Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Pádraig Ó Colla | ![]() |
Áit Chónaithe: | Béal an Átha, An Fál Carrach, An Fál Carrach, Cloch Cheann Fhaola. | |
Áit Dúchais: | Inis Bó Finne |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Báid agus Longa | 1930:- Cailleadh bád bradán i nGaoth Dobhair de chlann Éamoinn Bháin (Mac Suibhne) as Gabhla. | |
Báid agus Longa | An Stolwyk- Soitheach mór a cailleadh ar an chósta in 1940. Bhí sí ag iompair lasta mór cruach (steel). | |
Báid agus Longa | Rása Na bhFear Dubh:- Soitheach Sasanach a bhris ag taobh na scoile in 1940. Ag iompar an phoist a bhí sí. | |
Báid agus Longa | “Volunteer Of Saint Johns”:- Soitheach éadaigh a cailleadh agus lasta adhmaid a iompair aici. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Comharthaí Aimsire | Comharthaí aimsire. Comharthaí ón ghealach agus sa spéir an mhaicréil, comhartha nuair a bhí gaoth mhór nó stoirm ag teacht. Comharthaí óna éanacha, na faoileáin ag eitilt iontach ard sa spéir, comhartha go bhfuil gaoth mhór ag teacht. Comhartha fearthainne: Na rúscáin nochtaithe, an duibheán le feiceáil ina shuí ar an chreig agus a eiteoga spréite aige. An áit a bhíonn na faoileáin ag déanamh neadracha, bráthann seo ar an aimsir. Buailteog ar an ghealach – fáinne thart ar an ghealach. Má tá an fáinne fada ar shiúl uathi tá an doineann giota ar shiúl ach má tá sé deas di, tá an droch aimsir níos cóngaraí dúinn. Lá Leamhóige, 15 Iúil, má chuireann sé fearthainn ar an lá sin cuirfidh sé ar feadh dhaichead (40) lá. Lá Bealtaine – luath ar maidin sula n-éireaodh an ghrian, chuireadh siad féar ar an tobar agus ansin bhíodh bainne acu ón bhó i rith na bliana agus im. Broinn shaoire – lá samhraidh ciún agus an fharraige ciúin, bhíodh an fharraige ag teacht isteach ar an trá agus briotaí beaga ag briseadh agus ag buaileadh isteach ar na creigeacha agus ar an trá. Sliopacha – tálach in do lámha. |
|
Comharthaí Aimsire | Ráiteas –Fear gan píopa, fear gan scríste. Bean gan leanbh, bean gan leithscéal. An míniú orthu. Comharthaí aimsire – Ball roimhe an ghrian; droch aimsir. Ball ina diaidh tráthnóna; aimsir mhaith. Cúr ag teacht isteach ar an fharraige; comhartha fearthainne agus cruálach. Treoir na gaoithe agus cruálach. An ghealach – oíche smúid ghealaigh. |
|
Comharthaí Aimsire | Leigheas do bheithíoch – píopaí tobac do bheithíoch dá mbeadh crambaí air. Cromadh siar faoin asal 3 huaire dá mbíodh triuch ar dhuine. Leigheas do shleamhnán ar do shúil, 9 spíonóg a phiocadh de chrann spíonóige agus iad a chuimil ar do shúil, ansin iad a chaitheamh thar do ghualainn. Leigheas do faithní ar do chraiceann, tá lag i gcloch ar chúl an oileáin agus uisce ina luí ann, an t-uisce seo a chur ar na faithní. Comharthaí Aimsire ó na hainmhithe; caoraigh agus turcaithe. Sean ráiteas eile: Rinne sé screagán don ghougán agus bogán don screagán. |
|
Oileáin | Bainiseacha, damhsaí agus saol ar an oileán. | |
Oileáin | Nósanna na ndaoine ar an oileán – ag insint an ama gan clog leis an ghrian. Ag lasadh toitíní le gloine agus teas na gréine. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Iascaireacht | An iascaireacht agus na báid. Ní raibh moll acu ábalta snámh ach bhí múinín mhaith aige sa bhád a bhí leo. Iascaireacht an scadáin, tá an scadán uasal. | |
Beithígh | Ag siúl amach agus isteach an Clochán leis na beithígh nuair a bhíodh tráigh rabharta ann le crúite a chur orthu, bhíodh sé meán oíche nuair a thagadh siad amach, sin an t-am a bhí an trá rabharta ann agus gealach iomlán agus bhíodh siad ar shiúl isteach arís ar maidin. Thig leis an trá rabharta a bheith contúirteach murach bhfuil fios ag duine c’ait atá siad ag dul. | |
Móin | Ag siúl amach an Aifrinn go Gort an Choirce. Gach Domhnach thagadh cúpla bád amach da mbíodh an aimsir go breá. Thagadh siad amach fosta ag baint mhóna thuas ag Taobh an Leithéid, bhí cúpla míle le siúl acu nuair a thagadh siad den bhád i Machaire Rabhartaigh. Bhíodh ocras orthu leis an taisteal ach ní raibh mórán le hithe acu. Bhí sí le cróigiú agus le cur amach. Bhí obair iontach mhaslach acu. Cur síos ar seo ó thógadh siad ón phortach í go mbíodh sí sitigh ar an oileán acu. Ní raibh portach ar bith istigh in Inis Bó Finne acu. Bhí móin le fáil ar Oileán Dúiche. |
|
Seanchas faoin Iascaireacht | An iascaireacht do dhaoine an oileáin. Chuir an rialtas deireadh leis an iascaireacht agus dár le Pádraig nár fágadh rud ar bith ag muintir an oileáin. Tá cé in Inis Bó Finne a chuirfeadh náire orthu. Tá an ché tógtha le fada, fada an lá agus tá droch bhail uirthi agus tá sí iontach dainséarach. Measann Pádraig é féin gur doiligh a rá cé acu a rachaidh daoine ar ais le cónaí ar an oileán níos mó. Nuair a bhí moll daoine ina gcónaí ar an oileán, níor chuidigh an rialtas agus tá seans nach gcuideodh siad anois nuair nach bhfuil an oiread sin fágtha. |
|
Iascaireacht | Potaí Gliomach- an dóigh a bhí ag na iascairí le marc a choinneáil. | |
Seanchas faoin Iascaireacht | Focail ag baint leis na báid/iascaireacht: Snaidhm dol bhacán an choinín. Snaidhm na seamróige. |
|
Seanchas faoin Iascaireacht | Sa gheimhreadh bhíodh siad ag cóiriú eangach. Snáthadán ag cóiriú eangach scadáin. Mugarlán fá choinne eangach potaí gliomach. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Tubaistí Áitiúla | Báid a cailleadh: An Stalwick a cailleadh ar chúl oileán Dúiche in 1940. Bád cogaidh Ollanaigh a bhí inti. Sábháladh cuid acu ach bádh cuid acu fosta. Tá siad curtha i gCill Ulta. Tháinig scriostóir Sasanach isteach le í a shábháil ach bhí siad rómhall. | |
Daoine Aitheanta go hÁitiúil | An méid a chluin sé ariamh ar an mhilliúnaí Kingsley Porter. Bhí teach agus báid aige ar an oileán. Níl sé cinnte caidé a tháinig air ach measann sé go raibh plota de chineál inteacht ann. Bhí péas na Sasanach ansin ag an am ach níor thiontaigh siad a dhath suas. Chuaigh a bhean go Gleann Bhéithe i ndiaidh a bheith ar an oileán ach níor cluineadh uirthi ina dhiaidh sin. Measann sé nach raibh páirt ar bith ag a bhean ina mharú. Scoilt na Ribe Ruaidh/Oileán na Marbh (maríodh cúpla duine ansin). |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Logainmneacha | Logainmneacha – na scoilteanna ar an oileán ó cheann go ceann. Scoilt na Móna, Scoilt na gCoirín, Scoilt na Bó, Scoilt Bun an Chlaí, Scoilt na Muiríní, Scoilt an Chládaigh Fhuil (Scoilt an Mhine), Tobar an Ghlasáin, Poll na Seideoige, Scoilt an gCaorach, An Mhainnear, Tóin na mBuile Móir, Scoilt na Ribe Ruaidh, An Scoilt Chaol, An Scoilt Gheal, An Scoilt Cearraidh, Buill an Mhuilinn. |
