Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Jimí Ó Gallchóir | ![]() |
Áit Chónaithe: | Caiseal na gCorr, Gort an Choirce, Gort an Choirce, Cloch Cheann Fhaola. | |
Áit Dúchais: | Caiseal na gCorr |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Cineálacha Aimsire | Athrach atá tagtha ar an aimsir. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Uainíocht Bhliantúil na mBarr | Am agus dátaí le haghaidh na curaíochta. An t-am is fearr le treabhadh, prátaí (scoilteáin) agus coirce a chur. | |
Prátaí | Ag cur prátaí agus ag cur leasú agus clúdach orthu. | |
Ceirdeanna agus Cothú an Tí | Athrú a fheiceann Jimmy ar an tsaol. Scéal faoin fhear ag dul chun an aonaigh. | |
Móin | Nathanna cainte a bhaineann leis an phortach. Cur síos maith ar oibriú na móna. Ag lomadh bachtaí, ag páráil, ag tiontú (an mhóin a stálú). | |
Treabhadh agus Rómhar | An t-earrach agus obair ar an talamh. | |
Prátaí | Ag scoilteadh na bpréataí, cur síos maith ar obair thalaimh - treabhadh, fuirseadh agus ag cur na bpréataí, scoilteáin agus ag sábháil an fhéir. | |
Muca | Ag tabhairt aire de na muca. | |
Snaoisín | Ag caint ar na mná ag caitheamh snaoisín agus píopaí. | |
Ceirdeanna agus Cothú an Tí | Athrach mór tagtha ar an tsaol, an obair a bhíodh á déanamh acu, an t-éadach a chaití agus an táilliúr a bhí thall in Edinburgh. | |
Tuíodóireacht | Na cineálacha tithe a bhíodh acu agus ag cur tuí orthu. Tithe ceanntuí, cineálacha tí a bhí ann, cuntas speisialta maith ar chur tuí ar na tithe agus ar shábháil an líon a d'úsáidtí le tuí a chur ar na tithe. | |
Seanchas faoi Bhlí na mBó | Eadra, obair a dhéantar roimh am scoile m.sh. buachailleacht agus eallach. | |
Uainíocht Bhliantúil na mBarr | Ag obair sa bhaile ag cur barr. Nuair a d'fhág sé an scoil, rinne sé píosa feirmeoireachta, ag curaíocht. Insint mhaith ag Jimmy ar chur an bhairr agus ar na dátaí a gcuirtí na prátaí agus an coirce. Baint na móna fosta. Dhíoltaí na prátaí i Rann na Feirste, Anagaire, Mín an Chladaigh agus Gaoth Dobhair. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Aontaí | Aontaí sa cheantar - Aonach Robertson ar na Crosbhealaigh, Aonach Ghort an Choirce agus Aonach an Chraoslaigh. Ag díol eallaigh agus muc. | |
Iompar Nua-Aimseartha | Stáisiún Chaiseal na gCorr, a chuimhne agus stair an stáisiúin, ag tabhairt ar shiúl móna agus agus ag tabhairt isteach cocháin. Ba 'Hectric Máistir' an Stáisiúin a bhí ann. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Stair an Teaghlaigh | Bunadh a mhuintire. Tháinig bunadh a mhuintire as Dún Lúiche thart fá Ionad Cois Locha. Ba de mhuintir Anna Ní Ghráinne (táilliúir) a mháthair mhór. Tá cuid den dream thart fá Chois Cladaigh go fóill. | |
Teangacha á labhairt in Éirinn | Meath na Gaeilge. Ag caint ar an mheath atá tagtha ar an Ghaeilge - An tionchar atá ag stráinséirí ag teacht isteach sa cheantar ar an teanga. An Béarla flúirseach. | |
Imirce | Daoine ag imeacht ar imirce, Droichead na nDeor. Ba ghnách le daoine siúl chuige sin leis na daoine a bhíodh ag imeacht ar imirce agus scarfadh siad ansin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Spailpíní | Ag imeacht go hAlbain. Cur síos ar an tsaol a bhí aige thall agus é in Albain. D'oibrigh sé ar fheirmeoireacht in Albain in 1949, bhí an obair fairsing. D'imigh se ansin go Londain agus bhí sé ag déanamh obair thógála ag an aerfort. | |
Rangú na hOibre | An obair a bhíodh á déanamh ag na mná an t-am sin. Tá cur síos aige ar thuirne, ag déanamh éadaí, geansaithe, stocaí, cuilteanna agus pláinceid, obair tí agus obair taobh amuigh. Dhíoltaí moll de na hearraí seo ag na haontaí. | |
Éadach Úr | Ag fáil éadaí ón táilliúr. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Logainmneacha | Míniú ar an ainm 'Caiseal na gCorr'. Ballóga seanchaisleáin a bhíodh ann ina óige agus chruinníodh na corra ansin (ainm eile ar fhaoileoga). Roinneadh an áit ina cheithre chuid ó shin: Mín an Bhuí, Mín an Leá, Mín na Craoibhe agus Caiseal na gCorr. | |
Seanfhocail agus Nathanna Cainte | Seanráiteas - 'cíos agus gearradh agus beithíoch sa cheárta'. Ba ghnách leo sin a rá fadó le cur síos ar an méid airgid a caitheadh i rith na bliana agus ar an méid a bhí fágtha ag deireadh na bliana. | |
Seanfhocail agus Nathanna Cainte | Seanfhocail. Go leor seanfhocal agus nathanna cainte aige anseo - ruóg, feamhnóga, tonnóg (uachtar an chléibh ar an asal), ainmhí a thabhairt chun caidire (amach ar fhéar nuair atá siad ag fáil bháis), le biseach a dhéanamh daofa. | |
Seanfhocail agus Nathanna Cainte | Seanfhocail-2. Seanfhocail agus nathanna cainte - sluidín (giota slata as faoi na feamhnóga), cnead (ainmhí tinn, gan anall a bheith leis), rideal (in úsáid le coirce le réiteach leis an tsalachar, lochan a shéidtí ar shiúl. Caithleach a thugtaí air seo.) |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Óige agus Aois | A óige agus an saol ansin. An saol mar a bhí ina óige. Rugadh agus tógadh i gCaiseal na gCorr é. Bhí saol simplí ach crua acu. Cur síos ar oícheanta airneáin agus ar an fhear léannta a léadh na páipéir do na seandaoine uilig. | |
An Tórramh | An cosán a ghlactaí le coirp fadó. Nuair a bhíodh corp ag teacht as Dún Lúiche go Gort an Choirce, thugtaí anuas chuig Teach an Gheafta i bhFán an Bhuí é. Bhí ceangal láidir idir Dún Lúiche agus Caiseal na gCorr. Carr agus beithíoch a d'úsáid siad san am. Bhíodh na daoine ar dhroim bheithígh agus an chónair ar an charr. | |
Freastal ar an Fhaire | Na nósanna a bhíodh acu ag fairí fadó; ag díol coirce, ina suí ó oíche go maidin le cuideachta a choinneáil le chéile. | |
Reiligí Áitiúla | Seanchas ar theach pobal agus reilig Ghort an Choirce - an chéad duine a cuireadh sa tseanreilig. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Teach Cónaithe | An t-athrach a tháinig le leictreachas. Tháinig athrach mór ar an tsaol nuair a tháinig an leictreachas. Tá i bhfad níos lú oibre le déanamh anois ná mar a bhíodh an t-am sin. Tá airgead, solas, uisce agus meaisíní níocháin ann anois. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer