Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Seanchas faoin Iascaireacht | Ag déanamh na bpotaí gliomach iad féin san Earrach le slatacha. Bhí na slatacha le camadh ar dtús. Ní raibh airgead mór a shaothrú ar na gliomaigh. Nuair a bhíodh an séasúr thart, chaití an geimhreadh ag cóiriú na heangacha. Cur síos ar sin agus na uirlisí a bhí á úsáid acu (snáthadán agus mugarlán). | |
| Ainmhithe, Beithígh agus Eallach | Shiúladh siad na beithígh amach an Chlocháin i ndiaidh an rabharta mór Lá Pádraig le hiad a thabhairt go dtí an chearta i nGort an Choirce. Bhíodh rásaí amach an Clochán acu leis na beithígh agus isteach an oileáin arís an oíche sin. Ní raibh gabha ar bith ar an oileán agus thagadh siad amach ag Peadar Beag (Ó Domhnaill) i gCill Ulta nó chuig Mícheál Mac Giolla Chomhaill ar an Ardaí le crúite a chur ar na beithígh. Deir Jimeile gur chaith Peadar seachtain le Cathal (Charlie) Daly nuair a bhí sé ar a sheachnadh sular beireadh air. An oíche ar beireadh ar Chathal agus a rinneadh an spiadóireacht air. | |
| Iascaireacht | Iascaireacht scadán i dTeileann. A thuairimí ar mar a tháinig deireadh le iascaireacht na scadáin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Snámh | Bhí léir de na hiascairí nach raibh snámh ar bith acu. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Oileáin | Muintir Inis Bó Finne agus muintir Thoraigh agus an craic a bhíodh acu. Rachadh dream amháin ag an dream eile, bhíódh aifreann ar dtús agus ansin damhsa i rith na hoíche. Ní raibh cead ólachán ar bith a bheith acu, bhí an sagart in a éadan. Ansin dhéanadh siad an rud céanna ar an oileán eile ina dhiaidh sin. An muintearas maith a bhí eatarthu. | |
| Comharthaí Aimsire | Comharthaí aimsire: smúid ar an ghrian, bheadh ceobhrán ann. | |
| Oileáin | Tréigeadh an oileáin sna seascaidí. Measann Séamus gur an scoil is ciontaigh le bánú an oileáin. B’éigean do na scoláirí a theacht amach go tír mór agus fuair siad blas de na rudaí a bhí le fáil amuigh. Ansin lean teaghlach amháin teaghlach eile agus níor fágadh duine ar bith istigh. | |
| Comharthaí Aimsire | Madadh gaoithe sa spéir macasamhail tua cheatha gairid. Ba sin comhartha gaoithe. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Obair | An obair a rinne sé nuair a bhí sé óg, ar dtús bhí sé ar fhostú i dteach i Machaire Uí Rabhartaigh ag clann Mhic Pháidín agus bhí dúil mhór aige ansin. Ag buachailleacht a bhí sé. D’fhreastal sé ar scoil ar tír mór nuair a bhí sé amuigh i Machaire Uí Rabhartaigh, bhí sé ar scoil bheag ar an oileán ar dtús. Ní raibh dúil aige sa scoil amuigh ar tír mór, bhí barraíocht eagla air. A scéalta faoin am a chaith sé ar scoil leis an mháistir. |
|
| Obair | Scáth bhuí i mí Bealtaine agus dódh ne ceilpe. An obair a dhéantaí le seo. | |
| Spailpíní | D’imigh sé go hAlbain nuair nach raibh iascaireacht ar bith le déanamh. Ag inse mar a shroich sé thall agus gan a dhath leis ach airgead na hÉireann, ní raibh a fhios aige go raibh airgead eile in úsáid thall in Albain. Chuaigh siad go Falkirk ar dtús agus bhí go leor oibre le fáil, ní raibh mórán de phá ach thart ar £7 sa tseachtain. Bhí sé ag obair le fir as an bhaile thall. Ag obair in scaglann ola, bhí fuath aige ar an obair agus ar an bholadh a bhí ann. Chaith sé bliain thall, bhí sé anonn agus anall na bhaile cúpla uair. Ag stopadh in models a bhí siad agus bhí siad garbh. Thiocfadh le 15 fear a bheith sa seomra amháin. Bhí fear amháin ag stopadh leis a bhí speisialta maith ag tarraingt pictiúr. | |
| Obair | An dóigh a mheasadh siad an cheilp (an méid gainimh a bhí ann). Scéal faoin fhear a bhí ag déanamh seo. | |
| Gaol Sóisialta agus Teaghlaigh | Seanchas a theaghlaigh. As Bun an Leaca bunadh a theaghlaigh, fear darbh ainm Séamus. Bhí fear eile, Mícheál, i mBedlam i nGort an Choirce. Bhí a chol ceathar as Meiriceá ag déanamh crann an teaghlaigh agus dúirt seisean gur pósta ar bhean de chlann Uí Bhriain as Cill Ulta a bhí fear acu (MaryAnn O’Brien) ach shíl Jimeile é féin gur pósta ar bhean darbh ainm Ó Colla as an oileán, Inis Bó Finne, a bhí sé (Mícheál – a gharathair mór). Bhí an col ceathar seo ag obair ag DuPont i rith a shaoil agus thug Jimeile é féin cuairt air thall san Ghinéiv. Bhí post mór aige agus léir taistil le déanamh aige. Bhí sé ag obair do Rialtas Mheiriceá nuair a d’éirigh sé as an post sin. Níl siad cinnte cé a bhí an Mícheál seo pósta air. Bhí ceithre dhream Ó Colla ar an oileán ach ní raibh muintearthas ar bith idir aon cheann acu. As clann Uí Fhearraigh i mBun an Inbhir ansin a tháinig sé féin, tá siad uilig curtha in aice a chéile i nGort an Choirce, a dhream as Bun an Inbhir agus as Inis Bó Finne. |
|
| Obair | Ag baint móna ar tír mór agus an streachailt iontach a bhí ag na hoileánaigh leis an obair sin. Bhí fuath aige ag dul na phortaigh. Bhí siad ag dul fríd cuid mhór móna mar go raibh dhá thine lasta sna tithe acu, le cócaireacht agus araile. Cur síos ar an obair a bhí le déanamh acu leis an mhóin. Bhí siad ag cailleadh léir ama ón iascaireacht fosta. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer