Goitse, Meitheamh 2011

14 Goιtse Meitheamh 2011 Bhí muid idir dhá thine Bhealtaine le gairid (ar an laghad), agus tá cuid mhaith den cheantar fágtha dubh dóite tar éis an scrios. Is iad fraoch ( Calluna vulgaris, Erica spp.) agus aiteann ( Ulex europaeus ) na príomh ábhar brosna sna tinte caoráin. Tá aiteann ar cheann de na plandaí is inlasta sa tír. Ach ní miste leis an tom seo ma tá sé loiscthe go talamh, mar thig leis áthfhás ó na fréamhacha. Agus bíonn deis ag na síolta tús a chur le fás gan mórán iomaíocht; lena chois sin tá an luaith ina leas acu. San am a chuaigh thart, bhí tionscal mór sa tír seo ag plé le adhmad aitinne mar ábhar tine siocar go ndóigheann sé le teas ard agus ní bhíonn mórán luaithe fágtha. Dá bhrí sin bhí sé in úsáid sna oighinn báicéireachta agus tine aoil, mar shampla. Tá aiteann sa fine Fabaceae nó Leguminosae mar a bhíodh air. Is seo ceann de na grúpaí plandaí is mó le beagnach 20,000 speicis agus tá baill le fáil ar fud na cruinne. Tá an grúpa úd iontach tábhachtach don chine daonna mar bhia; pis Pisum sativum , pónairí Phaseolus vulgaris , Vicia faba , lintile Lens culinaris , soighe Glycine max , cnó talún Arachis hypogea agus eile; agus mar chuid do stoc; seamair Trifolium spp ., meidic na mbó Medicago sativa , crúibín cait Melilotus spp . agus peasair Vicia spp . Agus ba gnáth aiteann a thabhairt do na hainmhí fosta, ach é a bhriseadh tré buaileadh roimhe, de bharr na spíonlach. Tá líon ard próitéin sna plandaí seo uilig. Chomh maith le seo tá tréith ar leith ag an Fabaceae: bíonn gaol simbeoisach acu le baictéir Rhizobium spp . atá ábalta nítrigin atmasféarach a iompú go amóinia, form atá inghlactha ag plandaí. Is de bhrí seo atá aiteann in ann maireachtáil ar thalamh bocht. Tá seacht speicis d’aiteann ann. Tá said dúchasach do mhór-roinn na hEorap, go háirithe sa deisceart. Tá dhá speicis dúchasach don tír seo- Ulex europaeus (ar fud na tíre) agus Ulex gallii (deisceart, oirthear), agus tá Ulex minor ag fás go nádúrtha in áiteacha tar éis bheith tugtha isteach. Ceann de na gnéithe is aitheanta ag an aiteann iad na dealga. Is duilleoga mion- athraithe na spíonta seo. Tar éis ginidiú, nuair a thagann planda óg ón síol, bíonn an chéad dhá phéire dhéag de dhuilleoigín trídhuilleach, cosúil le seamróg agus mórchuid den Fabaceae. Ach ina dhiaidh sin bíonn said laghdaithe go clipí beaga nó iompaithe go spíonta géara. Tá na bláthanna síoga- morfach, sé sin go bhfuil déantas déthaobhach, comh- chruthach orthu. Is comhartha seo go bhfuil speisialtóireacht i gceist ó thaobh phailniú. Tá an aiteann ag brath ar na beacha Apis spp . agus bumbóga Bombus spp . chun an pailín a spré ó bhláth go bláth. Tá dath buí na mbláth an fheiceálach do na beacha agus tá said meallta ag an bholadh deas milis. Nuair a thuirlingíonn beach ar bhláth aitinne ag lorg neachtar (nach bhfuil le fáil) cúisíonn a meáchan na staimíní a bhriseadh amach as faoi dhá phiotal a bhí ceangalte le chéile. Buaileann na staimíní an beach agus fágtear pailín ar an corp clúmhach. Cé nach bhfuil neachtar le gnóthú ag na beacha tá pailín tábhachtach mar chuid do na cruimheanna. Tá an tortha ina léagúm, sé sin go bhfuil sé pónrach. Bíonn idir síol amháin agus sé cheann i ngach léagúm. Scoilteann an capsúl seo i dteas na gréine le réab agus thig leis na siolta bheith caite suas le deich dtroigh. Tá na síolta crua lonrach agus bíonn deis acu siúd bheith scaipthe níos faide ag seangáin. Is an elaiosóm (sprochaille ola) atá uathu. Tá seo greamaithe don síol agus tá cothú maith ann. Meastar go bhfuil na síolta iad féin nimhiúil. Sa Nua Shéalainn chuir aiteann, chomh maith le sceach gheal Crataegus monogyna agus giolcach shléibhe Cytisus scoparius , bagairt ar na plandaí áitiúla tré ceantair a choilíniú, ó thugadh isteach sa tir iad. Conall Mac Conn Mire Teamhaltán: zip fastener Crúbach: bó a bhfuil dhá chrúb tiontaithe isteach uirthi …club footed …an dá chois tiontaithe isteach ag amharc ar a chéile Cruth: dowry …áit bó agus gamhain a gheobhadh an bhean sa tsean am. Déanach (1) : tá an duine bocht sin déanach … tá sé ag fáil bháis …níl sé ró mhaith. Déanach (2) : algae buí … féar beag buí. Carlanagach: cosuil leis an déanach. Cráifeach: iontach naofa. Corra bangach: cathaoir nach mbeadh ina shuí go cothrom Loftán: ledge …dá mbeifeá thios í mbeanna iontach ard???? Déanfasach: duine atá lán dó féin … sotalach Géineach: comh-cheol na néan …ag éisteacht le géineach na néan Cúglú: reversing …bheithfeá ag cúglú báid …an bád ag gol ‘un deiridh … cúglaigh an carr …gabh ‘un deiridh Stiall: strip talúin … strip éadaigh … tá stiall mór talaimh ansin Ghil: scoilt an chladaigh ghil …gil- chladach iontach geall Tlamán: lán béil na bó …an méid a bhéarfas bó léithe ina béal de choirce, ná de éar ná rud ar bith Goiste: post mortem Abhlóir: duine iontach trioblóideach, a bhionn ag tabhairt trioblóid do na comharsanai go minic …ag tabhairt trioblóid do dhaoine go minic … sin abhlóir amach Achrannach: … sé’n chiall a bhi agamsa leis ná duine achrannach, duine a bheadh ag tógáil achrainn …úit úr nach dteachaigh tú ann roimhe, agus go mbeifeá caillte rud beag. Aclai: Dá mbeadh gearradh iontach cruaidh ar do lamh …cur gráinn cleimreadh (uachtar bainne) ar an ghearradh , agus déanfaidh sé aclai an gearradh, nó an chreith (chreach: wound) … Éástair (adhastair): a chur ar bheitheach: halter …anuas dhá shúil cloigeann a bheithigh …agus cheanglófa suas an beafa(bridle) leis sin Aibhéileach: Dá gcluinfeadh an duine seo scéal, chuirfeadh sé ruball no dhó leis an scéal …ag deanamh aibhéil … exaggerating Ainceálta: duine gan réasún …duine nach bhfuil réasún ar bith aige … fear iontach ainceálta atá ann.. Fioch: dá mbeadh crave tíocras ar dhuine fá choinne toitín … tá fioch orm fá choinne smailc cnaibe … fá choinne toit Focla Mhıcí Aiteann Ulex europaeus Connachtaigh Chraiceáilte! Mícheál Sonaí, Beairtile Ó Domhnaill agus PJ Sonaí ag “gabháil fhoinn”Áine Nic Bhloisce agus Caitlín Joe Jack ag baint suilt as an oíche Áine Nic Bhloisce agus Caitlín Joe Jack ag baint suilt as an oíche Ríonach Ní Scolaí, Julianne Ní Chonchobhair agus Emily Aoibhinn Damian Nixon agus a bhean Jackie ag damhsa Bhí “Cén chaoi an bhfuil sibh” agus “ag gabháil oinn” le cluinstin i rith na hoíche i dTeach Hiúdaí Bhig oíche Shathairn seo a chuaigh thart nuair a bhí Beairtle Ó Domhnaill, PJ Sonaí, Micheál Sonaí, Eibhlín Sonaí, agus na Sonnaithe óga ar an ardán agus ag damhsa ar an urlár. Bhí an Londubh ar an urlár lena cuid cleití fosta! Chomh maith leis an cheol tíre agus an damhsa ar an tsean-nós, thug Damian Nixon as Doire agus Seán Mac Corraidh as Béal Feirste cúpla amhrán breá dúinn agus,mar is gnách, bhí oíche ar dóigh ag achan duine!

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3