Goitse, Meitheamh 2011

Meitheamh 2011 Goιtse 15 Sláinte Mhaith RTÉ Raidió na Gaeltachta 9.30rn Satharn 4 Meitheamh Agus mic léinn na hArd Teiste réidh le dul i mbun scrúdaithe, beidh plé sa chlár inniu ar shláinte na mac léinn. Tá plé ar ghalair tógála gnéis agus déanann an comhairleoir Éamonn Ó Dochartaigh cur síos ar sheirbhísí comhairleoireachta ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Labhrann Áine Ní Bhloscaigh faoin bhuairt a bhíonn ar thuismitheoirí agus a gclann ag dul chun na hollscoile agus cluinimid ó na mic léinn féin fosta. Comhluadar na Leabhar RTÉ Raidió na Gaeltachta 10.30rn Domhnach 5 Meitheamh Tá an samhradh linn, agus beidh na mílte ag tabhairt faoi chasán siúil an Camino de Santiago de Compostela. Pléann Emer Ní Bhrádaigh agus Bláithín Ní Liatháin ‘An Bóthar go Santiago’ le Mích- éal de Barra agus leabhair eile taistil a chorraíonn iad ar an gclár inniu. Ó Bhaile go Baile RTÉ Raidió na Gaeltachta 1.30in Máirt 7 Meitheamh 9.30rn Domhnach 12 Meith Cuirfear tús le sraith nua cláracha ‘Ó Bhaile go Baile’ le hÁine Ní Churráin le linn an tsamhraidh. Sa tsraith seo beidh Áine ag caint agus ag comhrá le pobail éagsúla ó Dhún na nGall. Ins an chéad chlár, déan- ann Áine siúlóid Thulacha Ó Beaglaoich, ó Ghaoth Dobhair go Cloich Cheann Fhaola i gcuideachta scaifte daoine a bhí ag céiliúradh naoi mbliana déag ó thoisigh daoine ag déanamh na siúl- óide. Ba ghnách le daoine ó Ghaoth Dobhair an turas a dhéanamh leis na mairbh a iompar, chun iad a chur i gCré na Cille i dTulacha Ó Beaglaoich. Binneas Béil RTÉ Raidió na Gaeltachta 2in Déardaoin 9 Meitheamh Is é Dónall Mac Ruairí a bheidh ar na maidí an tseachtain seo. Is ceoltóir é Dónall agus fios a ghnoithe go maith aige, mar sin bí ag súil le meascán deas ceoil agus amhrán. Nótaí Ceoil le Fiachna Ó Braonáin RTÉ Raidió na Gaeltachta 9in Aoine 10 Meitheamh Is í Evelyn O’Rourke a bheidh sa stiúideo an tseachtain seo lena cuid cuimhní cinn ar bhliain faoi leith, agus a rogha ceoil, a roinnt le Fiachna Ó Braonáin. Is craoltóir raidió agus teilifíse í Evelyn atá ag obair le RTÉ ón bhliain 1998. Tá tréimhsí caite aici ag obair mar láithreoir agus mar thuairisceoir ar chuid mhaith cláracha, ina measc: ‘Today with Pat Kenny’, ‘Liveline’,‘Operation Transformation’ agus ba í a bhí mar thuairisceoir ar ‘The Gerry Ryan Show’ ar feadh blianta fada. Rannpháirtí rialta í ar chláracha éagsúla do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus do TG4. Ar an Raidió Binneas Béil: Rogha ceoil Dhónaill Mhic Ruairí Ceist: Chaill mé mo phost le déanaí agus tá mé ag smaoineamh ar obair dheonach a dhéanamh mar tá am saor agam. An mbeidh tionchar aige seo ar m’íocaíocht Sochar Cuardaitheora Poist? Caidé mar a thiocfadh liom rud éigin a aimsiú a óireann do mo chuid scileanna? Freagra: Is bealach maith atá in obair dheonach le coinneáil gníomhach, scileanna nua a oghlaim agus bheith páirteach i do phobal áitiúil. ig leat roinnt oibre a dhéanamh mar oibrí deonach agus do shochar leasa shóisialaigh a choinneáil.Ach, caithfidh tú leanúint ort ag sásamh na gcoinníollacha ar fad a bhaineann le d’íocaíocht (lena n-áirítear an riachtanas go bhfuil tú ar fáil agus ag lorg oibre). Déanfaidh an tOifigeach Breithiúnachta ag d’Oifig Áitiúil Leasa Shóisialaigh nó an rannóg a íocann d’íocaíocht leasa shóisialaigh cinneadh de ghnáth an féidir leat d’íocaíocht leasa shóisialaigh a choinneáil agus oibriú mar oibrí deonach. Cuireann an tOifigeach Breithiúnachta roinnt tosca san áireamh agus cinneadh á dhéanamh aige an bhfuil an obair deonach. Áirítear leo seo: • Aidhmeanna agus seasamh na heagraíochta deonaí (tig leo bheith ina ngrúpaí náisiúnta nó áitiúla) • An cineál oibre atá i gceist • An líon uaireanta a oibrítear sa tseachtain D’éadfaí a áireamh le samplaí d’obair dheonach a dhéanfá cuidiú le clubanna óige, grúpaí cúraim, grúpaí spóirt, grúpaí eaglaise agus cumainn chónaitheoirí áitiúla. Más mian leat obair dheonach a dhéanamh agus Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist a choinneáil, caithfidh tú iarratas a dhéanamh faoin rogha obair dheonach sula dtosaíonn tú aon obair dheonach. Chun iarratas a dhéanamh, comhlánaigh foirm iarratais (VW1), atá ar fáil ó d’Oifig Áitiúil Leasa Shóisialaigh. Is í 2011 Bliain Eorpach na hOibre Deonaí agus beidh go leor imeachtaí ar siúl timpeall na tíre le ceiliúradh a dhéanamh agus obair dheonach a chur chun cinn. Tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin ag eyv2011.ie chun tuilleadh eolais a áil ar an bhliain. ig leat teagmháil a dhéanamh chomh maith le Volunteering Ireland (volunteeringireland.ie) agus Volunteer Centres Ireland (volunteer.ie ) chun tuilleadh faisnéise a áil faoi dheiseanna oibre deonaí nó amharc ar shuíomh gréasáin Activelink (activelink.ie ). Tá tuilleadh eolais le fáil ón Ionad Faisnéise do Shaoránaigh thíos. Chuir Ionad Faisnéise do Shaoránaigh ‘Bíodh Eolas agat ar do Chearta’ le chéile. Cuireann an tIonad seo seirbhís shaor in aisce agus faoi rún ar fáil don phobal. Tá faisnéis le fáil fosta ar líne ag citizensinformation.ie agus ón tSeirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh, Íosghlao 1890 777 121. Saineolaithe na bhfocal Toose Mac Gearailt, Corca Dhuibhne, Máire Feiritéar, Conamara, agus Micí Whiting Mac Aoidh, Inis Bó Finne ag glacadh páirte sa chlár RónánBeo@3 i stiúideo Raidió na Gaeltachta ar an Screabán an tseachtain seo. Cé gombíonn an triúr ag plé focla agus foclaíochta gach seachtain ar chlár Rónáin Mhic Aodha Bhuí, bé clár na seachtaine seo an chéad uair acu a bheith ag craoladh as aon stiúideo amháin. Tá a cholún féin ag Micí Whiting ar leathanach 14 den eagrán seo. Bíodh eolas agat ar do chearta An tUisceadóir Eanáir 21 - Feabhra 19 Beidh duine nó daoine ag déanamh gearáin fá do bhéasaí i nganfhios duit. An sásamh is fearr a bhainfeá as seo ná tré cúis mhaith casaoide a thabhairt daofa. An tIasc Feabhra 20 - Márta 20 Más rud é gur sheas tú an fód go daingean go dtí seo, an bhfuil fáth ar leith gur cheart duit géilleadh anois? An Reithe Márta 21 - Aibreán 20 Seo am duitse na cófraí a ghlanadh amach agus fáigh réitithe de na sean-éadaigh. Níos mó a chaithtear amach, is fearr. Agus ma bhíonn tú lom, bí lom. An Tarbh Aibreán 21 - Bealtaine 21 Ceist chun machnamh air an mhí seo. Arbh fhearr leat bheith i do bhroc nó i do choinín. Is mór an difear! An Cúpla Bealtaine 22 - Meitheamh 21 In argóint le duine, in áit do dhearcadh féin a chur chun tosaigh, beidh níos mó tairbhe tré lochtanna an taobh eile a chur chun suntais. An Portán Meitheamh 22 - Iúil 22 Beidh tusa míchompórdach ionat féin ar feadh roinnt seachtainí. Agus gan fios údar an drochmhothú. Éirigh go mall agus téigh a luí luath. An Leon Iúil 23 - Lúnasa 23 Is anois an t-am ina bhfuil tusa go mór i mbaol ón Drochrud. Dá bhrí sin bí airdeallach agus seachain na láithreáin is dúchasaigh dó. An Mhaighdean Lúnasa 24 - Meán Fómhair 22 Tá tusa chun léimtigh isteach i scéim úr an mhí seo. Léim mhór a bheas ann, mar sin bíodh rith maith déanta agat. An Mheá Meán Fómhair 23 - Deir. Fómhair 23 Déan iarracht níos mó ama a chaitheamh sa chomhluadar ina bhfuil tú compordach. In áit bheith i gcaidreamh an dream eile. An Scairp Deireadh Fómhair 24 - Samhain 22 Ní rómhinic a thagann rudaí aniar aduaidh ortsa. Ach, nuair a tharlaíonn an neamhghnách beidh sé iontach, tré bheith annamh. An Saighdeoir Samhain 23 - Nollaig 21 Malairt intinne! Seans go bhfuil do mhana saghas seanaimseartha faoin am seo. Glac an deis chun do dhearcadh saoil a uasghrádú. An Gabhar Nollaig 22 - Eanáir 20 Má airíonn tú trína chéile nó fiú meadhránach le gairid; an é nach bhfuil tú ag tabhairt go leor aird ar chursaí mheitifisiciúil? Sna Réalta

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3