Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Páidí Ó Briain | ![]() |
Áit Chónaithe: | Mín an Chladaigh, Mín Lárach, Cloch Cheann Fhaola. | |
Áit Dúchais: | Mín an Chladaigh |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Báid agus Longa | Adhmad a tháinig isteach ar an fharraige am an chogaidh. | |
Cosáin agus Bóithre | Cur síos ar na bealaí móra roimhe seo. | |
Scaipeadh Nuachta agus Eolais | Athrach le raidió, ní raibh ach ceann amháin ar an bhaile am an chogaidh. Oícheanta airneáin. | |
Iompar Nua-Aimseartha | A chuimhne ar an chéad bhus, Johnny Mc Gee an t-ainm a bhí ar an tiománaí. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Reiligí Áitiúla | Nósanna ag tithe faire, cochán ar an urlár, corp sínte amach, mná caointe, clog, madadh agus an áit a chuirtí éadach agus cláir na leapa an duine a fuair bás. An reilig i nGort an Choirce agus Tulacha Beigile roimhe seo. | |
Reiligí Áitiúla | An chéad duine a cuireadh i reilig Ghort an Choirce. Girseach bheag de chlann Uí Churráin as Mín an Leá a bhí inti. | |
Reiligí Áitiúla | Garadh Jackedy a thugtaí ar reilig Ghort an Choirce a thug fear darbh ainm Jack Sweeney dóibh. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Nósanna agus Piseoga | Sean nósanna a bhíodh ann leis an am agus an aimsir a insint. Marcanna ar chloch, fionnadh an ghabhair, crucaidí agus an snag breac (magpie). | |
Comharthaí Mí-Áidh | Pisreoga a bhíodh ag na seandaoine am na Sasanach. Poitín - an chéad chuid de a chaitheamh ag na sióga. Bean rua ag casadh leat. | |
Nósanna agus Piseoga | Lá Aonaigh agus Achar an Dá Lá Dhéag. Cleamhnas ar na laetha seo. Troid na mbataí. Na sean nósanna a bhíodh acu. Lá Naomh Peadar agus Pól ar 29 Meitheamh. pisreoga eile - aibhleog a thógáil as an tine, píosa beag iarainn a bheith coisreactha leat. Fáinne a dhéanadh thart ort féin le thú a chosaint. |
|
Sagairt | An tAthair Ó Domhnaill agus Teach Pobail an Chlochair i mBun an Leaca. Cuireadh é i 1949. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Na Scoltacha Náisiúnta | Scoil Mhín an Chladaigh agus ag dul faoi láimh an Easpaig. An Sagart Ó Baoill a bhí os cionn na scoileanna agus bhíodh léir Teagasc Críosta le foghlaim. | |
Obair | Bothóga a bhíodh ag daoine. Ag cur phréataí agus barr. | |
Na Scoltacha Náisiúnta | Scoltacha cois claí, ceann a bhí i Mín an Chladaigh. | |
Na Scoltacha Náisiúnta | An chéad scoil i Mín an Chladaigh, Coláiste Bhríde, Máistir Mac Aoidh a bhí ann. | |
Obair | Cónaí thíos cois cladaigh ar dtús agus a chuimhne ar áiteacha a raibh bothóga. Ag cur leas, scáth bhuí, ar an talamh. Bhí an talamh roinnte amach ar chúig phunta. Áit Leabach a thugtaí ar na píosaí. | |
Tiarnaí Talaimh agus Tionóntaí | Briseadh isteach an talamh. Cur síos ar seo. An Tiarna George Woodhouse a bhí ansin agus an báille O' Hanlon a bhíodh ag amharc indiaidh an talún dó. | |
Spailpíní | Taibhsí a bhíodh na seandaoine ag caint faoi a bhíodh sna tithe ina raibh siad ag fanacht iontu thall in Albain. | |
Spailpíní | D'fhan Paidí i dteach i Londain ina mharaigh an fear ar leis é, Dochtúir Cribbons, a bhean. 39 Hilltop Crescent seoladh an tí. | |
Spailpíní | Cur síos ar an saol a bhí ag na seandaoine thall. | |
Spailpíní | D'imigh sé ar fostaíoch ach thug a athair ar ais é siocair nach raibh duine ar bith sa bhaile. Bhí Micí agus Muiris ar an Lagán, chuaigh siad go Doire ansin agus ina dhiaidh sin d'imigh Muiris in airm na Sasana i 1943. | |
Obair | Na seandaoine ag siúl go Doire. Bhíodh corráin leo ag imeacht go hAlbain. Obair ar fheirmeacha thall agus ar choillte. Na botaí a bhíodh siad ag stopadh iontu. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Stair an Teaghlaigh | Cúlra a dhream. Tógadh é i Mín an Chladaigh. Shocair a mhuintir ansin i 1830. Cur síos ar a theaghlach agus an ceangal atá idir é féin agus clann Charlie Rosie in Inis Oirthear. | |
Gníomhartha Foréigin | Na Sé Feara Déag - Daoine a bhíodh ag coinneáil an tsuaimhnis fríd na tíre, bhíodh grúpaí acu ann. Chuirtí pionós ar dhuine a dhéanadh rud as bealach. | |
Stair an Teaghlaigh | Scaip a theaglach. Chuaigh dhá dheirfiúr go Meiriceá agus tá siad ansin go fóill. Throid a dhearthair, Muiris, in airm na Sasana. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Logainmneacha | Logainmneacha - Leac Cáit, Port Uí Churráin, Áit Uí Bhaoighill, Leac hanlon, Bun na mBonnán. Seanchas faoin talamh a bhí ag Cáit. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Bunadh na hÁite | Tháinig Clann Uí Bhriain as Co. an Chláir go Port Uí Churráin. Scéal faoin chéad fhear a chónaí i Mín an Chladaigh agus a chur dreasóg. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Iascaireacht | Scéal faoi Inbhir agus scadáin bheaga. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Cluichí agus Caitheamh Aimsire ag Faire | An cleasaíocht a bhíodh ar siúl ag fairí i ndiaidh an pháidrín, ina suí go maidin. Oráil ag fairí - ag díol airgid le sagart na paróiste nó leis an teaghlach le cuidiú leo costais a dhíol. Ag úsáid snaoisín, píopaí creafóige (cailce). |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Sióga | Scéalta síodh agus cailleacha. Chuala a dheirfiúr bean síodh ag caoineadh. Pisreoga ag baint le cailleacha agus iascaireacht. Lá Bealtaine agus tobar a rachadh daoine chuige ar an lá sin. sióga - ag tabhairt leo páistí agus poitín nó bainne a chaitheamh ag na sióga. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer