’fhógair sé go raibh rún aige éirí as a phost i mí Feabhra, dhá bhliain sula raibh a thréimhse sa phost críochnaithe. Luaigh sé an “cur i gcéill” atá go soiléir sna polasaithe atá ag gach rialtas a bhí i gcumhacht ón am gur bunaíodh an stát, polasaithe a d’fhág an Ghaeilge “imeall- aithe” sa státchóras. Níorbh iontas ar bith é do dhuine ar bith a lean an méid a bhí le rá ag an Choimisin- éir le blianta beaga anuas. Mar shampla, ag tús mhí Mheán an Fhómhair, agus é ag caint ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, labhair sé ar “an dualgas teanga sa Ghael- tacht a cuireadh ar athló go soiniciúil bliain i ndiaidh bliana, ar a laghad 54 uair suas go dtí 1966.” Tá a fhios againn uilig nach bhfuil seirbhísí ar fáil as Gaeilge sa Ghaeltacht, cé go bhfuil sé ráite arís agus arís eile ag rialtas i ndiaidh rialtais gur sin an aidhm atá acu. Níor tharla sé riamh. De réir na saineolaithe teangeolaíochta, níl ach 25 bliain nó mar sin fágtha go dtí go raibh an Ghaeltacht marbh muna gcuirtear polasaithe fiúntacha cumasacha i bhfeidhm leis an teanga a chaomhnú. Ceapadh Seán Ó Cuirreáin lena chinntiú go raibh an rialtas ag déanamh beart de réir a mbriathar. Ní bhfuair sé tacaíocht ar bith ón rialtas seo, nó ón rialtas a bhí i gcumhacht roimhe sin. Ní féidir le páirtí ar bith bheith ag maíomh go bhfuil jab níos fearr déanta acu ná an rialtas seo maidir le seirbhísí as Gaeilge a chur ar fáil sa tSeirbhís Phoiblí. Tá sé cruthaithe ag Seán Ó Cuirreáin nach bhfuil sin fíor. Níl pointe ar bith le déanamh ag Fianna Fáil nó Páirtí an Lucht Oibre sa chás seo mar tá siad féin chomh ciontach is atá Fine Gael as an neamart a rinneadh ar an Ghaeilge. Níl dabht ar bith ann go mbeidh Sinn Féin ag iarraidh buntáiste pholaitiúil a bhaint as an chás seo ach níl le déanamh againn ach amharc ar na Sé Chontae agus aithint go bhfuil an páirtí sin mar chuid den rialtas ó bhí 2007 ann agus níl iomrá ar bith orthu Acht Teanga a chur i bhfeidhm ansin. Beart de réir a mbriathar? An freagra is coitinne a tháinig ó rialtas Fine Gael agus Lucht Oibre ó d’fhógair Seán Ó Cuirreáin go raibh sé le héirí as a phost ná é a mholadh go hard as an sárobair a rinne sé. Dá mba Ombudsman na bPáistí a bhí ag éirí as a post, ag rá nach raibh tacaíocht Roinn na bPáistí aici agus nach raibh sa reachtaíocht le páistí a chosaint ach cur i gcéill, bheadh trup uafásach ann agus bheadh an Taoiseach ag freagairt ceist- eanna sa Dáil. Níl dabht ar bith ach go mbeadh Aire na bPáistí imithe as a post chomh maith I gcás Ombudsman na Gaeilge, áfach, is beag an difear a rinne sé do shaol polaitiúil na Dála. B’fhíor don Choimisin- éir. Tá an Ghaeilge imeallaithe agus, go dtí go labhraíonn muintir na Gaeltachta agus lucht na Gaeilge ar fud na tíre amach go láidir agus dul i mbun gníomhaíochta ar son na teanga, gheobhaidh sí bás go suaimhneach agus beidh an tír agus saol cultúrtha na nglúnta atá ag teacht inár ndiaidh níos boichte dá réir. Is minic a deirtear gur am cinniúnach atá ann ach, sa chás seo, is é an téarma ceart é. Muna seasann muintir na Gaelt- achta le chéile agus a gcuid cearta a éileamh, tá an cath caillte. Ní féidir le dream ar bith eile an troid seo a dhéan- amh ar ár son. Caithfidh muid féin aird a thabhairt air. Sin, nó glacadh leis go bhfuil an cath caillte agus go bhfuil deireadh leis an Ghaeltacht. Is linne an rogha. ● “Muna seasann muintir na Gaeltachta le chéile agus a gcuid cearta a éileamh, tá an cath caillte. Ní féidir le dream ar bith eile an troid seo a dhéanamh ar ár son”. Eagarfhocal NUACHT Fáiltíonn muid roimh litreacha ónár léitheoirí. Is féidir litir atá le foilsiú a sheoladh chuig litir@goitse.org Seol comhfhreagras ar bith eile chuig eolas@goitse.org nó déan teagmháil ag 086 8476862 Ceist gan freagairt

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3