Goitse, Meitheamh 2011

Seo sliocht as an leabhar Trasna an Ghaoith, scríbhneoireacht Johnny Sheáin a cuireadh in eagar ag a mhac Noel. Bhí Johnny ag scríobh faoin chairdeas a bhí idir mhuintir Mhachaire Loisce agus muintir Rann na Feirste a bhí ina gcónaí “trasna an ghaoith” óna chéile. An Mhachaire Loisce agus Rann na Feirste I nGaoth Dobhair atá an Mhachaire Loisce, ceann de chorradh le leathchéad baile fearainn atá sa phobal sin. Níor thabhaigh sé riamh clú mar a rinne Rann na Feirste atá trasna an ghaoith uaidh, nó an Bun Beag, atá sa chomharsanacht leis. Déarfá nach raibh a fhios ag lucht údaráis go raibh a leithéid ann nó ar pháipéir chíosa is gearrthacha, ba faoi ‘ Townland of Meenaduff ’ a bhí sé gortha.Agus tá a fhios ag an tsaol, cibé mar a bhí an Mhachaire Loisce, gur mheasa go mór an Muine Dubh. Cúig teaghlaigh is fiche a bhí ann agus mise ag éirí aníos ann trí scór bliain ó shin. Teaghlaigh mhóra a mbunús. Ní raibh ach an leathdosaen tithe ar an Mhuine Dhubh. Níl a fhios agam cad chuige a raibh tiarnas aige ar pháipéir chíosa is gearrthacha is liostaí vótála. Ach sin mar a bhí. Ní raibh aitheantas oifigiúil againn agus níl go fóill. Is iomaí cúis ba táire ar troideadh go dian ar a son! Ní raibh mórán d’ollmhaitheas an tsaoil ag muintir na Machaire Loisce san am a bhfuil mé ag trácht air. Ní raibh siopa ná teach leanna ar an bhaile ná beathach capaill ná tarbh ach oiread. Bhí cúpla ceann eallaigh in achan teach, ceart go leor, agus paistí de thalamh méith faoi bhun beanna agus clúdacha foscaíocha idir chreagacha. Agus bhí roinnt nó dhó feamnaí ag achan teaghlach agus fáil acu ar bhia trá. Bhí moladh ar bharr phrátaí an bhaile. Sin siocair go raibh níos mó den talamh créafóige ann ná bhí den domasach, agus ba mhinic daoine as baile isteach ar lorg prátaí ann i dtús earraigh, go mórmhór fá choinne póir. Clú agus Míchlú Ach munar thabhaigh an baile s’againne clú, thabhaigh sé míchlú nárbh airí air é. Bhí sé ina mhanadh fríd an phobal: ‘Tine na Machaire Loisce: dhá fhód agus cuthrán’. Ní raibh an manadh ag cur leis an fhírinne nó ní raibh aon bhaile sa phobal ab fhearr a bhfaighfeá tine ann ná ar an Mhachaire Loisce agus bhíodh cruach bhreá mhónadh ag achan teach i ndeireadh samhraidh. Cúig lód cairr sa lá ó chaorán Róise ar ocht bpingin déag an carr, as a hiompar ar ndóigh. Obair shleáin a bhaineadh gach teach agus punt an gnáthchíos a gheibheadh Róise ar obair an tsleáin. Na bachtaí bheith lom roimh ré agus meitheal de thriúr ag obair lá na bainte: fear ag baint, fear ag cur as poll agus fear ag baint móin spáide. Bhíodh ó dheich gcarr is fiche go daichead carr ar obair an tsleáin agus m ó i n b l i a n a ann do ghnáth-theach. D’inis Máire Mhicí domh — bhí clú ar Mháire de thairbhe a cuid seanchais — gur dream coimhthíoch a scaoil isteach ón fharraige fada ó shin agus a chuir an áit ar thine, gur sin an rud a thug a ainm don Mhachaire Loisce. Incendiaries na cianaoise creidim! Muid Féin agus Muintir Rann na Feirste Bhí baint nár bheag idir muid féin agus Rann na Feirste, sin sula bhfuair Rann na Feirste coláiste agus sular thosaigh Clann Uí Ghrianna ag scríobh. Ní raibh eadrainn ach an gaoth agus le lag trá gheofá anonn nó anall an deán. Bhí fearsaid faoin Chaiseal agus ceann i gcúl an oileáin. Chaithfeá na bróga a bhaint díot, ar ndóigh, agus le lag trá, ní rachadh an t-uisce go dtí na glúine ort. Ba mhinic muintir Rann na Feirste anall, ar a mbealach chun an Bhun Bhig chun an tsiopa, nó in amanna, ar lorg prátaí nó fastóidh, nó coileán madaidh nó puisín cait. Ach ba í an bhuachailleacht an ceangal a bhí idir gasúraí an bhaile s’againne agus na gasúraí thall. Bhí muidinne ag buachailleacht cois an chladaigh abhus agus iadsan os cionn na mbeann thall. Bhí muid fá fhad scairte dá chéile nuair a bhí an tráthnóna ciúin. Chuireadh muid forrán ar a chéile, forrán a fágadh mar oidhreacht againn ó na glúnta a chuaigh romhainn, go maithe Dia dóibh é! Ó thaobh na Machaire Loisce chluinfeá go hardghlórach: ‘Muintir Rann na Feirste, na stealladóirí gránna, ag ithe míola dearga isteach go dtí na cnámha’. Agus ó bharra na mbeann thall: ‘Muintir Ghaoth Dobhair na ngabhlán breac, ag ithe is ag ól, ag mún is ag cac’. Ach sin a mbíodh de. Agus níor lú caradas na mbailte de thairbhe na graostachta. ‘Máire’ agus an Baile s’Againne Scríobh mac d’Fheilimí Dhónaill Phroinsiais leabhar, Mo Dhá Róisín , agus bhí ainm na Machaire Loisce sa leabhar, agus lena chois sin, daoine as an Mhachaire Loisce a bhí beo beathach, ainmnithe! Nár mhór an tógáil cinn sin dúinn, muidinne a bhí faoi dhrochmheas inár bpobal féin! Nár bhaist amhlóir inteacht ‘ Rotty-Toy ’ ar an bhaile. Ní raibh mórán léinn Ghaeilge ar an Mhachaire Loisce san am sin ach bhí Máire Mhicí ábalta Gaeilge a léamh. D’fhoghlaim sí é ag ranganna Thómais Bháin Uí Choinceanainn, a bhí ina thimire ag Conradh na Gaeilge i dtús na haoise. Agus bhí teach Mháire ina theach airneáil ag muintir an bhaile. Fuarthas cóip den leabhar agus bhí an teach lán ag Máire achan oíche ag éisteacht léi ag léamh Mo Dhá Róisín . Bhínn féin sa chuideachta fosta, tachrán de chuid na comharsan. Sa bhliain 1912 a saolaíodh mé, mar a deir siad sa Nua- Ghaeilge (tá dúil agam san fhocal ‘saolaíodh’). Ní iarrfainn de phléisiúr ach ag éisteacht. Ba tús m’eolais ar litríocht é. ‘Áit dheas lá ar bith sa bhliain Ceann Dubhrann na ndumhchan bán....’ Agus bhínn ag fanacht le hainm na Machaire Loisce a chluinstin. ‘Taibhse mná . . . bean ag teacht ’na Machaire Loisce ’un faire....’ Do bharúil cé a bhí marbh? ‘Aodh Tharlaigh Nórann’ — nach iomaí culaith a rinne sé domh blianta ina dhiaidh sin! Bhíodh Seárlaí Chet ag an airneál fosta, glas-stócach agus é lán cuideachta. Tá sé beo go fóill, beannú air. Bhí léamh na Gaeilge ag Seárlaí fosta agus é maith aige agus níodh sé sealaíocht le Máire. Ach ní raibh sé sásta go hiomlán le leagan Shéamais Uí Ghrianna — ní raibh go leor de mhuintir na Machaire Loisce sa scéal! Chuir Seárlaí a léamh féin ar rudaí: bhí Hiúdaí Ó Fearraigh ag imirt chártaí, bhí Séamas Árais ag damhsa, Domhnall Éamainn ag iascaireacht bradán. I ndiaidh na léitheoireachta, tháinig an léirmheas agus ba Seárlaí a bhain an sult as ag éisteacht agus leamhgháire air le seanóirí an bhaile. ‘Scríos Dé, má rinne sé aon choiscéim damhsa riamh!’, ‘Ní aithneodh sé bradán dá bhfeicfeadh sé é’, ‘Char chuir sé cárta le clár ina shaol’.... Meitheamh 2011 Goιtse 3 comórtas Trí chóip de “Trasna an Ghaoith” le baint Gheobhaidh an chéad trí léitheoirí a chuireann ríomhphost chuig goitsenuacht@gmail.com cóip den leabhar bhreá seo saor in aisce. Bhí An Chúirt pacáilte go doras le linn Éigse Uladh do lainseáil Trasna an Ghaoith, bailiúchán scéalta agus scríbhneoireachta ó pheann Johnny Sheáin a chuir a mhac Noel, príomhoide Phobalscoil Ghaoth Dobhair, in eagar. Tá DVD agus dhá dhlúth- dhiosca saor leis an leabhar atá ar fáil go forleathan i siopaí ar fud an cheantair seo ar phraghas € 25. Ach is féidir le triúr de chuid léitheoirí Goitse cóip saor in aisce a bhaint sa chomórtas ag bun an leathanaigh seo. Cuid den scaifte a bhí i láthair in Óstán na Cúirte ag ócáid seolta an leabhair. Noel Johnny Sheáin, eagarthóir Trasna an Ghaoith Scríbhinní Johnny Sheáin seolta

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3