Goitse, Eanáir 2014

Scileanna ceamara, fuaime agus eagarthóireachta Trealamh nua-aimseartha den scoth Suíomh idirlín a dhearadh agus a chur ar líne Na Meáin Shóisialta: Facebook, Twitter agus YouTube Táillí íoctha Deiseanna fostaíochta in earnáil le teilifíse (TG4, RTÉ, Ros na Rún, Telegael srl) 14 GNÉ-ALTANNA Goitse 24 Eanáir 2014 Dioplóma i Scileanna Teilifíse agus Ilmheán Ar mhaith leat oibriú i dtionscal na teilifíse nó na n-ilmheán? Tuilleadh eolais: (074) 9531919 gaothdobhair@eircom.net www.acadamh.ie www.facebook.com/acadamhghaothdobhair Soilse, ceamara, aicsean! Mic léinn ón chúrsa Dioplóma i Scileanna Teilifíse agus Ilmheán san Acadamh i nGaoth Dobhair agus iad ag glacadh páirte i dtaithí oibre ar scannánaíocht na sraithe úire teilifíse ón chomhlacht cháiliúil puipéadóireachta Fíbín ar feadh trí seachtaine roimh an Nollaig i Stiúideo Solas i nGaillimh. Grianghraf: Seán Ó Mainnín Bhí sé le feiceáil go soiléir ag an deireadh seachtaine seo caite, go bhfuil spiorad agus féith na drámaíochta beo beathaíoch i nGaoth Dobhair, agus an tallann ann len í a chothú! Reáchtáil Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta ceardlann i Léiriú Drámaíochta sa Chrann- óg, faoi stiúir an léiritheora aitheanta stáitse agus teilifíse, Beartla Ó Flaithearta as Cona- mara a bhfuil cuid mhór oibre déanta aige ar Ros na Rún chomh maith le go leor eile. Tá Gaoth Dobhair aitheanta go náisiúnta mar cheantar láidir drámaíochta agus cliú mhór bainte amach ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus aisteoirí óga Phobalscoil Ghaoth Dobhair thar na blianta. Ach caithfear i gcónaí fuil úr a ghríosú agus a fhorbairt, agus ó tharla gur cailleadh an léiritheoir stáitse iomráiteach Tomás Mac Giolla Bhrighde (Tom a’ Bhungaló) ag deireadh na bliana anuraidh, bhí sé tráthúil a leithéid de cheard- lann a reachtáil agus d’éirigh go hiontach leis. Bhí 18 duine i láthair don cheardlann, a mhair dhá lá agus a mbeidh an darna cuid á reácht- áil ar an deireadh seachtaine 1-2 Feabhra. Dúirt Beartla Ó Flaith- earta go raibh “an-fuinneamh agus dáiríreacht ins an ghrúpa!” “Sílim go mbeidh toradh maith ar an gceardlann, mar tá an-tallann sa ghrúpa. Chuir sé fonn orm féin dhul amach agus dráma a léiriú caol díreach ina dhiaidh”, a dúirt Beartla. Ag tagairt don cheardlann, dúirt Cathal Ó Gallchóir, bainis- teoir na Crannóige go raibh an ceardlann iontach spreagúil. “Ghlac mé féin páirt sa cheard- lann agus tá mé ag dúil go mór leis an chéad chuid eile. Tá muid iontach sásta go raibh an oiread sin daoine páirteach agus thug achan duine 100%. Bhí meascán maith ann fosta, aisteoirí le taithí, léiritheoirí, léiritheoirí teilifíse agus cúntóirí teanga. Agus níos tábhachtaí fós bhí tuismitheoirí ann a bhfuil suim acu an drámaíocht a fhorbairt i measc an aos óg! Bhí spiorad ar dóigh sa ghrúpa, agus thar rud ar bith, cé go raibh achan nduine i ndáiríre, bhí an chraic maith!” Spiorad na drámaíochta á cothú ag ceardlann Chomharchumann Ghaoth Dobhair

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3