|
Seanfhocail agus Nathanna Cainte | Nathanna cainte – Cha dtig cruathas go Earrach (bhí achan rud ag éirí gann nuair a thiocfadh an Earrach). Gheobhaidh cú mall fhéin greim ar an ghiorria (deirtí seo le duine agus iad mall ag cuartú rud inteacht). Lár na Téide – i do sheasamh i lár an bhealaigh. |
|
Seanfhocail agus Nathanna Cainte | Sean fhocail, nósanna, pisreoga agus araile ag baint le saol an oileáin agus an iascaireachta. Saol atá imithe agus nach dtagann ar ais. | |
Seanfhocail agus Nathanna Cainte | Laethanta áirithe den bhliain a bhfuil scéal ceangailte leo m.sh. Lá Leamhóige, Gearradh Dubh na Nollag. | |
Seanfhocail agus Nathanna Cainte | Nathanna Cainte: “Chuir mé ar bharr a chéille é”, duine ata tógtha. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Sagart | Tógáil teach pobail, an halla agus cros ar an oileán. Ba daoine an oileáin a rinne an obair uilig faoi stiúir An Sagart Shields. | |
Spailpíní | D’imigh sé go hAlbain, go Glaschú i dtús na seascaidí ag obair thógála. Bhí léir acu ag imeacht san am. Rud iontach a bhí ann ag fágáil an oileáin. Cuireadh faoi reasta iad nuair a bhí siad ag imeacht, sin an t-am a bhí an trioblóid go mór sa tír, ach níor coinníodh iad. Bhí píosa maith le siúl acu ag cuardach oibre sna tolláin ach níor bhfuair siad obair. Fuair siad síob go Inverness agus ar an traen ar ais go Falkirk arís. Ag stopadh in ‘models’ a bhí sé agus a chuimhne ar seo agus na daoine a bhí ag stopadh ansin. Ní raibh bainisteoir na models iontach deas. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Nósanna agus Piseoga | An creideamh agus na nósanna nuair a bhíodh duine marbh agus i rith am na faire: stoptaí an chlog nuair a bhíodh duine bás agus ní dhéantaí obair ar bith i rith am na faire. Deirtí go raibh an duine ar shiúl fríd thine phurgadóra. Ní théití ag damhsaí ar feadh bliana i ndiaidh duine muinteartha leat bás a fháil. | |
Comharthaí Báis | Comharthaí Báis. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Bás | An Bás – mná caointe; bhí bean ar an oilean, Beití (Beathóg) Ní Bhriain, a chaoin na mairbh. Chreid na daoine san am go gcaithfidh a ghabháil fríd thine Phurgadóra ar dtús sular bhfaightí isteach na bhFlaithis. Nuair a bhí sí tinn, bhí sé léi ar an oilean. Chuir Pádraig fá choinne An Sagart Shields agus d’inis an sagart do go raibh a mháthair ag a dhoras an oíche roimh ré a chuardach |
|
Cleamhnas | Cleamhnas :- Thugadh an t-athair áit coise / áit leath bó (crú / crúigh / crodh / spré) dona iníon. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Iarsmaí ón Seansaol | Áiteanna istigh ar an oileán, Bothóg an Bhaoiligh. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer