Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Damhsa | Ag gabháil trasna go Gaoth Dobhair ar an fhearsaid – caitheamh aimsire, damhsaí i nGaoth Dobhair agus cuid mhaith siopadóireachta. | |
| Damhsa | Damhsaí agus caitheamh aimsire. Damhsaí i nDún Lúiche, shiúladh cuid acu agus bheadh cuid eile ar rothair. Bhí bealaí garbha cloiche ann. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Móin | A chuimhní ar an obair ar an phortach agus ar thógáil móna le hasail, feannóga. Bhí na hasail costarnocht mar nach raibh an t-airgead acu le crúba a chur orthu. | |
| Ceirdeanna agus Gairmeacha | Bhíodh go leor ceardaithe ar an bhaile mar shampla, fíodóirí, gréasaithe, búistéirí, táilliúirí, srl. Théadh an búistéir thart fríd an bhaile ag díol feola. | |
| Deochanna Meisciúla | Ag déanamh poitín. | |
| Iascaireacht | Ag póitseáil i Rann na Feirste, ní dhearna sé féin ach rinne a dheartháir. Chuaigh sé amach oíche amháin lena dheartháir agus bhí siad ag póitseáil bradáin. Tugadh air cáin a dhíol air, ach dhiúltaigh sé, cuireadh sa phríosún é. I ndiaidh oíche amháin, dhíol a mhac an cháin agus ligeadh amach é. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Tubaistí Áitiúla | Scéal fá fhear óg eile a cailleadh – Joe, mac Thadhg Pháidí Nancy as Inis Oirthir, bádh é taobh leis an Bhun Bheag, measann siad gur thit sé den bhád. Tharla sé go luath sna 1900idí. | |
| Tubaistí Áitiúla | Tragóidí a tharla sna Rosa: Tragóid Bhaile Mhanúis - mianach a shéid agus maraíodh ocht gcloigeann déag agus cailleadh fear eile cúpla lá ina dhiaidh - naoi gcloigeann déag. Tragóid Árainn Mhóir nuair a cailleadh naoi gcloigeann déag in 1935. |
|
| Imirce | Ag imeacht go Meiriceá: Bád Shligigh a shuíodh ag béal Ghabhla agus thógfadh siad paisinéirí as na Rosa agus as Gaoth Dobhair, ar a mbealach go Meiriceá. A chuimhne ar an bhealach go Meiriceá. A chuimhne ar an ‘American Wake.’ Go leor daoine a d’imigh gan philleadh arís. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Obair | Bhí a athair mór, Cónall Eoghainín (Cónall Nellie Eibhlín Aodh Ó Duibheannaigh) agus a mhac, John, ag obair agus iad ag leagadh na ráillí don traein agus ag réabadh carraigeacha. Ba ag tús an chéid a rinneadh an obair sin. | |
| An Lucht Siúil | Rann nó dán faoi na bacaigh, lucht siúil a thagadh go Rann na Feirste fadó. Píosaí beaga a dúirt Mícheál an Chorradáin – deise labhartha aige. | |
| Spailpíní | Bhí sé féin costarnocht fosta go dtí go ndeachaigh sé ar fhostú go Tír Eoghain. Is ansin a fuair sé péire brístí fada agus péire bróg. Nuair a thagadh sé 'na bhaile arís bhíodh sé iontach bródúil as Béarla Thír Eoghain a bheith aige. | |
| Obair | Obair an Earraigh - cuntas maith ar obair thalaimh. Ag rómhar an talaimh le spád, dhá chineál oibre leis an spád – conlach le rómhar, an áit a raibh na prátaí le cur agus an domasach, an áit a raibh an coirce le cur. Bhí dhá chineál rómhair le déanamh. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Comharthaí Aimsire | Comhartha aimsire / comhartha fearthainne: Grian ghéar láidir ar maidin, sé sin comhartha go bhfuil sí ag bruith fearthainne. | |
| Comharthaí Aimsire | Comhartha Aimsire: Caoirigh ar na cnoic ag teitheadh anuas go dtí na hísleáin, comhartha go dtiocfadh an bháisteach ar feadh cúpla lá. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Logainmneacha | Scéal Bealach na Mine Buí: tógadh bealaí fríd na cnoic, tógadh bealach darbh ainm Bealach na Mine Buí in Rann na Feirste. Díoladh na fir le min bhuí - sin an pháighe a fuair siad. | |
| Logainmneacha | Logainmneacha: Ceann Dubhrann sean-ainm eile ar Rann na Feirste. Dúiche Dhonnachaidh Scaite sean-ainm ar na Rosa. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Scaipeadh Nuachta agus Eolais | An chéad raidió i Rann na Feirste – ba ag Feidhlimidh Dhónaill Phroinsais a bhí an chéad raidió. Bhíodh gach duine ina seasamh thart ag éisteacht leis. | |
| Cosáin agus Bóithre | Na chéad bhealaí a tógadh – Bealach na Mine Buí, cumadh amhrán faoi Rann na Feirste agus tá an bealach sin luaite ann. Asail a bhíodh in úsáid sa tsean-am, bhí drochbhealaí ann. | |
| Scaipeadh Nuachta agus Eolais | Tógadh oifig an phoist i Rann na Feirste in 1936 ach tá sé druidte le cúpla bliain. Bhí stampa 2 phingin ag an am. An chéad ghuthán i Rann na Feirste - Anagaire 7 an uimhir. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Sióga | Glór a cluineadh ag rá go raibh Dominic Óg á bhádh. Shábháil na comharsana é. Mheas daoine gur na siógaí a dúirt leo go raibh Dominic á bhádh. | |
| Sióga | Áiteanna uaisle ina raibh na sióga le feiceáil. Áit Cró na nUan, deirtí go mbíodh na slua sí le cloisteáil go minic ann, ag ceol agus ag caoineadh. Ní chreideann na daoine iontu anois. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Mallachtaí | Mallachtaí a deirtear a cuireadh i gcás Tragóid Bhaile Mhanúis agus in amanna eile. | |
| Comharthaí Báis | Comhartha báis: nuair a thiocfadh an eala isteach a fhad leis an loch. Comhartha eile dá gcloistí trí bhuile ar an doras, trup casúir fán teach. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Comparáidí idir na Glúnta | A bharúil faoin athrú mhór a tháinig ar an saol. Díoltar oiread ar bhróga anois (£60) agus a shaothraigh fear i séasúr iomlán in am John. Tá an mhaith agus an t-olc le feiceáil san athrú. Tá daoine ag dul thar a n-acmhainní. Tá daoine beo níos faide anois ná mar a bhí, bhíodh siad ag fanacht le litir ó Albain roimhe seo agus cúpla punt istigh ann lena bhfiacha a dhíol. Níl rómhair ar bith á dhéanamh anois. Níl suim ar bith ag an aos óg ann níos mó. | |
| Comparáidí idir na Glúnta | Comparáid idir an saol/an t-am/an Ghaeilge/nathanna cainte san am sin agus an lá atá inniu ann. Níl go leor de na rudaí sin ann anois. | |
| Ag Síneadh Amach an Choirp | An Bás: Suip: Chuirtí an t-éadach, píopa, srl, a bhí ag an mharbhán nuair a fuair siad bás. A chuimhne ar mhná caointe ag fairí. |
|
| An Óige agus Aois | An t-aoibhneas a bhain sé as toradh a chuid curaíochta, na prátaí agus an choirce. Is maith leis smaoineamh ar an am a chuaigh thart. Ní amharcann sé ar mhórán teilifíse. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Iarsmaí ón Seansaol | An Gorta - Corra (tobán mór) a thug an rialtas do dhream Rann na Feirste le babhla brat (sú) a fháil. | |
| An Teach Cónaithe | An teach inar tógadh é, teach ceann tuí a bhí ann, cuireadh sclátaí air in 1925. Cur síos ar an teach a bhí acu. Thagadh an t-eallach agus na cearca isteach chun tí. An cineál maide mullaigh a bhí sa teach. Ag déanamh an tuí don teach. A chuimhne ar fhás aníos ag éisteacht le lucht an airneáin istigh sna tithe. Bhíodh na tithe seascair, urláir chréafóige (cré ghorm). Cuntas maith aige ar an eolas seo uilig. Bhí an tine i gcónaí lasta, ag coigilt na tine, ag déanamh an tae ar an choigilt. Bhí leaba ag taobh na tine. Bhí cuirtín ag roinnt daoine thart ar an leaba ach cláir a bhí thart ar an chuid is mó de na leapacha. Bhíodh an píopa agus an tae istigh i bpoll an bhoc. As cochán a rinneadh na leapacha agus dheargadh a athair mór a phíopa le píosa cocháin tarraingthe as taobh na leapa a lasadh sa tine. Thugtaí toit den phíopa cré do dhaoine nuair a théadh siad isteach sna tithe. Bhí spás sa doras a ligeadh don chat teacht isteach agus dul amach. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer