Goitse, Eanáir 2014

Goitse 24 Eanáir 2014 SPÓRT 15 Cúpla lá i ndiaidh na Nollag agus ceiliúradh na Féile faoi lán seol go fóill, thug iománaithe óga Ghaoth Dobhair a n-aghaidh ar Mhachaire Fíolta, Co. Dhoire áit ar ghlac siad páirt i mblitz iománaíochta go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Reáchtáil pobal Charn Tochair an blitz chun deis a thabhairt do na h-iománaithe óga gráin cluichí a imirt ach, níos tábhachtaí, deis a thabhairt dóibh an Ghaeilge a labhairt ag ócáid spórtúil. D’éirigh tharr barr leis an dá sprioc mar ghlac thar caoga páistí páirt sa bhlitz céanna. Ceithre chlub a bhí páirteach. Carn Tochar, ó CLG Shleacht Néill bunús na himreoirí sin agus Baile na Scríne, dhá fhoireann as Co. Dhoire. Ghlac CLG Naomh Cholmcille as Oileán an Ghuail, Tír Eoghain agus CLG Ghaoth Dobhair páirt chomh maith. Páistí ó 6 bliana go 12 a chaith an tráthnóna ag iomáint agus ag déanamh a gcomhrá as Gaeilge. Tá súil ag na clubanna seo blitz eile a reáchtáil i nGaoth Dobhair thart ar am na Cásca. Beidh cuireadh ag CLG Micheál Breathnach, Indrea- bhán, Conamara, theacht go Gaoth Dobhair don ócáid sin chomh maith. Iománaithe óga Ghaoth Dobhair ag Blitz na nGael Iománaithe óga as Gaoth Dobhair a ghlac páirt sa Bhlitz Gaelach a reáchtáladh i Co Dhoire ar na mallaibh. Gradaim bronnta ar imreoirí óga Ghaoth Dobhair Reáchtáil Bord na nÓg CLG Ghaoth Dobhair ócáid bhronnta gradaim sa Chlubtheach i Machaire Gathlán le gairid. Bhí thart ar 200 ógánaigh i láthair don ócáid. B’iad Ciarán Ó Fearraigh, James Mac Suibhne agus Carolanne Ní Chasaide na haíonna speisialta ar an oíche. Bronnadh gradam ar na foirne ó faoi 8 go faoi 16, idir ghirseachaí agus ghasúirí sa pheil agus san iománaíocht. Bronnadh duais speisialta ar Sheosamh Mac Aoidh a bhain Craobh an Chontae i Scór na nÓg. Chuir An Crann Óg ceol ar fáil ar an oíche. Foireann na nGirseachaí faoi 12 Ciarán Ó Fearraigh agus James Mac Suibhne ag bronnadh gradaim ar buaiteoirí faoi 12 Buaiteoiri iomána faoi 8

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3