Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Eoghan Ó Curraighín | ![]() |
Áit Chónaithe: | Teileann, Teileann, Gleann Cholm Cille. | |
Áit Dúchais: | An Baile Mór, Teileann |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Filí | Filíocht. Dán a scríobh an tAthair Mór Ó Domhnaill do chomórtas in 1935, 1300 bliain i ndiaidh bhás Cholm Cille, ina onóir. Guth Brodúil Thír Chonaill. | |
Filí | Mícheál an Choradáin, fear siúil sa cheantar a bhí maith ag cumadh dánta. Dán de chuid Mhícheáil á rá ag Gene. Chumadh sé na dánta ag brath ar an deirce a thugtaí dó nuair a théadh sé isteach i dteach. | |
Teangacha á labhairt in Éirinn | Brú ar an Ghaeilge. Thiocfadh leis na ceannródaithe níos mó a dhéanamh leis an Ghaeilge a choinneáil beo, níos mó Aifrinn i nGaeilge, cainteoir dúcháis atá sa sagart. | |
Daoine Aitheanta go hÁitiúil | Pat Phaidí Mhóir Ó Beirn a scríobh dánta .i. 'An Sean Troid' agus 'Pilleadh Aodh Rua Uí Dhomhnaill'. | |
Daoine Aitheanta go hÁitiúil | Pat Phaidí Mhóir Ó Beirn, dán eile a scríobh sé faoi phíopa. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Na Naoimh | Scéal: An saighdiúir croíúil agus Naomh Peadar. | |
Colm Cille | Scéal faoin mhac a bhíodh ag imirt chártaí. Cearrbhach na Críbe agus Naomh Colm Cille. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Iascaireacht | Bhí fir as Ceanada ag déanamh staidéir ar aibhneacha agus ar iascaireacht na hÉireann in 1962 agus bhí siad ábalta feiceáil go dtiocfadh meath ar an tionscnamh seo agus an chúis a bheadh leis sin. An scrios a déanann daoine ar na héisc agus truailliú na habhann. | |
Iascaireacht | Ceannatiheoirí an éisc agus tógáil bádaí sna Cealla Beaga. HJ Nolan, Egans agus Ó Gallchóir. Bhí siad ag teacht ó Bhéal Feirste, Doire agus Contae Mhaigh Eo. Bhí a gcuid fear féin leo leis an obair a dhéanamh. | |
Iascaireacht | Fostaíocht i dTeileann anois, níl mórán ann níos mó. Tá monarchana sealadacha ag próiseáil éisc. Tionscadal na tógála is mó atá ann anois. Tháinig athrú mór ar an cheantar, moll tithe saoire á dtógáil. Tá na daoine óga ag imeacht le hobair a fháil, níl an oiread Gaeilge á labhairt níos mó. Tá Coláiste na Gaeilge agus na mná tí ag coinneáil na teanga beo. | |
Deochanna Meisciúla | Déantús an phoitín i dTeileann. Píosa filíochta faoi thragóid a tharla in 1803. | |
Seanchas faoin Iascaireacht | Pisreoga ina cheantar féin. Chaitheadh an fharraige a cuid féin a fháil. Scéal faoi lucht iascaireachta amuigh ar an fharraige, Jimí Johnny an 'skipper' a bhí ar an bhád agus cailleadh an bád. Bhí taibhsí ag cur mallachta ar iascairí ina dhiaidh sin. | |
Seanchas faoin Iascaireacht | Tuilleadh pisreoga ag baint leis an iascaireacht, ní chíoradh bean a gruaig a fhad agus a bhí an fear amuigh ar an fharraige. Ní dheirtí an uimhir 13 ar bhád. Níor mhaith leo an dath glas nó an focal é féin a bheith ar bhád. Mí-ádh a bhí ann casadh le bean le gruaig rua agus iad ag gabháil 'na farraige. Dá mbeadh fear ar bhrógaí ní ligtí isteach ar an bhád é. Ní thógtaí iasc úr amach as teach i ndiaidh titim na hoíche. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Taibhsí | Taibhsí i dteach tabhairne in áit darbh ainm Cúl an Dúin. Scéal faoi Sean Willie ar leis an áit ar dtús, cur síos ar Willie. | |
Sióga | Dar le Gene, tá rudaí ann nach féidir a mhíniú agus b'fhearr gan tabhairt fúthu, scéal faoi bheirt fhear a bhí amuigh ag seilg oíche amháin nár chreid ina leithéid agus a chonaic splanc ag teacht as cloch. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Bunadh na hÁite | Stair agus seanchas Theileann. Tógadh an ché in 1883. Cur síos ar na manaigh a shocraigh san Íoslainn, tá a gcuid lámhscríbhínní ansin go fóill. Tá a lán de na logainmneacha céanna i dTeileann agus san Íoslainn mar gheall ar na thuras na mánach. Tá leabhar scríofa ar an dóigh ar fhág siad Teileann. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Lucht Siúil | Lucht siúil a bhí sa cheantar fadó, ní raibh mórán acu ann agus dhíoladh siad earraí leis na daoine. Ba ghnách leo fanacht sna tithe agus bhíodh oícheanta airneála ag na daoine. | |
An Lucht Siúil | Bean siúil, Máire Chonnachta agus an scéal mar a thit sí amach leis an Eaglais. Bhí sí maith ag obair láimhe agus snáthaide agus dhíoladh sí rudaí ag an aonach. Fuair sí post mar chailín aimsire ar feadh cúpla bliain, casadh saighdiúir uirthi agus rugadh leanbh daofa, bhí an leanbh tinn ach ní raibh an sagart sásta é a bhaistiú as siocar nach raibh sí pósta. Lá amháin chuir sí an sagart i bhfolach nuair a bhí na saighdiúirí ina dhiaidh, mharaigh an saighdiúir a mac nuair nach n-inseodh Máire dó cén áit a raibh an sagart, ní raibh a fhios aige gur a mhac féin a bhí ann. D’fhág sí i gCo. Mhaigh Eo an t-am sin agus bhog sí ó áit go háit, chaith sí seal fada i dTeileann agus chum sí amhráin. Chuaigh sí go ceantar na Rosa ina dhiaidh sin. | |
Tiarnaí Talaimh agus Tionóntaí | Na tiarnaí talún, Connellys, a bhí acu. Bhí siad iontach maith leis na tionántaí i rith am an ghorta, chuir siad moll airgid isteach i gciste do na daoine. Ní dheachaigh mórán acu ocrach. Níor díshealbhaíodh duine ar bith ariamh. Cur síos ar an chíos a bhíodh le díol. | |
Tiarnaí Talaimh agus Tionóntaí | Tiarnaí talún, Musgrave, níos fearr arís ná Connelly. Thóg siad teach ósta don áit, thug siad isteach caoraí agus eallaigh. Bhí duine acu ina dhochtúir. Chuidigh siad go mór nuair a cruthaíodh 'Bord na gCeantúr Cúng'. Cheannaigh siad moll bádaí, tugadh cead do na daoine iad a choinneáil agus trian den airgead a rinne siad a thabhairt ar ais don chomhlacht. Ansin i ndiaidh cúig bliana tugadh cead don fhoireann an bád a dhíol agus ceann eile a fháil. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Toibreacha Beannaithe | Lorg teampaill atá ag cé eile, clochar a bhí ann. Bhí triúr deirfiúracha de Cholm Cille ann uair amháin agus déantar turas ann ar an 23 Meitheamh. Tá tobar beag ansin agus cur síos ar an dóigh leis an turas a dhéanamh. Tá pisreoga agus nósanna bainteach leis an áit. | |
Toibreacha Beannaithe | Pisreoga faoi Thobar na Cora, tobar draíochta in aimsir na Págantachta a raibh baint aige le daoine agus bádaí ar an fharraige agus a muintir a bhíodh sa bhaile ag guí ar a son. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Paidreacha | Liúireach Naomh Phádraig. | |
Paidreacha | Dán, ní fios cé a chum, a deirtí i ndiaidh an phaidrín. | |
Logainmneacha | Logainmneacha, tá Dónall Mac Giolla Easpaig ag déanamh obair mhór air seo agus chuidigh Gene le léarscáil a chur amach anuraidh. Samplaí de logainmneacha, Léim Gartóig, Madrid, Philipinnes agus an míniú ata orthu. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Oilithreacht | Naomh Brocnach, séú haois, colceathar de Cholm Cille a bhí ann. Scéal faoina óige, nuair a rugadh é, tá tobar san áit anois. Scéal faoi rangú talún a rinne a athair idir a dheartháireacha. Tá ballóga teampall agus teach cónaithe ar bharr sléibhe, Sliabh Líag, an áit a raibh cónaí air le cois leacacha móra, Cathaoir na Naomh a thugtar air. Tá trí thobar agus altóir ann, ní bhíonn na toibreacha ariamh tirim agus déantar turas chuige ar an 10 Deireadh Fómhair. Tá cur síos ar an turas seo ag Poll an tSneachta. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Nósanna agus Piseoga | San am sin, bhíodh eagla ar na daoine faoi mhallachtaí lucht siúil. Bhí daoine iontach pisreogach: Ag teacht isteach doras amháin agus ag dul amach doras eile. Tine Lá Bealtaine. Nuair a bhíodh gamhain ag bó Ag déanamh comhartha croise ar thóin an phota leis na sióga a choinneáil ón phota. |
|
Comharthaí Báis | Bean sí ag caoineadh. Ní chaoineann siad ach amháin i ndiaidh do dhaoine le ‘Mac’ agus ‘Ó’ ina n-ainm bás a fháil. Scéal faoin chaoineadh a chuala Gene é féin uair amháin agus faire béal dorais. | |
Mallachtaí | Tragóid Bhroclais – mallacht a chur seanbhean darbh ainm Devenney ar chabhlach nuair a cailleadh na hiascairí. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Peil | Peil Gaelach, ag caint ar an chúis nár imir sé féin ariamh. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer