Goitse, Samhain 2010

Samhain 2010 Goιtse 3 Tús curtha le hobair athnuachana ar scoileanna náisiúnta an Bhun Bhig agus an Luinnigh Fuair dhá scoil i bParóiste Ghaoth Dobhair deá-séala le goirid. I ndiaidh 14 bliain ag fanacht ar dheontas ó Roinn an Oideachais, fuair Scoil Chonaill scéala ar na mallaibh go raibh cead acu obair a dhéanamh ar an oirgneamh a bhéarfdh suas chuig an chaighdeán ceart atá leagtha síos ag an Roinn. Tá siad anois bogtha amach as an oirgneamh go dtí Ard- Scoil Mhuire, Machaire Chlochair agus tá, McCann Bros as an Ómaigh, na conraitheoirí ar an scéim, ag obair ar an chóras leictreachais agus ar obair eile tógála. Mhol an tAth. Brian Ó Fearraigh an obair a bhí déanta thar na blianta ag tuismitheoirí agus ag an phobal níos leithne. Chomh maith leis sin, fógraíodh fosta go mbeadh ineistíocht breise de €130,000 á dhéanamh ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i Scoil Adhamhnáin ar an Luinnigh. Beidh deis anois ag Bord Bainistíochta na scoile thabhairt faoi athnuachán iomlán a dhéanamh ar chóras leictreachas na scoile, chomh maith le athnuachan a dhéanamh ar an droch dheisriocht atá ar dhoirse agus ar uinneoga na scoile, ionas go mbeidh siad ag teacht le treoirlínte sábháilteachta na Roinne. Bhí Searmanas ardú an bhrait ghlais ag an scoil an tseachtain seo a chuaigh thart fosta ar an lá a fógraíodh an deontas faoi Scéim Oibreacha Éigeandála de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna. Duirt urlabhraí do Choiste na Scoile go raibh sé millteanach tábhachtach agus riachtanach do thodhchaí sláinte agus sábháilteachta na scoile agus go gciallaíonn sé anois go mbeidh bord bainistíochta na scoile ábalta tabhairt faoina gcuid spriocanna a thabhairt chun críche agus scoil níos sábháilte a chruthú do oireann agus daltaí na scoile agus do na gluntaí aos óg a thiocfaidh ina ndiaidh. Fograíodh fosta le goirid go raibh maoiniú á chur ar fáil le seomraí breise a chur ar fáil i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Féach an t-alt ar an leathanach cúil fá choinne níos mó eolais air seo. Tá deis ag ár léitheoirí dlúthdhiosca úr le DOIMNIC MAC GIOLLA BHRÍDE & GRIOGAIR LABHRUIDH a bhaint. Níl le déanamh ach ríomhphost le d’ainm agus seoladh a chur chuig goitsenuacht@gmail.com le go gcuirfidh d’ainm san áireamh sa chomórtas! COMÓRTAS GUAILLIBH A’ CHÉILE An tAthair Brian Ó Fearraigh, Cathaoirleach Bhord Bhainistíochta Scoil Chonaill, An Bun Beag, ag síniú conartha don obair thógála. Anois cé atá maith daoibh? caidé is brie leis seo? Is maith go bhfuil críochphort úr foscailte i mBÁC - beidh sé de dhiobhail! Más mall féin is mithid. . .

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3