Goitse, Meitheamh 2011

EaGarfhocal MálaPoist 4 Goιtse Meitheamh 2011 Fáilte chun na Féile Beidh na slóite ag tarraingt ar an cheantar seo as gach ceantar Gaeltachta sa tír thar dheireaedh na seachtaine seo agus beidh fearadh na fáilte rompu. Is é Comórtas Peile na Gaeltachta an fhéile is mó a tharlaíonn sa Ghaeltacht ó bhog siad an tOireachtas amach go dtí na bailte móra nuair a d’éirigh sé ró-mhór do na ceantracha Gaeltachta agus meastar go mbeidh idir 10,000 agus 15,000 cuairteoir ag caitheamh dheireadh seachtaine saoire bainc i bParóiste Chloch Cheannfhaola. Níl amhras ar bith ann ach gur fiú cuid mhaith airgid sin do ghnónna beaga an cheantair. Agus tá na daoine go háitiúil ag tabhairt tacaíochta ar bhealach iontach do lucht eagraithe an chomórtais. Tá coiste iontach éifeachtach a bhí i mbun an tionscnaimh agus ansin tá fo-choistí a bhí i mbun na ngnéanna éagsúla den deireadh seachtaine. Seans go raibh fo-choistí faoi na fo-choistí fosta! Cá bith dóigh a eagraíodh é, tá éacht déanta ag muintir Chloch Cheannfhaola ag ullmhú don ócáid mhór. Roimhe seo, bhíodh deontaisí móra ar fáil ag an chlub a bhí ag reachtáil an Chomórtais ón Údarás, ó Chumann Lúthchleas Gael agus ón Chomhairle Contae. I mbliana, áfach, de thairbhe géarchéim airgeadais nach bhfuil baint ag muintir na háite seo leis, ní raibh siad ábalta a lámha a leagan ar an stór mór airgid sin agus ní bhfuair siad ach pighineacha i gcomparáid le blianta roimhe seo. Ach bhí an obair chéanna le déanamh acu leis an pháirc, an clubtheach agus na háiseanna eile a dhéanamh réidh do na clubanna eile a bheadh ag teacht don Chomórtas. Sin an t-am gur iarr siad ar an phobal áitiúil cuidiú leo. Tá an rud a tharla ina dhiaidh sin ina shampla dúinn uilig. Bhí go leor daoine ins an cheantar atá ina gceardaithe gan obair, daoine ar nós bríceadóirí, leictreoirí, siúinéirí agus pluiméirí srl. a tháinig amach a chuidiú leis an obair mhór uilig a dhéanamh thart ar an chlub. Rinne siad éacht agus rinne siad go deonach é. Má théann tú chuig an Chomórtas Peile, tchífidh tú toradh a gcuid oibre duit féin. Tá ábhar bróid ar na daoine uilig a bhí páirteach sa tionscnamh sin agus bheir siad ceacht don chuid eile againn ar an bhealach chun tosaigh dúinn uilig san am seo nuair nach bhfuil deontaisí móra stáit ar fáil ag eagraíochtaí pobail. Léiríonn sé dúinn fosta na féidireachtaí móra atá sa turasóireacht don cheantar seo. Má tá thar 10,000 duine ag taisteal chuig an Chomórtas Peile, beidh siad ag caitheamh airgid go háitiúil sna hóstáin, sna bialanna, sna tithe tábhairne agus sna siopaí sa cheantar agus coinneoidh sé sin gnónna agus jabanna ag gabháil. Is maith an rud é fosta go mbeidh an comórtas Peile ar ais sa cheantar seo ar an bhliain seo chugainn nuair a bheas sé ag teacht go Gaoth Dobhair. Beidh an t-airgead de dhith go géar fán am sin. Ach ardaíonn sé ceisteanna fosta faoin easpa imeachtaí móra mar sin a tharlaíonn ar bhonn rialta sa cheantar seo. Cad chuige nach mbíonn féilte móra Gaeilge sa cheantar? An rud é nach gcreideann daoine go bhfuil rachairt ar a leithéid? Tá easpa imeachtaí ann cionn is nach bhfuil infrastruchtúr ceart turasóireachta ann. Amharc ar na háiteacha a tharraingníonn daoine i rith na bliana, áiteacha ar nós Gleann Cholmcille. Éiríonn leis an Ghleann turasóirí cultúrtha a mhealladh gach mí sa bhliain. An fáth atá leis sin ná go gcuireann siad réimse leathan imeachtaí ar fáil don turasóir. Ní ghlacann siad leis go mbeidh daoine ag iarraidh teacht chuig an cheantar ach, nuair a thig siad, bíonn rudaí le déanamh acu, bíodh sé ina spaisteoireacht sléibhe, bádóireacht, iascaireacht, ceol traidisiúnta, nó rothaíocht. Níl fáth ar bith nach mbeadh a leithéid chéanna ar fáil do thurasóirí anseo ach oiread. Tá na háiseanna againn agus, leis an taithí atá ag daoine thart anseo ar na scoláirí Gaeilge sa tsamhradh, d’fhéadfaí na scileanna sin a úsáid i rith na bliana. Sin bealach amháin a dtig linn bogadh chun tosaigh ar an aimsir seo nuair nach bhfuil iomrá ar bith ar chuidiú ón stát do cheantracha beaga tuaithe. Arís, bheadh sé sin ag brath ar an phobal uilig tarraingt le chéile, díreach mar a rinne pobal Chloch Cheannfhaola le Comórtas Peile na Gaeltachta a thabhairt dúinn. ————————————— Siopa Carthanachta An Uaimh : Siopa Pobail Tá “An Uaimh” athchóirithe anois, uaireanta oscailte 10.00 r.n. – 9 i.n. Luain – Aoine. Neart earraí beagnach úr ar phraghas réasúnta, éadach, bréagáin, CD/DVD, Pictiúir, Bargains Galore! Ionad Naomh Pádraig – www.ionadnp.ie Tobar na Leabhar Tá réimse leathan leabhar dara láimh ar díol chomh maith le leabhair páistí, €2 an leabhar, ina measc tá stoc breá de leabhair Gaeilge le ligint amach ar cíos. Ionad Naomh Pádraig – www.ionadnp.ie ————————————— Cúrsaí Pas Mata don Scrúdú Ardteistiméireachta Ranganna Saor in Aisce Déardaoin 2ú Meitheamh 2011 @ 11r.n. Ionad Naomh Pádraig Dobhar. ————————————— Oíche Chúba Beidh Oíche Idir-Chultúrtha in Ionad Naomh Pádraig Dobhar Dé Sathairn 11 Meitheamh ag toiseacht ar 8.30in. Beidh an buíon cheoil as Cúba, the Cuba Orishas, ag soláthar ceoil don oíche i gcuideachta Ian Smith agus beidh scannán agus scoith an bhia ar fáil fosta. Beidh Ambasadóir Chúba in Éirinn, Teresita Trujillo, i láthair. Tá sé saor in aisce ach iarrtar ar dhaoine atá ag dul bheith i dteagmháil le Mícheál Cholm ar 0868845476 roimh ré. ————————————— Fógraí Pobail Más mian leat poiblíocht a dhéanamh ar ócáid pobail déan teagmháil le goitsenuacht@gmail.com ————————————— FÓGRAÍ POBAIL goitsenuacht@gmail .com An aithníonn tú na páistí seo? Glacadh an ghrianghraf seo ar an Luinnigh sna 1950dí. An dtig leat oibriú amach cé hiad na páistí seo? Táimid buíoch do Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair as an ghrianghraf a chur ar fáil. A chara, Ba mhaith le Club Óige Rann na Feirste buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a cuidigh leo i rith na bliana le h-imeachtaí an chlub óige a reachtáil; Coiste Áislann Rann na Feirste, Óige na Gaeltachta, na eagraíochtaí Gaeilge ar fad, foireann na scoile, na tuismitheoirí ar fad, pobal Rann na Feirste, na meáin uilig, Denis Dhonnchadh Sheáin, Eoin McGarvey, na clubanna óige uilig, an sagart Ó hOireachtaigh agus an sagart Pádraig Ó Cochlainn agus ár gcairde ar fad. Agus ar ndóigh, na páisti agus na déagóirí ar fad. Tá muid fíor- bhuíoch daoibh uilig. Coiste Club Óige Rann na Feirste. Tháinig deireadh le himeachtaí Chlub Óige Rann na Feirste oìche Dhéardaoin 26 Bealtaine le coisir agus bronnadh duaiseanna spóirt agus cultúir na bliana. Bhí bliain iontach ag an chlub óige agus beidh siad ar ais arís i mí Mheán an Fhómhair. Bliain speisialta a bheas sa bliain seo chugainn. Beidh an club òige ag ceiliúradh 10 bliana a bhunaithe agus beidh ócáidí éagsúla á eagrú i rith na bliana. Ta tógra drámaíochta ar siúl acu faoi láthair faoi stiúir Niall Mac Eachmharc- aigh agus tacaíocht o Óige na Gaeltachta. Beidh toradh a saothair le feiceáil le linn an tsamhraidh Beidh 5 champa samhradh á eagru ag club òige Rann na Feirste ón 4 Iúil go dtí 12 Lúnasa in Áislann Rann na Feirste. Tá na campaí á n-eagrú le tacaíocht Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus Óige na Gaeltachta. Tá na campaí do aois-ghrúpa 4 bliana go dtí 12 bliana. Na dátaí: 4 Iúil go 8 Iúil do 4 bliana go 8 bliana. 11 Iúil go 15 Iúil do 8 bliana go 12 bliana. 18 Iúil go 22 Iúil do 4 bliana go 8 bliana. 1 Lúnasa go 5 Lúnasa do 8 bliana go 12 bliana. 8 Lúnasa go 12 Lúnasa do 4 go 8 bliana. Beidh ealaín dánta tionscnaimh cheoil agus spóirt, siúlóidií agus drámaíocht i rith na seachtaine. Le tuilleadh eolais a fháil agus clárú a dhéanamh, gobh i dteagmháil le Coiste Chlub Óige Rann na Feirste ar 0879158205. —Coiste Chlub Óige Rann na Feirste

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3