Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Imirce | Cur síos ar an am a d'oibrigh sé in Albain agus iad ag siúl mílte ó fheirm go feirm, ag luí amuigh ar thaobh cruach féir san oíche nuair nach raibh rogha ar bith eile acu. Bhíodh obair acu ag tanú na dtornapaí. Gheofá dídean in ‘model’ dá mbeadh conamar beag airgid agat. Chodlaíodh daoine ar na rópaí in 'models'. Bhí a gcuid bia féin le ceannach agus le cócaireacht acu. | |
| Stair an Teaghlaigh | Ginealas/ Muintearas - ag gabháil siar sé ghlúin. | |
| Imirce | Na Gorbals: na hÉireannaigh sna 'Gorbals' i nGlaschú, bhí tithe tábhairne ansin ina mbíodh na hÉireannaigh istigh iontu. | |
| Teangacha á labhairt in Éirinn | Meath na Gaeilge: Measann John go bhfuil an Ghaeilge ag meath. Níl daoine ag comhrá i nGaeilge níos mó agus má thagann sí ar ais, is Gaeilge na leabhar a bheas ann. | |
| Imirce | A chuimhne ar bhád Dhoire ‘An Rose’ nuair a bhí daoine, eallach agus cearca ar an bhád agus é ag dul go hAlbain. Bhíodh boladh uafásach ar an bhád agus bhíodh daoine tinn air. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Bunadh na hÁite | D’imigh John é féin go Baile Átha Cliath ag obair. Ba ghnách leis dul ar cuairt chuig dream Rann na Feirste a bhog go Co. na Mí ar a ghearrán iarainn (rothar). Chonaic sé féin an chumha a bhí ar na daoine sin. | |
| An Teach Cónaithe | Bhí lampaí beaga crochta ar thaobh an bhalla acu. Chuirtí ola iontu. | |
| An Teach Cónaithe | In 1933 cuireadh deontais ar fáil, in 1934 fuair a athair deontas le teach úr a thógáil, £85 a fuair siad, cheannaigh siad an t-ábhar uilig don teach ar an Bhun Bheag. Bhí trí sheomra agus cistin acu. Fear sa chomharsanacht a rinne an obair. Chosain an teach £150. Bhí bóitheach cearc le tógáil i gcuideachta an tí úir. Bhí doras na gaoithe agus doras an fhoscaidh acu. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Obair | Cur síos ar thógáil cruaiche: pionnán, bacán, sceimeall (an áit a dtosaíonn an chruach ag teacht isteach ar bharr na cruaiche). Dlaíóg mhullaigh: - sop féir a chuirtear ar bharr na cruaiche leis an fhearthainn a stopadh de bheith ag dul síos fríd. Fód feannóige a thugtar ar an fhód mhullaigh ar bharr chruach na móna. Maide Mullaigh: ar bharr díon tí. Focail nach bhfuil mórán sa chaint níos mó, reiteall: - líne nó ‘track’ a bhaintí lé spád. |
|
| Tithe Leanna | Teach Hughie Néill i Mín na Leice, ina dtéadh siad uilig nuair a bhíodh Aonach Jack ar siúl, sin Teach Leo anois. Bhíodh bia agus deoch ar fáil ann. | |
| Obair | Cur síos ar a chuid ama i mBaile Átha Cliath. Obair thógála is mó a rinne John ach ba ghnách leis leoraí bainne a thiomáint fosta thart fríd an chathair. D’oibrigh sé fosta i gClochar Bhan Rialta ag sábháil fómhar. Bhí cúpla fear eile ag obair ansin ina chuideachta. Cur síos ar an obair a rinne sé le linn an ama sin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| An Trá | Ag bordáil feamainne. Scáth Bhuí (leathach) a shéideadh an stoirm isteach 'na chladaigh san Earrach. | |
| Comharthaí Aimsire | Comharthaí aimsire, comharthaí ón fharraige, ón ghealach, ón ghrian agus ó ainmhithe agus ó éin. Leagan na spéire, cosa sa ghrian agus scamaill na spéire. Ceobháisteach an fhómhair. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Logainmneacha | Logainmneacha agus áiteanna uaisle sa cheantar - siógaí, táis agus taibhsí. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Aontaí | Aonach Jack, Mín na Leice/ Aonach an Chlocháin Leith - a chuimhne ar laethanta na n-aontaí. Aonach beag an tsíl i Mín na Leice i rith mhí Aibreáin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Seanchas faoi Bhlí na mBó | Gruth Buí: bainne a bhíodh ag an bhó i ndiaidh dí breith a thabhairt. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Damhsa | Caitheamh aimsire a bhíodh aige nuair a bhí sé i mBaile Átha Cliath agus na daoine a chastaí air, théadh sé chuig damhsaí, bhí go leor le fáil i mBaile Átha Cliath. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Taibhsí | Slua sí - Fear a cailleadh (bádh) agus bhí ceol le cluinstin ar feadh bliana ina dhiaidh sin. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer