Goitse, Nollaig 2013

Tony Mac Ruairí ag obair ar léarscáil logainmneacha Rann na Feirste. 4 Goitse 20 Nollaig 2013 Tús curtha le togra logainmneacha Rann na Feirste Tá togra leanúnach ar siúil ag Cumann Oidhreachta Rann na Feirste le bailiúchán cuimsith- each a dhéanamh de logainm- neacha, áitheanna choirce, áitheanna aoil agus áiteacha eile a bhfuil tábhacht ar leith bainteach leo. Tá tús curtha leis an obair seo agus tá léarscáil bheacht den bhaile curtha in oiriúint le haghaidh na hoibre. Beidh an chéad teacht le chéile ag an chumann luath sa bhliain úr leis an togra seo a thabhairt céim eile. NUACHT Rís (i bhfad as Conamara ó) Dora Mí (Conamara) Gearóid Mac Lochlainn (file rubadub Bhéal Feirste) Rónán Ó Snodaigh (Kíla) agus tuilleadh ... 9.30pm Dé Sathairn 25 Eanáir 2014 Tigh Hiúdaí Bhig • Gaoth Dobhair An Chiorcal Craiceáilte — ag eagrú féilte, ceolchoirmeacha agus cabaretanna do na Gaeil ón bhliain 1993 ceiliúr a dh 20 bli a in ’Bhí cliú ar Theach Sheáin Néill ariamh anall mar theach mór airneáil de chuid Rann na Feirste. Tá tábhacht ar leith bainteach le teach Sheáin Néill ó thaobh stair shóisialta Rann na Feirste de agus cliú leitheadach ar chlann Sheáin Néill dá fheabhas a gcuid seanchais agus a mbua i mbun scéalaíochta. Tá léas 30 bliain faighte ag Áislann Rann na Feirste Teoranta ar an teach stairiúil seo agus sé ar intinn againn an teach seo a thabhairt chun beatha arís agus úsáid a bhaint as mar ionad oidhreachta. Ionad oidhreachta beartaithe do Theach stairiúil Sheáin Néill Comhghairdeachas le John agus Síle Curran a rinne ceiliúradh ar a ceathracha bliain pósta ag cóisir i dTeach Sheáin Óig. Sa ghrianghraf leo tá a gclann Conall, Jade, Éamonn agus John Beag.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3