Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Páidí Ó Briain | ![]() |
Áit Chónaithe: | Mín an Chladaigh, Mín Lárach, Cloch Cheann Fhaola. | |
Áit Dúchais: | Mín an Chladaigh |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Iompar Nua-Aimseartha | A chuimhne ar an chéad bhus, Johnny Mc Gee an t-ainm a bhí ar an tiománaí. | |
Báid agus Longa | Adhmad a tháinig isteach ar an fharraige am an chogaidh. | |
Scaipeadh Nuachta agus Eolais | Athrach le raidió, ní raibh ach ceann amháin ar an bhaile am an chogaidh. Oícheanta airneáin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Stair an Teaghlaigh | Cúlra a dhream. Tógadh é i Mín an Chladaigh. Shocair a mhuintir ansin i 1830. Cur síos ar a theaghlach agus an ceangal atá idir é féin agus clann Charlie Rosie in Inis Oirthear. | |
Stair an Teaghlaigh | Scaip a theaglach. Chuaigh dhá dheirfiúr go Meiriceá agus tá siad ansin go fóill. Throid a dhearthair, Muiris, in airm na Sasana. | |
Gníomhartha Foréigin | Na Sé Feara Déag - Daoine a bhíodh ag coinneáil an tsuaimhnis fríd na tíre, bhíodh grúpaí acu ann. Chuirtí pionós ar dhuine a dhéanadh rud as bealach. | |
Stair an Teaghlaigh | A mhuintir, tógadh a athair i Mín an Chladaigh. Ba le Jimí Bhrianaí na dTurtóg an teach. Cur síos ar a dhaoine muinteartha agus a n-ainmneacha. Friel a b'ainm do mháthair, as Ros Goill, Fánaid. Pósadh thall i Dumbarton iad. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Múinteoirí Scoile | A chuimhne ar scoil Mhín an Chladaigh - Máistir Séan Mac Fhionnghaile, Cathal Ó Gallchóir, Gráinne Nic Giolla Bhríghde, Nóra Beag Ó Gallchóir. Dá gcailleadh siad lá bhíodh na gardaí ag an teach. Níor fhoghlaim sé mórán ar an scoil agus ní raibh dúil aige ann. | |
Na Scoltacha Náisiúnta | Scoil Mhín an Chladaigh agus ag dul faoi láimh an Easpaig. An Sagart Ó Baoill a bhí os cionn na scoileanna agus bhíodh léir Teagasc Críosta le foghlaim. | |
Na Scoltacha Náisiúnta | Scoltacha cois claí, ceann a bhí i Mín an Chladaigh. | |
Tiarnaí Talaimh agus Tionóntaí | Briseadh isteach an talamh. Cur síos ar seo. An Tiarna George Woodhouse a bhí ansin agus an báille O' Hanlon a bhíodh ag amharc indiaidh an talún dó. | |
Na Scoltacha Náisiúnta | An chéad scoil i Mín an Chladaigh, Coláiste Bhríde, Máistir Mac Aoidh a bhí ann. | |
Spailpíní | D'imigh sé ar fostaíoch ach thug a athair ar ais é siocair nach raibh duine ar bith sa bhaile. Bhí Micí agus Muiris ar an Lagán, chuaigh siad go Doire ansin agus ina dhiaidh sin d'imigh Muiris in airm na Sasana i 1943. | |
Spailpíní | D'fhan Paidí i dteach i Londain ina mharaigh an fear ar leis é, Dochtúir Cribbons, a bhean. 39 Hilltop Crescent seoladh an tí. | |
Spailpíní | Chuaigh Páidí go Albain in 1952. D'oibir sé ag feirmeoir ar feadh tamaill. Bhí se in North Humberlandshire, Falkirk agus ansin in Londain. Cur síos ar an obair, an phá, an t-am a chaith sé ansin. Bhí moll Éireannaigh, muintir na háite thall san am sin. | |
Spailpíní | Scéal fá mar a shaothraigh Paidí an t-airgead, £3, a thug go hAlbain é. Ag imirt chártaí a bhí sé i Mín Lárach. Chuireadh sé airgead na bhaile le cuidiú leo, ní raiibh airgead ar bith eile sa bhaile san am. | |
Obair | Ag obair leis an mhóin nuair a phill sé na bhaile agus a díol ag stáisiún Mhín na Cuinge. Cur síos ar an obair a bhí ar siúl aige. | |
Obair | Bothóga a bhíodh ag daoine. Ag cur phréataí agus barr. | |
Obair | Ní raibh airgead mór a shaothrú. Cur síos ar seo nuair a bhí sé thall in Sasana, am crua ach bhí dúil aige ann. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Reiligí Áitiúla | Nósanna ag tithe faire, cochán ar an urlár, corp sínte amach, mná caointe, clog, madadh agus an áit a chuirtí éadach agus cláir na leapa an duine a fuair bás. An reilig i nGort an Choirce agus Tulacha Beigile roimhe seo. | |
Reiligí Áitiúla | An chéad duine a cuireadh i reilig Ghort an Choirce. Girseach bheag de chlann Uí Churráin as Mín an Leá a bhí inti. | |
Reiligí Áitiúla | Garadh Jackedy a thugtaí ar reilig Ghort an Choirce a thug fear darbh ainm Jack Sweeney dóibh. | |
Cleamhnas | An dóigh a dhéantái cleamhnas fadó. Chaitheadh an fear isteach a chóta go bpiocadh an bhean suas é. Cleamhnas agus crúth - cén cruth a bheadh le bean, scéal grinn faoi seo. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Colm Cille | Naomh Colm Cille ag dul go Toraigh. Cnoc na Naomh agus Cnoc na Leabhar. Choinnigh an t-éan an leabhair tirim do Cholm Cille. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Oileáin | A chuimhní ar mhuintir Thoraí ag teacht amach ag baint mhóna. An saol ar an oileán agus an teach solais. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Logainmneacha | Logainmneacha - Leac Cáit, Port Uí Churráin, Áit Uí Bhaoighill, Leac hanlon, Bun na mBonnán. Seanchas faoin talamh a bhí ag Cáit. | |
Logainmneacha | Logainmneacha - Scoilt Mhór, Poll an tSagairt, Scoilt Phaidí Oireachtaigh, An Chrig. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Sagairt | An tAthair Ó Domhnaill agus Teach Pobail an Chlochair i mBun an Leaca. Cuireadh é i 1949. | |
Nósanna agus Piseoga | Sean nósanna a bhíodh ann leis an am agus an aimsir a insint. Marcanna ar chloch, fionnadh an ghabhair, crucaidí agus an snag breac (magpie). |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Bunadh na hÁite | Tháinig Clann Uí Bhriain as Co. an Chláir go Port Uí Churráin. Scéal faoin chéad fhear a chónaí i Mín an Chladaigh agus a chur dreasóg. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer