Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Obair | Cur síos ar a chuid ama i mBaile Átha Cliath. Obair thógála is mó a rinne John ach ba ghnách leis leoraí bainne a thiomáint fosta thart fríd an chathair. D’oibrigh sé fosta i gClochar Bhan Rialta ag sábháil fómhar. Bhí cúpla fear eile ag obair ansin ina chuideachta. Cur síos ar an obair a rinne sé le linn an ama sin. | |
An Lucht Siúil | Rann nó dán faoi na bacaigh, lucht siúil a thagadh go Rann na Feirste fadó. Píosaí beaga a dúirt Mícheál an Chorradáin – deise labhartha aige. | |
Tithe Leanna | Teach Hughie Néill i Mín na Leice, ina dtéadh siad uilig nuair a bhíodh Aonach Jack ar siúl, sin Teach Leo anois. Bhíodh bia agus deoch ar fáil ann. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Imirce | Na Gorbals: na hÉireannaigh sna 'Gorbals' i nGlaschú, bhí tithe tábhairne ansin ina mbíodh na hÉireannaigh istigh iontu. | |
Imirce | A chuimhne ar bhád Dhoire ‘An Rose’ nuair a bhí daoine, eallach agus cearca ar an bhád agus é ag dul go hAlbain. Bhíodh boladh uafásach ar an bhád agus bhíodh daoine tinn air. | |
Filí | Máire Chonnachta agus na Filí Gan Iomrá as Rann na Feirste. Iomaíocht Filíochta idir Máire Chonnachta agus Séamus Ó Domhnaill – píosa ar dóigh filíochta. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Bia agus Deoch | Béilí an lae a bhíodh acu, bhíodh siad ina suí luath ar maidin. Bhí cuid mhór oibre le déanamh. Bhíodh siad amuigh ó dhubh go dubh san earrach. An cineál bí a bhíodh acu. Ag róstadh prátaí ar an tine agus a n-ithe le bainne na bláithe agus scadáin úra. | |
Bia agus Deoch | Bhí scadáin úra acu i ndiaidh na Samhna. Cur síos ar an phróiseas nuair a bhíodh siad ag sailleadh scadáin sa pheicilt (sú scadáin). Scadáin ghoirt. Bhí a lán éisc acu, bhrath siad ar an iasc. Bhí fear ar an bhaile á ndíol. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Comparáidí idir na Glúnta | Athrú mór ar an áit agus ar na daoine. Tá an Ghaeilge ag meath agus anois ní thuigtear na nathanna cainte nó na focail a bhíodh in úsáid san am sin. | |
Comparáidí idir na Glúnta | Saol eile ar fad a bhí ann san am sin, bhí an saol níos crua ach bhí siad ábalta cur suas leis. Chaitheadh siad imeacht ar imirce agus obair, ní raibh rogha ar bith acu. Measann sé nach mbeadh an aos óg ábalta a leithéidí a dhéanamh anois. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Damhsa | Ag gabháil trasna go Gaoth Dobhair ar an fhearsaid – caitheamh aimsire, damhsaí i nGaoth Dobhair agus cuid mhaith siopadóireachta. | |
Cúrsaí Ceoil | An ceol sa teaghlach: ceol sa teaghlach, go mór ar thaobh a mháthar. In am a mháthar ní raibh cead ag mná ceol i dtithe damhsa. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Scaipeadh Nuachta agus Eolais | An chéad raidió i Rann na Feirste – ba ag Feidhlimidh Dhónaill Phroinsais a bhí an chéad raidió. Bhíodh gach duine ina seasamh thart ag éisteacht leis. | |
Cosáin agus Bóithre | Na chéad bhealaí a tógadh – Bealach na Mine Buí, cumadh amhrán faoi Rann na Feirste agus tá an bealach sin luaite ann. Asail a bhíodh in úsáid sa tsean-am, bhí drochbhealaí ann. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Comharthaí Báis | Comhartha báis: nuair a thiocfadh an eala isteach a fhad leis an loch. Comhartha eile dá gcloistí trí bhuile ar an doras, trup casúir fán teach. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Bunadh na hÁite | Mar a tháinig na chéad Duibheannaigh go Rann na Feirste: Conall Ó Duibheannaigh - ghlac sé scilling na banríona agus ba é an chéad Duibheannaigh i Rann na Feirste. | |
Iarsmaí ón Seansaol | An Gorta - Corra (tobán mór) a thug an rialtas do dhream Rann na Feirste le babhla brat (sú) a fháil. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Taibhsí | Slua sí - Fear a cailleadh (bádh) agus bhí ceol le cluinstin ar feadh bliana ina dhiaidh sin. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer