Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Paidreacha | Liúireach Naomh Phádraig. | |
| Paidreacha | Dán, ní fios cé a chum, a deirtí i ndiaidh an phaidrín. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Iascaireacht | Fostaíocht i dTeileann anois, níl mórán ann níos mó. Tá monarchana sealadacha ag próiseáil éisc. Tionscadal na tógála is mó atá ann anois. Tháinig athrú mór ar an cheantar, moll tithe saoire á dtógáil. Tá na daoine óga ag imeacht le hobair a fháil, níl an oiread Gaeilge á labhairt níos mó. Tá Coláiste na Gaeilge agus na mná tí ag coinneáil na teanga beo. | |
| Deochanna Meisciúla | Déantús an phoitín i dTeileann. Píosa filíochta faoi thragóid a tharla in 1803. | |
| Seanchas faoin Iascaireacht | Pisreoga ina cheantar féin. Chaitheadh an fharraige a cuid féin a fháil. Scéal faoi lucht iascaireachta amuigh ar an fharraige, Jimí Johnny an 'skipper' a bhí ar an bhád agus cailleadh an bád. Bhí taibhsí ag cur mallachta ar iascairí ina dhiaidh sin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Filí | Mícheál an Choradáin, fear siúil sa cheantar a bhí maith ag cumadh dánta. Dán de chuid Mhícheáil á rá ag Gene. Chumadh sé na dánta ag brath ar an deirce a thugtaí dó nuair a théadh sé isteach i dteach. | |
| Teangacha á labhairt in Éirinn | Brú ar an Ghaeilge. Thiocfadh leis na ceannródaithe níos mó a dhéanamh leis an Ghaeilge a choinneáil beo, níos mó Aifrinn i nGaeilge, cainteoir dúcháis atá sa sagart. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Toibreacha Beannaithe | Pisreoga faoi Thobar na Cora, tobar draíochta in aimsir na Págantachta a raibh baint aige le daoine agus bádaí ar an fharraige agus a muintir a bhíodh sa bhaile ag guí ar a son. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| An Lucht Siúil | Bean siúil, Máire Chonnachta agus an scéal mar a thit sí amach leis an Eaglais. Bhí sí maith ag obair láimhe agus snáthaide agus dhíoladh sí rudaí ag an aonach. Fuair sí post mar chailín aimsire ar feadh cúpla bliain, casadh saighdiúir uirthi agus rugadh leanbh daofa, bhí an leanbh tinn ach ní raibh an sagart sásta é a bhaistiú as siocar nach raibh sí pósta. Lá amháin chuir sí an sagart i bhfolach nuair a bhí na saighdiúirí ina dhiaidh, mharaigh an saighdiúir a mac nuair nach n-inseodh Máire dó cén áit a raibh an sagart, ní raibh a fhios aige gur a mhac féin a bhí ann. D’fhág sí i gCo. Mhaigh Eo an t-am sin agus bhog sí ó áit go háit, chaith sí seal fada i dTeileann agus chum sí amhráin. Chuaigh sí go ceantar na Rosa ina dhiaidh sin. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer