Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Seosamh Mac Suibhne | ![]() |
Áit Chónaithe: | Bun na Leaca, Bun an Leaca, Gaoth Dobhair. | |
Áit Dúchais: | Faoi Chnoc, Cnoc Fola |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Na Scoltacha Náisiúnta | Ag éirí aníos ina óige agus ag dul 'na scoile. Ar an tseanscoil a bhí Seosamh agus ba é Charlie Mac Monagail an máistir a bhí aige, fear iontach deas. Ní raibh a dhath le déanamh le léann an t-am sin muna raibh airgead agat agus ní raibh fána gcoinne ach imirce. Bhí go leor de na daoine cliste agus ní raibh léann ar bith acu. | |
Obair | Ag baint na ceilpe, bhíodh lá saor ón scoil aige. Cur síos ar dhó na ceilpe. Scéal beag faoi ghasúr a chaill a bhealach ag dul 'na scoile lá amháin as siocair na toite ón cheilp. Ag díol na ceilpe ar £10 an tonna. Bhí scéim ann fosta ina dtiocfadh leo carr agus beithíoch a fháil ar cíoscheannach a fhad agus a bhí siad ag obair leis an cheilp. | |
Obair | A chuimhne ar dhó na ceilpe agus á díol ar £10 an tonna. Cur síos ar an am sin. | |
Seirbhís Mhíleata | Bhí Joe san L.D.F agus is cuimhin leis coirp ag teacht i dtír am an chogaidh. A chuimhne ar mhianach ag teach i dtír Faoi Chnoc. | |
An Sagart | Scéal as Mín an Locha faoi Hiúdaí Thoraigh agus an sagart. Bhí barra aige agus bhíodh sé ag coimhéad cuid dhaoine eile fosta. Bhí préataí aige féin agus lá amháin tháinig an sagart agus é ag moladh a raibh ag Hiúdaí. Thug Hiúdaí freagra gasta air. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Ag Feiceáil Taibhsí | An dóigh le labhairt le taibhsí dá mbeadh buaireamh orthu. | |
Áit Chónaithe na Sióg | Fear a chonaic sióga, cuid de na scéalta a chum sé. | |
Taibhsí i bhfoirm Duine | Na mairbh ag teacht ar ais chun saoil agus an dóigh le labhairt leis an mharbhán. Dá mbíodh fear a thug fáinne do bhean i ndiaidh bás a fháil agus é a theacht ar ais, deirtí leis “Cuirim ceist ort in ainm Íosa, an é duine saolta thú nó gill nó cá fhad ó d’fhág tú an saol seo?” ‘Gill’ a thugtaí ar an mharbhán. Bhíodh slat saileoige agat gan craiceann air agus dhéantaí ciorcal leis lena chur isteach ann. Shíntí an fáinne chuig an mharbhán leis an tslat. | |
An Mhaighdean Mhara | Sparán na maighdeana mara (Sparán na sióg) – thugtaí seo ar sparán a dhéantaí as rúta leathach dubh. | |
An Mhaighdean Mhara | Scéal beag faoin mhaighdean mhara atá sa tseanchas. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Imirce | D’oibrigh Seosamh ar na préataí thall in Albain fosta. Bhíodh scuaid ag fágáil an bhaile ag dul anonn an t-am sin. Bhí £110 le fáil in aghaidh an acra. Cur síos ar an am ansin fosta; an obair, an lá agus an lóistín. | |
Imirce | Ag imeacht go hAlbain agus go Northumberland nuair a bhí sé 16 bliana déag d'aois, d'oibrigh sé ar fheirm lena dheartháir, cur síos ar a bhlianta ansin, obair ar fheirmeacha, díoga, tógáil cloíocha, tánadh tornapaí. Am an chogaidh agus mol acu ag imeacht san arm. Bhí sé in Kelso, obair fhairsing, an chéad tarracóir, ag obair le beithígh, cur síos ar a bhlianta ansin. Daoine carthanach agus ionraic. Go leor daoine ón bhaile ansin, as Gaoth Dobhair, Cloich Cheann Fhaola, Inis Eoghain agus as na Rosa. | |
Imirce | Am an chogaidh thall, an pá a fuair siad. Obair fhairsing, fir ar shiúl sa chogadh agus daoine ag teitheadh. | |
Imirce | An cineál saoil a bhíodh acu thall , obair chrua, obair le tornapaí agus le coirce, uaireanta fada agus an lóistín a bhí acu. | |
Imirce | A uncail Niall Ó Fearraigh a chuaigh ‘an Lagáin, cheannaigh sé carr beithígh agus clog ansin. Carr láidir a bhí ann agus bhíodh sé ag iompar lódaí do dhaoine eile fosta. Bhí deirfiúr aige fosta a d’imigh go Meiriceá, bhí sé féin óg ag an am ach tá cuimhne aige air sin. Fuair bean acu bás in Nashville in 2005. An oíche sular imigh siad, bhí na comharsana cruinnithe agus bhíodh oíche ceoil agus damhsa acu. Bhíodh an tseanmhuintir ag meas nach bpilleadh an mhuintir óg arís. As staisiún Ghaoth Dobhair a d’imíodh siad. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Móin | Ag cur díoga móna isteach sa talamh, go háirithe talamh portaigh, cur síos maith ar an bhealach a dhéantaí sin. | |
Móin | Scéim bhaint na móna faoin Chomhairle Contae. Thug sé obair agus airgead chuig an cheantar an t-am sin, bhí óg agus aosta á dhéanamh agus bhí go leor calláin san áit. Measann sé go ndearna druidim stáisiúin na móna dochar mór don cheantar. Thosaigh an aos óg ag imeacht áiteanna eile ansin le hobair a fháil. An dóigh ar tosaíodh ar scéim na móna. Thosaíodh siad ag obair ar an mhóin go luath ar a 6 ar maidin agus chríochnaíodh siad mall tráthnóna. Chuirtí tús leis an obair i mí Márta. Ní raibh na portaigh silte, bhí siad iontach fliuch. Thug sé isteach airgead ag an am. |
|
Seanchas faoi na Ba | Daoine ag teacht ó Mhín Doire leis an eallach, leigheas don chrupán. | |
Treabhadh agus Rómhar | Ag rómhar agus ag obair ar an talamh. Obair spáide a bhí ann agus bhí achan duine á dhéanamh. De réir a chéile, tosaíodh ag obair le seisreach agus beithígh. Níl sin á dhéanamh anois. Bhí a lán den obair le déanamh ag na mná nuair a d’imíodh na fir go hAlbain. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Logainmneacha | Na Sé Feara Dhéag. | |
Seanchaithe agus a nEalaín | Scéal faoi Hiúdaí Thoraí, an sagart. Ba as Mín an Locha é agus bhí sé ag coimhéad barr ar na caoirigh. | |
Scéalta Grinn | Cois cladaigh a shocair na daoine ar dtús, bhí bia na farraige acu ansin. Na chéad daoine a chónaigh san áit ar an chósta, Páidí Mc Kay, Eoghain Crua agus Tarlach Bacach a bhí ar an chéad triúr fear a shocair síos ansin. Scéal grinn faoi thaibhse Pháidí Kay. | |
Logainmneacha | Litreacha atá ar an talamh Faoi Chnoc, litreacha atá iontu a cuireadh síos le linn an chogaidh le taispeáint d’eitleáin go raibh siad ar thalamh neodrach. Tá a n-ainmneacha scríofa ag triúr fear ann. Bhí Joe ag buachailleacht an lá a bhfaca sé iad ag scríobh a n-ainmneacha. Duffy b’ainm d'fhear amháin agus ba as Mín an Iolair fear eile darbh ainm Niall Boyle, Niall John Shimlín. Éire agus an uimhir 92 a bhí scríofa ann. | |
Scéalta Grinn | Na chéad daoine a chónaí Faoi Chnoc, triúr cónaitheoirí a bhíodh ann; Eoghan Crua, Tarlach Bacach agus Páidí Chi. Scéal grinn faoi thaibhse Pháidí. | |
Amhránaíocht | Na pisreoga a bhain le fairí agus leis na marbh. Chreid na daoine go mór an t-am sin go dtiocfadh spioraid agus taibhsí ar ais. Seo an rud a bhí Oíche na Marbh fá dtaobh de. Mná caointe ag caoineadh an mharbháin, chuireadh siad eagla ort. Drandán a bhí acu. Bhí fear ar an bhaile a cheol amhrán thar chorp a mhná nuair a fuair sí bás. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Bunadh na hÁite | Na chéad daoine a bhí Faoi Chnoc, triúr a bhí ann ach níl a fhios aige cá háit ar tháinig siad uaidh. Páidí Caí an t-ainm a bhí ar an fhear a raibh cónaí air ar thalamh Joe. Eoghan Crua agus Tarlach Bacach b'ainm don bheirt eile. Scéal faoin lá a raibh a athair amuigh ag tógáil claí agus leag sé seanbhallóg de theach Pháidí Caí. Shíl sé gur taibhse a bhí ag déanamh na sceimhe ach luchóg a bhí ann faoina veist. Chóir an chladaigh a shocair na daoine ar dtús mar a rinneadh i go leor áiteanna eile fosta, bhí sé níos sásta nuair a bhí siad ag obair le leas ar an talamh fosta. Tá loirg chróite le feiceáil go fóill. Bhí túr ann fosta ach thóg fear clocha as nuair a bhí sé ag tógáil tí. Níl a fhios aige caidé atá faoi, túr a bhí ann le coimhéad amach ar an fharraige. |
|
An Teach Cónaithe | A chuimhne ar urláir chréafóige sna tithe. Ansin thosaigh daoine ag cur isteach urláir stroighin agus d’úsáideadh siad clár i lár an urláir le pota na bpréataí a fhágáil ina shuí air leis na préataí a bhrú. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Tórramh | A chuimhne ar thabhairt na gcorp go reilig Mhachaire Gathlán i mBaile Bhrianaí. | |
An Faire | Mná caointe agus cleasaíocht i dtithe faire. | |
An Faire | Nósanna sa tsean-am, fairí agus bás, caoineadh an mharbháin agus mná caointe, cur síos ar na cleasanna a bhíodh acu i ndiaidh an phaidrín. An Carghas. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer