Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Sióga | Áiteanna uaisle ina raibh na sióga le feiceáil. Áit Cró na nUan, deirtí go mbíodh na slua sí le cloisteáil go minic ann, ag ceol agus ag caoineadh. Ní chreideann na daoine iontu anois. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Imirce | Ag imeacht go Meiriceá: Bád Shligigh a shuíodh ag béal Ghabhla agus thógfadh siad paisinéirí as na Rosa agus as Gaoth Dobhair, ar a mbealach go Meiriceá. A chuimhne ar an bhealach go Meiriceá. A chuimhne ar an ‘American Wake.’ Go leor daoine a d’imigh gan philleadh arís. | |
| Stair an Teaghlaigh | Seanchas an teaghlaigh: An scéal faoi bheirt deartháireacha, Séan agus Pádraig Mac Grianna, an Tearmainn, Rann na Feirste. £5 in 1736. Bhí 5 scilling de chíos sa bhliain air. Roinn siad an baile ina dhá chuid. Anois tá Carraig a’ Choill (taobh thoir den bhaile), na hAcairí (taobh thiar den bhaile), Tóin an Bhaile in íochtar an bhaile agus Barr an Bhaile. | |
| Imirce | Cur síos ar an am a d'oibrigh sé in Albain agus iad ag siúl mílte ó fheirm go feirm, ag luí amuigh ar thaobh cruach féir san oíche nuair nach raibh rogha ar bith eile acu. Bhíodh obair acu ag tanú na dtornapaí. Gheofá dídean in ‘model’ dá mbeadh conamar beag airgid agat. Chodlaíodh daoine ar na rópaí in 'models'. Bhí a gcuid bia féin le ceannach agus le cócaireacht acu. | |
| Stair an Teaghlaigh | Ginealas/ Muintearas - ag gabháil siar sé ghlúin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Bunadh na hÁite | Seo eolas John Ghráinne ar an scéim a bhunaigh an rialtas 1935–1937. Tugadh talamh agus tithe do theaghlaigh i gCo. na Mí agus d’fhág teaghlaigh Chonamara, Rann na Feirste agus Ghaoth Dobhair agus shocraigh siad i gCo. na Mí, áit ar fhás Gaeltacht úr. D’imigh dream Rann na Feirste 14 Aibreán 1937. Chuaigh níos mó de dhream Chonamara go Co. na Mí in 1935. Briseadh a gcroí le cumha. | |
| Bunadh na hÁite | Na daoine a d’fhág Rann na Feirste faoi scéim an Rialtais, d’imigh siad go Co. Na Mí. Tugadh dhá acra agus fiche – cúig acra agus fiche do gach teaghlach, tithe, beithígh agus cúpla eallach. D’imigh cuid acu go hAlbain ina dhiaidh sin, theagasc cuid acu Gaeilge agus d’imigh cuid acu san airm. Bhí dúshlán rompu nuair a chuaigh siad ansin, bhí corr scirmis idir na daoine a shocraigh ansin agus muintir na Mí. Shocraigh cuid acu go maith ach níor shocraigh daoine eile ariamh. Bhí cumha orthu i ndiaidh an bhaile. Tháinig siad ar ais chomh minic agus a thiocfadh leo ach tugadh na tithe ar shiúl. | |
| Bunadh na hÁite | Mar a tháinig na chéad Duibheannaigh go Rann na Feirste: Conall Ó Duibheannaigh - ghlac sé scilling na banríona agus ba é an chéad Duibheannaigh i Rann na Feirste. | |
| Bunadh na hÁite | D’imigh John é féin go Baile Átha Cliath ag obair. Ba ghnách leis dul ar cuairt chuig dream Rann na Feirste a bhog go Co. na Mí ar a ghearrán iarainn (rothar). Chonaic sé féin an chumha a bhí ar na daoine sin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Comparáidí idir na Glúnta | Athrú mór ar an áit agus ar na daoine. Tá an Ghaeilge ag meath agus anois ní thuigtear na nathanna cainte nó na focail a bhíodh in úsáid san am sin. | |
| An Óige agus Aois | Nuair a thosaigh sé ag caitheamh toitíní “woodbines”. Thosaigh sé nuair a bhí sé ar an scoil, d’iarradh siad cead ar an mháistir le dhul amach 'na leithris. Is iomaí uair a bheir an máistir orthu agus iad ag caitheamh. | |
| An Óige agus Aois | Bhain sé sult as an tsaol, tá saol maith aige anois ach is iomaí uair a smaoiníonn sé ar an tsean-am. An ragaireacht san am sin. Bhí bróga acu don Domhnach nó dá mbíodh siad ag imeacht chuig an Lagán. | |
| Comparáidí idir na Glúnta | Saol eile ar fad a bhí ann san am sin, bhí an saol níos crua ach bhí siad ábalta cur suas leis. Chaitheadh siad imeacht ar imirce agus obair, ní raibh rogha ar bith acu. Measann sé nach mbeadh an aos óg ábalta a leithéidí a dhéanamh anois. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Treabhadh agus Rómhar | An Fómhar - cuntas speisialta ar thógáil cruach fudair. Bhí go leor den obair le déanamh ag na mná agus ag na páistí nuair a d’imíodh na fir go hAlbain le hobair a fháil. |
|
| Bia agus Deoch | Béilí an lae a bhíodh acu, bhíodh siad ina suí luath ar maidin. Bhí cuid mhór oibre le déanamh. Bhíodh siad amuigh ó dhubh go dubh san earrach. An cineál bí a bhíodh acu. Ag róstadh prátaí ar an tine agus a n-ithe le bainne na bláithe agus scadáin úra. | |
| Móin | An Mhóin- meitheal Móna, nuair a thagadh cúpla fear le chéile. Thugadh cúpla fear lá d'fhear eile le hobair na móna a dhéanamh agus ansin dhéanadh siadsan an rud céanna dósan. Níor chosain an obair a dhath daofa. Cur síos maith ar an obair. | |
| Bia agus Deoch | Bhí scadáin úra acu i ndiaidh na Samhna. Cur síos ar an phróiseas nuair a bhíodh siad ag sailleadh scadáin sa pheicilt (sú scadáin). Scadáin ghoirt. Bhí a lán éisc acu, bhrath siad ar an iasc. Bhí fear ar an bhaile á ndíol. | |
| Bia agus Deoch | Bhí siad deas den chósta agus bhain siad slabhac, creathnach agus bia eile na farraige. Bia iontach folláin a bhí acu agus arán na mine buí, bhí an plúr daor mar sin d’úsáid siad an mhin bhuí. Bhí bainne acu féin, ní raibh ocras ariamh orthu. Bhí saol simplí acu, ní hé mar atá anois. | |
| Prátaí | Talmhaíocht/Ag cur barr: Cuntas ar chur na bprátaí: ag leagadh na scoilteán. Cléibh aolaigh leis na prátaí a leasú, cléibh feamainne á iompar aníos ón chladach agus á bhualadh ar an iomaire. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Amhránaíocht | Amhrán: 'Méilte Cheann Dubhrann' a chum Séamus Mac Grianna. | |
| Logainmneacha | Logainmneacha: An Poll Dóite i Rann na Feirste. Míniú ar an ainm agus ar an chúis ar tugadh sin air. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Comharthaí Aimsire | Comhartha aimsire: Nuair a théadh na caoirigh suas go barr an chnoic ba chomhartha é go raibh aimsir mhaith ag teacht. Comharthaí éagsúla: difir idir cith agus bailc. Cith agus dealán. |
|
| Stoirmeacha agus Gaotha Móra | Oíche na gaoithe móire in 1946 - bhain sé an díon de theach pobail Anagaire, stoirm eile in 1927 a scrios díon choláiste Rann na Feirste. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Obair | Ag leasú an talaimh: obair leathaigh, scáth bhuí agus obair feamnaigh. | |
| Obair | Na gléasanna/trealamh a bhí acu ag baint an fhómhair. speal ná corrán agus ag cur faobhair orthu leis an chloch fhaobhair. Bhí speal úr le casadh ar dtús. | |
| Obair | Cur síos ar thógáil cruaiche: pionnán, bacán, sceimeall (an áit a dtosaíonn an chruach ag teacht isteach ar bharr na cruaiche). Dlaíóg mhullaigh: - sop féir a chuirtear ar bharr na cruaiche leis an fhearthainn a stopadh de bheith ag dul síos fríd. Fód feannóige a thugtar ar an fhód mhullaigh ar bharr chruach na móna. Maide Mullaigh: ar bharr díon tí. Focail nach bhfuil mórán sa chaint níos mó, reiteall: - líne nó ‘track’ a bhaintí lé spád. |
|
| Tithe Leanna | Teach Hughie Néill i Mín na Leice, ina dtéadh siad uilig nuair a bhíodh Aonach Jack ar siúl, sin Teach Leo anois. Bhíodh bia agus deoch ar fáil ann. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Míonna na Bliana | Laethanta na míosa agus an aimsir: Ruaiteach an Mhárta - triomaíonn an talamh. Aibreán: 'Achan dara lá ó mo lása amach' a dúirt Naomh Bríd agus dúirt Naomh Pádraig 'achan lá ó mo lása amach'. Scairbhe na cuaiche. Laethanta lomartha loinn. An Bhealtaine: screig na Bealtaine. Féile Eoin: Bailceanna na Féile Eoin. Mí na Súil Buí. Meitheamh:-Mí mheáin- Ná mol agus ná cáin an barr go dtí go gcríochnóidh mí an mheáin. Lúnasa: ceo bhán an Fhómhair. Meán Fómhair: Gaoth na Féile Mícheáil. Laethanta na Riabhaigh: D’iarr an tAibreán lá nó dhó breise ar an Mhárta leis an tseanbhó a mharú, (an Riabhach an tseanbhó). |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Scaipeadh Nuachta agus Eolais | Ba mhór an difear a rinne leictreachas do Rann na Feirste in 1955 - An chéad raidió (wireless i rith am an chogaidh) i Rann na Feirste. | |
| Aontaí | Aonach Jack i Mín na Leice – cur síos ar a chuimhne ar an aonach. Bhí dhá theach tabhairne i Mín na Leice agus ba ann a bhlas John a chéad bhuidéal leanna agus é ina stócach óg. Scéalta aige faoin am seo. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer