Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Scéalta Grinn | Cois cladaigh a shocair na daoine ar dtús, bhí bia na farraige acu ansin. Na chéad daoine a chónaigh san áit ar an chósta, Páidí Mc Kay, Eoghain Crua agus Tarlach Bacach a bhí ar an chéad triúr fear a shocair síos ansin. Scéal grinn faoi thaibhse Pháidí Kay. | |
Seanchaithe agus a nEalaín | Scéal faoi Hiúdaí Thoraí, an sagart. Ba as Mín an Locha é agus bhí sé ag coimhéad barr ar na caoirigh. | |
Scéalta Grinn | Na chéad daoine a chónaí Faoi Chnoc, triúr cónaitheoirí a bhíodh ann; Eoghan Crua, Tarlach Bacach agus Páidí Chi. Scéal grinn faoi thaibhse Pháidí. | |
Scéalta Grinn | Tuarastal le díol leis an tsagart, an tAthair Mc Groarty a bhí ann, scéal grinn fá seo. | |
Logainmneacha | Litreacha atá ar an talamh Faoi Chnoc, litreacha atá iontu a cuireadh síos le linn an chogaidh le taispeáint d’eitleáin go raibh siad ar thalamh neodrach. Tá a n-ainmneacha scríofa ag triúr fear ann. Bhí Joe ag buachailleacht an lá a bhfaca sé iad ag scríobh a n-ainmneacha. Duffy b’ainm d'fhear amháin agus ba as Mín an Iolair fear eile darbh ainm Niall Boyle, Niall John Shimlín. Éire agus an uimhir 92 a bhí scríofa ann. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Teach Cónaithe | A chuimhne ar urláir chréafóige sna tithe. Ansin thosaigh daoine ag cur isteach urláir stroighin agus d’úsáideadh siad clár i lár an urláir le pota na bpréataí a fhágáil ina shuí air leis na préataí a bhrú. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Nádúr agus Mothúcháin an Duine | An saol maith a bhí ag na daoine anseo an t-am sin, greann agus carthanacht, daoine ag brath ar a chéile agus ag cuidiú lena chéile. Scéal grinn faoin chéad chlog. | |
An Faire | Nósanna ag fairí. Daoine ina suí go maidin, ag déanamh tae agus ag cleasaíocht i lár na hoíche. ‘Díol an choirce’ cleas amháin. ‘An Post’. Tá sin ag athrach anois, ní bhíonn an oiread daoine ina suí go maidin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Treabhadh agus Rómhar | Ag rómhar agus ag obair ar an talamh. Obair spáide a bhí ann agus bhí achan duine á dhéanamh. De réir a chéile, tosaíodh ag obair le seisreach agus beithígh. Níl sin á dhéanamh anois. Bhí a lán den obair le déanamh ag na mná nuair a d’imíodh na fir go hAlbain. |
|
Móin | Stáisiún na Móna - bhí Joe ag díol móna go príobháideach sular thosaigh stáisiún Mhín Na Cuigne. Cur síos maith air seo agus ar an mhóin. | |
Móin | Ag obair leis an Chomhairle Contae, obair mhóna nuair a d’oscail siad na portaigh. Bhí airgead le saothrú an t-am sin. Dhíoladh an Comhairle Contae de réir an daichead slat. Bhí conradh ag Seosamh leis an Chomhairle Contae agus leis an stáisiún. Chuir an obair seo moill ar dhaoine ag imeacht anonn go hAlbain agus tháinig daoine 'na bhaile agus thóg siad tithe agus tharraing siad iasachtaí bainc. | |
Ceirdeanna agus Cothú an Tí | A chuimhní ina ghasúr óg fán chladach. Ag bordáil leathaigh san earrach le cliabh agus le hasal, scáth bhuí. Cur síos maith ar an obair seo uilig, feamnóg, miasóg, sabhán, slata mara agus ag dó ceilpe faoi na beanna. Obair mhaslach a bhí ann agus fuair siad £10 an tonna. | |
Seanchas faoi Bhlí na mBó | Ag déanamh eadra roimh scoil. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Imirce | American Wake - d’imigh beirt deirfiúracha Sheosaimh go Meiriceá nuair a bhí Seosamh 6 nó 7 mbliana d’aois agus bhí oíche mhór ceoil & damhsa sa teach go maidin. D’imigh siad ó stáisiún traenach Ghaoth Dobhair. | |
Imirce | Albain: d’imigh Joe go hAlbain in 1916 ag baint an fhómhair d'fheirmeoir ar £2 sa tseachtain. Bhí sé 16 bliana d’aois. Bhí a dheartháir thall in Northumberland agus bhí fear eile leis. Cur síos ar an obair a bhí sé a dhéanamh. | |
Imirce | Chaith sé cúpla bliain anonn agus anall le cuidiú sa bhaile. Théadh sé anonn ansin ag obair ar an bhiatas. Cur síos ar an obair sin. | |
Imirce | D’oibrigh Seosamh ar na préataí thall in Albain fosta. Bhíodh scuaid ag fágáil an bhaile ag dul anonn an t-am sin. Bhí £110 le fáil in aghaidh an acra. Cur síos ar an am ansin fosta; an obair, an lá agus an lóistín. | |
Imirce | Ag imeacht go hAlbain agus go Northumberland nuair a bhí sé 16 bliana déag d'aois, d'oibrigh sé ar fheirm lena dheartháir, cur síos ar a bhlianta ansin, obair ar fheirmeacha, díoga, tógáil cloíocha, tánadh tornapaí. Am an chogaidh agus mol acu ag imeacht san arm. Bhí sé in Kelso, obair fhairsing, an chéad tarracóir, ag obair le beithígh, cur síos ar a bhlianta ansin. Daoine carthanach agus ionraic. Go leor daoine ón bhaile ansin, as Gaoth Dobhair, Cloich Cheann Fhaola, Inis Eoghain agus as na Rosa. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Obair | Ag baint na ceilpe, bhíodh lá saor ón scoil aige. Cur síos ar dhó na ceilpe. Scéal beag faoi ghasúr a chaill a bhealach ag dul 'na scoile lá amháin as siocair na toite ón cheilp. Ag díol na ceilpe ar £10 an tonna. Bhí scéim ann fosta ina dtiocfadh leo carr agus beithíoch a fháil ar cíoscheannach a fhad agus a bhí siad ag obair leis an cheilp. | |
Na Scoltacha Náisiúnta | Ag éirí aníos ina óige agus ag dul 'na scoile. Ar an tseanscoil a bhí Seosamh agus ba é Charlie Mac Monagail an máistir a bhí aige, fear iontach deas. Ní raibh a dhath le déanamh le léann an t-am sin muna raibh airgead agat agus ní raibh fána gcoinne ach imirce. Bhí go leor de na daoine cliste agus ní raibh léann ar bith acu. | |
Spailpíní | D’imigh sé anonn chuig a dheartháir in Albain nuair a bhí sé 16 bliana d’aois in 1937. Bhí an obair furast go leor a fháil. Bhí fear eile leis darbh ainm John Simon. Go Northumberland a chuaigh Joe ar dtús agus chuaigh John go Fifeshire. Tháinig John anall arís nuair a fuair a athair bás agus ina dhiaidh sin d’imigh sé go Meiriceá. Fuair sé bás go hóg thall i Meiriceá. Anonn ar bhád Dhoire a chuaigh siad, bhí sí garbh ach ba chuma leo, bhí lúcháir orthu a bheith uirthi. Bhíodh an t-eallach ar an bhád fosta. Bhíodh daoine ólta ann agus bhíodh siad ag troid. Scéal faoina uncail féin agus fear eile ag troid ar an bhád, nuair a shroich siad Albain fuair siad jab le chéile. |
|
Obair | A chuimhne ar dhó na ceilpe agus á díol ar £10 an tonna. Cur síos ar an am sin. | |
Obair | Thosaigh sé ar obair fheirmeoireachta san fhómhair. Bhí beithíoch agus carr aige fosta. Bhí obair chrua ann. Bhí airgead maith le saothrú le hobair an bhiatais, mhaireadh an obair sin mí agus ansin bhí obair le tornapaí le déanamh. Bhí díoga le glanadh sa gheimhreadh agus fálta le gearradh. Tascóireacht uilig a bhí ansin. Bhí dualgas orthu a dhul san airm dá mbeadh siad thall ar feadh roinnt blianta. | |
An Sagart | Scéal grinn fá Pháidí Thoraí agus an sagart. | |
Spailpíní | Na coinníollacha a bhíodh acu, bhí earraí gann go leor le linn an chogaidh ach dá mbítí ag obair ar thalamh, bhí dlí speisialta ann daofa, bhíodh siad ábalta níos mó d’achan rud a fháil. I mbotaí a bhíodh siad ina gcónaí. Tháinig sé 'na bhaile cúpla uair le linn na mblianta. £2 sa tseachtain an pá a bhí aige ar dtús nuair a chuaigh sé anonn. | |
An Eaglais Chaitliceach | A chuimhne ar thógáil Theach pobail Bhun na Leaca. Bhí sé ag obair ar dhéanamh na reilige. Thug daoine airgead agus bhí gach duine páirteach sa tógáil. Bhí go leor obair láimhe i gceist leis. An tAthair Mc Groarty an sagart paróiste a bhí ann an t-am sin. | |
Spailpíní | An caitheamh aimsire a bhíodh acu, théadh siad go dtí an teach leanna oíche Shathairn. Bhí daoine as a cheantar sa bhaile agus as Éirinn ansin. Bhí a gcéilí féin ag achan dream. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Éanlaith | An Fiach Dubh - ‘raven’. Deirtear go bhfuil tusicint daonna acu. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Mallachtaí | An Sagart Mc Groarty ag cur mallachta ar mhuintir Curransport. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Taibhsí i bhfoirm Duine | Na mairbh ag teacht ar ais chun saoil agus an dóigh le labhairt leis an mharbhán. Dá mbíodh fear a thug fáinne do bhean i ndiaidh bás a fháil agus é a theacht ar ais, deirtí leis “Cuirim ceist ort in ainm Íosa, an é duine saolta thú nó gill nó cá fhad ó d’fhág tú an saol seo?” ‘Gill’ a thugtaí ar an mharbhán. Bhíodh slat saileoige agat gan craiceann air agus dhéantaí ciorcal leis lena chur isteach ann. Shíntí an fáinne chuig an mharbhán leis an tslat. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer