Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Seosamh Mac Suibhne | ![]() |
Áit Chónaithe: | Bun na Leaca, Bun an Leaca, Gaoth Dobhair. | |
Áit Dúchais: | Faoi Chnoc, Cnoc Fola |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Bunadh na hÁite | Na chéad daoine a bhí Faoi Chnoc, triúr a bhí ann ach níl a fhios aige cá háit ar tháinig siad uaidh. Páidí Caí an t-ainm a bhí ar an fhear a raibh cónaí air ar thalamh Joe. Eoghan Crua agus Tarlach Bacach b'ainm don bheirt eile. Scéal faoin lá a raibh a athair amuigh ag tógáil claí agus leag sé seanbhallóg de theach Pháidí Caí. Shíl sé gur taibhse a bhí ag déanamh na sceimhe ach luchóg a bhí ann faoina veist. Chóir an chladaigh a shocair na daoine ar dtús mar a rinneadh i go leor áiteanna eile fosta, bhí sé níos sásta nuair a bhí siad ag obair le leas ar an talamh fosta. Tá loirg chróite le feiceáil go fóill. Bhí túr ann fosta ach thóg fear clocha as nuair a bhí sé ag tógáil tí. Níl a fhios aige caidé atá faoi, túr a bhí ann le coimhéad amach ar an fharraige. |
|
An Teach Cónaithe | A chuimhne ar urláir chréafóige sna tithe. Ansin thosaigh daoine ag cur isteach urláir stroighin agus d’úsáideadh siad clár i lár an urláir le pota na bpréataí a fhágáil ina shuí air leis na préataí a bhrú. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Faire | Nósanna sa tsean-am, fairí agus bás, caoineadh an mharbháin agus mná caointe, cur síos ar na cleasanna a bhíodh acu i ndiaidh an phaidrín. An Carghas. | |
Nádúr agus Mothúcháin an Duine | An saol maith a bhí ag na daoine anseo an t-am sin, greann agus carthanacht, daoine ag brath ar a chéile agus ag cuidiú lena chéile. Scéal grinn faoin chéad chlog. | |
An Faire | Nósanna ag fairí. Daoine ina suí go maidin, ag déanamh tae agus ag cleasaíocht i lár na hoíche. ‘Díol an choirce’ cleas amháin. ‘An Post’. Tá sin ag athrach anois, ní bhíonn an oiread daoine ina suí go maidin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Móin | Scéim bhaint na móna faoin Chomhairle Contae. Thug sé obair agus airgead chuig an cheantar an t-am sin, bhí óg agus aosta á dhéanamh agus bhí go leor calláin san áit. Measann sé go ndearna druidim stáisiúin na móna dochar mór don cheantar. Thosaigh an aos óg ag imeacht áiteanna eile ansin le hobair a fháil. An dóigh ar tosaíodh ar scéim na móna. Thosaíodh siad ag obair ar an mhóin go luath ar a 6 ar maidin agus chríochnaíodh siad mall tráthnóna. Chuirtí tús leis an obair i mí Márta. Ní raibh na portaigh silte, bhí siad iontach fliuch. Thug sé isteach airgead ag an am. |
|
Treabhadh agus Rómhar | Ag rómhar agus ag obair ar an talamh. Obair spáide a bhí ann agus bhí achan duine á dhéanamh. De réir a chéile, tosaíodh ag obair le seisreach agus beithígh. Níl sin á dhéanamh anois. Bhí a lán den obair le déanamh ag na mná nuair a d’imíodh na fir go hAlbain. |
|
Móin | Stáisiún na Móna - bhí Joe ag díol móna go príobháideach sular thosaigh stáisiún Mhín Na Cuigne. Cur síos maith air seo agus ar an mhóin. | |
Móin | Ag obair leis an Chomhairle Contae, obair mhóna nuair a d’oscail siad na portaigh. Bhí airgead le saothrú an t-am sin. Dhíoladh an Comhairle Contae de réir an daichead slat. Bhí conradh ag Seosamh leis an Chomhairle Contae agus leis an stáisiún. Chuir an obair seo moill ar dhaoine ag imeacht anonn go hAlbain agus tháinig daoine 'na bhaile agus thóg siad tithe agus tharraing siad iasachtaí bainc. | |
Ceirdeanna agus Cothú an Tí | A chuimhní ina ghasúr óg fán chladach. Ag bordáil leathaigh san earrach le cliabh agus le hasal, scáth bhuí. Cur síos maith ar an obair seo uilig, feamnóg, miasóg, sabhán, slata mara agus ag dó ceilpe faoi na beanna. Obair mhaslach a bhí ann agus fuair siad £10 an tonna. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Áit Chónaithe na Sióg | Fear a chonaic sióga, cuid de na scéalta a chum sé. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Na Scoltacha Náisiúnta | A óige. Ag dul 'na scoile ag 6 bliana d’aois, Charlie Mac Monagail a bhí ina mháistir. Bhí an saol crua go leor, chaitheadh siad siúl 'na scoile, cosa fuar, fliuch. Ar an tseanscoil Faoi Chnoc a bhí sé ar dtús. Thosaigh scoil úr ina dhiaidh sin. | |
Obair | Ag baint na ceilpe, bhíodh lá saor ón scoil aige. Cur síos ar dhó na ceilpe. Scéal beag faoi ghasúr a chaill a bhealach ag dul 'na scoile lá amháin as siocair na toite ón cheilp. Ag díol na ceilpe ar £10 an tonna. Bhí scéim ann fosta ina dtiocfadh leo carr agus beithíoch a fháil ar cíoscheannach a fhad agus a bhí siad ag obair leis an cheilp. | |
Na Scoltacha Náisiúnta | Ag éirí aníos ina óige agus ag dul 'na scoile. Ar an tseanscoil a bhí Seosamh agus ba é Charlie Mac Monagail an máistir a bhí aige, fear iontach deas. Ní raibh a dhath le déanamh le léann an t-am sin muna raibh airgead agat agus ní raibh fána gcoinne ach imirce. Bhí go leor de na daoine cliste agus ní raibh léann ar bith acu. | |
Spailpíní | D’imigh sé anonn chuig a dheartháir in Albain nuair a bhí sé 16 bliana d’aois in 1937. Bhí an obair furast go leor a fháil. Bhí fear eile leis darbh ainm John Simon. Go Northumberland a chuaigh Joe ar dtús agus chuaigh John go Fifeshire. Tháinig John anall arís nuair a fuair a athair bás agus ina dhiaidh sin d’imigh sé go Meiriceá. Fuair sé bás go hóg thall i Meiriceá. Anonn ar bhád Dhoire a chuaigh siad, bhí sí garbh ach ba chuma leo, bhí lúcháir orthu a bheith uirthi. Bhíodh an t-eallach ar an bhád fosta. Bhíodh daoine ólta ann agus bhíodh siad ag troid. Scéal faoina uncail féin agus fear eile ag troid ar an bhád, nuair a shroich siad Albain fuair siad jab le chéile. |
|
Obair | A chuimhne ar dhó na ceilpe agus á díol ar £10 an tonna. Cur síos ar an am sin. | |
Obair | Thosaigh sé ar obair fheirmeoireachta san fhómhair. Bhí beithíoch agus carr aige fosta. Bhí obair chrua ann. Bhí airgead maith le saothrú le hobair an bhiatais, mhaireadh an obair sin mí agus ansin bhí obair le tornapaí le déanamh. Bhí díoga le glanadh sa gheimhreadh agus fálta le gearradh. Tascóireacht uilig a bhí ansin. Bhí dualgas orthu a dhul san airm dá mbeadh siad thall ar feadh roinnt blianta. | |
An Sagart | Scéal grinn fá Pháidí Thoraí agus an sagart. | |
Spailpíní | Na coinníollacha a bhíodh acu, bhí earraí gann go leor le linn an chogaidh ach dá mbítí ag obair ar thalamh, bhí dlí speisialta ann daofa, bhíodh siad ábalta níos mó d’achan rud a fháil. I mbotaí a bhíodh siad ina gcónaí. Tháinig sé 'na bhaile cúpla uair le linn na mblianta. £2 sa tseachtain an pá a bhí aige ar dtús nuair a chuaigh sé anonn. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Scéalta Grinn | Cois cladaigh a shocair na daoine ar dtús, bhí bia na farraige acu ansin. Na chéad daoine a chónaigh san áit ar an chósta, Páidí Mc Kay, Eoghain Crua agus Tarlach Bacach a bhí ar an chéad triúr fear a shocair síos ansin. Scéal grinn faoi thaibhse Pháidí Kay. | |
Seanchaithe agus a nEalaín | Scéal faoi Hiúdaí Thoraí, an sagart. Ba as Mín an Locha é agus bhí sé ag coimhéad barr ar na caoirigh. | |
Scéalta Grinn | Na chéad daoine a chónaí Faoi Chnoc, triúr cónaitheoirí a bhíodh ann; Eoghan Crua, Tarlach Bacach agus Páidí Chi. Scéal grinn faoi thaibhse Pháidí. | |
Scéalta Grinn | Tuarastal le díol leis an tsagart, an tAthair Mc Groarty a bhí ann, scéal grinn fá seo. | |
Logainmneacha | Litreacha atá ar an talamh Faoi Chnoc, litreacha atá iontu a cuireadh síos le linn an chogaidh le taispeáint d’eitleáin go raibh siad ar thalamh neodrach. Tá a n-ainmneacha scríofa ag triúr fear ann. Bhí Joe ag buachailleacht an lá a bhfaca sé iad ag scríobh a n-ainmneacha. Duffy b’ainm d'fhear amháin agus ba as Mín an Iolair fear eile darbh ainm Niall Boyle, Niall John Shimlín. Éire agus an uimhir 92 a bhí scríofa ann. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Imirce | American Wake - d’imigh beirt deirfiúracha Sheosaimh go Meiriceá nuair a bhí Seosamh 6 nó 7 mbliana d’aois agus bhí oíche mhór ceoil & damhsa sa teach go maidin. D’imigh siad ó stáisiún traenach Ghaoth Dobhair. | |
Imirce | Albain: d’imigh Joe go hAlbain in 1916 ag baint an fhómhair d'fheirmeoir ar £2 sa tseachtain. Bhí sé 16 bliana d’aois. Bhí a dheartháir thall in Northumberland agus bhí fear eile leis. Cur síos ar an obair a bhí sé a dhéanamh. | |
Imirce | Chaith sé cúpla bliain anonn agus anall le cuidiú sa bhaile. Théadh sé anonn ansin ag obair ar an bhiatas. Cur síos ar an obair sin. | |
Imirce | D’oibrigh Seosamh ar na préataí thall in Albain fosta. Bhíodh scuaid ag fágáil an bhaile ag dul anonn an t-am sin. Bhí £110 le fáil in aghaidh an acra. Cur síos ar an am ansin fosta; an obair, an lá agus an lóistín. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Éanlaith | An Fiach Dubh - ‘raven’. Deirtear go bhfuil tusicint daonna acu. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Mallachtaí | An Sagart Mc Groarty ag cur mallachta ar mhuintir Curransport. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer