Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Cleamhnas | Cleamhnas :- Thugadh an t-athair áit coise / áit leath bó (crú / crúigh / crodh / spré) dona iníon. | |
| An Tórramh | Neil Mc Gregor:- corp a thug Pádraig é féin amach go tír mór | |
| An Bás | An Bás – mná caointe; bhí bean ar an oilean, Beití (Beathóg) Ní Bhriain, a chaoin na mairbh. Chreid na daoine san am go gcaithfidh a ghabháil fríd thine Phurgadóra ar dtús sular bhfaightí isteach na bhFlaithis. Nuair a bhí sí tinn, bhí sé léi ar an oilean. Chuir Pádraig fá choinne An Sagart Shields agus d’inis an sagart do go raibh a mháthair ag a dhoras an oíche roimh ré a chuardach |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Iascaireacht | Iascaireacht scadán. I ndiaidh am an chogaidh a thosaigh seo i mbá Mhachaire Uí Rabhartaigh, tháinig báid as Toraigh, Árainn Mór agus as Dún Cionnaola. Ní raibh Pádraig é féin ag iascaireacht san am sin, ina dhiaidh sin a fuair sé cúpla lucht scadán i Machaire Uí Rabhartaigh. I bPort na Bláiche a rinne sé cuid mhór dena chuid iascaireachta. | |
| Seanchas faoin Iascaireacht | Focail ag baint leis na báid/iascaireacht: Snaidhm dol bhacán an choinín. Snaidhm na seamróige. |
|
| Seanchas faoin Iascaireacht | pisreoga ag baint leis an iascaireacht: deirtí go raibh an scadán uasal agus áit ar bith ina mbíodh argóint nó a leithéidí ar siúl, d’imíodh na scadáin. Dá gcastaí bean rua daofa agus iad ag gabháil ag iascaireacht, chreid siad go raibh droch-ádh ansin. pisreoga ag baint le hainmneacha. Bó caite; droch amharc ar an bhó agus ní bhéití ábalta bainne a fháil uaithi. Cur síos ar an dóigh leis an bhó a leigheas. |
|
| Seanchas faoin Iascaireacht | Sa gheimhreadh bhíodh siad ag cóiriú eangach. Snáthadán ag cóiriú eangach scadáin. Mugarlán fá choinne eangach potaí gliomach. | |
| Iascaireacht | An iascaireacht agus na báid. Ní raibh moll acu ábalta snámh ach bhí múinín mhaith aige sa bhád a bhí leo. Iascaireacht an scadáin, tá an scadán uasal. | |
| Iascaireacht | Scadán caoch – scadán agus cúpla préata agus braon uisce. Tomhais: Scadán go leith ar phingin go leith – cé mhéid a bheadh dosaen? |
|
| Iascaireacht | Potaí Gliomach- an dóigh a bhí ag na iascairí le marc a choinneáil. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Comharthaí Aimsire | Leigheas do bheithíoch – píopaí tobac do bheithíoch dá mbeadh crambaí air. Cromadh siar faoin asal 3 huaire dá mbíodh triuch ar dhuine. Leigheas do shleamhnán ar do shúil, 9 spíonóg a phiocadh de chrann spíonóige agus iad a chuimil ar do shúil, ansin iad a chaitheamh thar do ghualainn. Leigheas do faithní ar do chraiceann, tá lag i gcloch ar chúl an oileáin agus uisce ina luí ann, an t-uisce seo a chur ar na faithní. Comharthaí Aimsire ó na hainmhithe; caoraigh agus turcaithe. Sean ráiteas eile: Rinne sé screagán don ghougán agus bogán don screagán. |
|
| Oileáin | Bainiseacha, damhsaí agus saol ar an oileán. | |
| Comharthaí Aimsire | Comharthaí aimsire. Comharthaí ón ghealach agus sa spéir an mhaicréil, comhartha nuair a bhí gaoth mhór nó stoirm ag teacht. Comharthaí óna éanacha, na faoileáin ag eitilt iontach ard sa spéir, comhartha go bhfuil gaoth mhór ag teacht. Comhartha fearthainne: Na rúscáin nochtaithe, an duibheán le feiceáil ina shuí ar an chreig agus a eiteoga spréite aige. An áit a bhíonn na faoileáin ag déanamh neadracha, bráthann seo ar an aimsir. Buailteog ar an ghealach – fáinne thart ar an ghealach. Má tá an fáinne fada ar shiúl uathi tá an doineann giota ar shiúl ach má tá sé deas di, tá an droch aimsir níos cóngaraí dúinn. Lá Leamhóige, 15 Iúil, má chuireann sé fearthainn ar an lá sin cuirfidh sé ar feadh dhaichead (40) lá. Lá Bealtaine – luath ar maidin sula n-éireaodh an ghrian, chuireadh siad féar ar an tobar agus ansin bhíodh bainne acu ón bhó i rith na bliana agus im. Broinn shaoire – lá samhraidh ciún agus an fharraige ciúin, bhíodh an fharraige ag teacht isteach ar an trá agus briotaí beaga ag briseadh agus ag buaileadh isteach ar na creigeacha agus ar an trá. Sliopacha – tálach in do lámha. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| An Sagart | Tógáil teach pobail, an halla agus cros ar an oileán. Ba daoine an oileáin a rinne an obair uilig faoi stiúir An Sagart Shields. | |
| Spailpíní | D’imigh sé go hAlbain, go Glaschú i dtús na seascaidí ag obair thógála. Bhí léir acu ag imeacht san am. Rud iontach a bhí ann ag fágáil an oileáin. Cuireadh faoi reasta iad nuair a bhí siad ag imeacht, sin an t-am a bhí an trioblóid go mór sa tír, ach níor coinníodh iad. Bhí píosa maith le siúl acu ag cuardach oibre sna tolláin ach níor bhfuair siad obair. Fuair siad síob go Inverness agus ar an traen ar ais go Falkirk arís. Ag stopadh in ‘models’ a bhí sé agus a chuimhne ar seo agus na daoine a bhí ag stopadh ansin. Ní raibh bainisteoir na models iontach deas. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Scéalaíocht | Tomhas: fear ag tabhairt gé, madadh rua agus sapóg trasna na habhann. Crú an bheithígh. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer