Goitse, Eanáir 2014

Bruscar, bruscar achan áit, ach amháin san áit ar choir dó a bheith, ins na malaí bruscair! Chan scéal pobal amháin é, a bheith ag iarraidh gabhail i ngleic le fadhb dumpála agus bruscair fán cheantar. Bhí cruinniú poiblí sa Chrannóg, i nGaoth Dobhair ar an mallaibh ag Feachtas Bhaile Slachtmhar Ghaoth Dobhair, le plé agus scansáil a dhéanamh ar na féidearthachtaí coiste níos láidre a bhunú ins an phobal le tabhairt faoi chúrsaí chaomh- nú agus cothú timpeallachta. Cé nach raibh an méid sin i láthair ar an oíche, ach mar sin féin, cha raibh maolú ar bith ar spiorad nó ar chomh thiomanta is a bhí a raibh i láthair agus iad ar bís le tabhairt faoi iarrachtaí breise a bpobal a choinneáil níos glaine agus a chosaint ó thaobh cúrsaí bruscar de. Bhí an cruinniú breá dearfach agus rinneadh cur síos ar na hiarrachtaí leanúnacha ata idir lámh cheanna féin ins an phobal ó thaobh cúrsaí Baile Slachtmhar de. I measc na ngníomhachtaí a luadh bhí, laetha glantacháin eagraithe, galláin agus sconsaí úra curtha in airde aniar bealach na Machaireacha. Tá cathaoir- eacha úra á ndéanamh i láthair na huaire le cur ag láithreacha éagsúla aniar an bealach céanna seo fosta. Tugadh le fios gur chóir tabhairt faoi mhúr-mhaisiú úr agus níos tarraingtí a dhéan- amh ar bhinn theach Choppins ar bhealach an Screabáin, rud a chuireadh cuma níos glaine ar an áit agus a chuideodh go mór le íomhá níos dearfaí a chothú ins an phobal do bhunadh na haite agus turasóirí chun na haite i gcoitinne. Ritheadh rún le linn an chruinnithe fosta, go n-eagrófaí seachtain mhór glantacháin ó cheann ceann na paróiste ag tús mhí na bhFaoilligh agus go mbeadh a leithéid ar siúl ar bhonn céimiúil as seo amach. Is deis fíor thábhachtach a leithéid do bunadh na háite tarraingt le chéile, spiorad na meithle a léiriú agus tabhairt faoin ghlanadh. Beidh údaráis agus pobal Scoil Mhuire sna Doirí Beaga breá sásta agus toilteanach, lámh chuidithe a thabhairt leis an lá glantacháin a bheas ar siúl. Ardaíodh ceist maidir le Comhairle Condathe Dhún na nGall agus na freagrachtaí atá ar an chomhairle o thaobh cúrsaí glantacháin de. Cé go n-aith- níonn daoine go bhfuil brú mhór ar sheirbhísí na Comhairle Condae, is léiriú fiúntach an cruinniú seo agus an méid a d’eascair uaidh, go bhfuil pobail sásta comhoibriú leo, ar mhaithe le feabhas a chuir ar áiseanna nádurtha an cheantair. Tugadh le fios le linn an chruinnithe fosta go bhfuil géarghá go dtabh- arfaidh an Comhairle Condae faoi comharthaíocht, cosc iomlán ar bhruscar srl atá níos feiceálaí a chrochadh ag pointí aitheanta ins an cheantar le tacú leis an ghrúpa oibre seo ina gcuid iarrachtaí pobal Ghaoth Dobhair a choinneáil níos glaine agus an timpeallacht ghalánta ata thart orainn a chosaint is a chaomhnú mar is ceart agus is cóir dúinn é. Goitse 24 Eanáir 2014 NUACHT 5 Feachtas Bhaile Slachtmhar ag brath ar chomhoibriú an phobail Fuair Máire Uí Ghógáin, Iar Uachtarán ar Chomhaltas Uladh agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge bás i mBaile Átha Cliath le goirid. Ceannaire agus ceannródaí stuama a bhí i Máire a chuir suim mhór i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta i rith a saoil. Bhí sí ina Cath- aoirleach ar Éigse Oirialla a bhíodh ar siúl i nDún Dealgan agus sa cheantair maguaird. Ba mhinic í féin agus a fear céile Liam anseo i nGaeltacht Dhún na nGall go háirid ag Éigse Uladh, an tOireachtas agus féilte dá leithéid i nGaoth Dobhair agus in íochtar na Rosann. Bhí sí ina ball de Chomhairle Raidió na Gaelt- achta ó 1983-86. Fuair a fear céile Liam bás roinnt blianta ó shin. Fágann sí mac amháin, cúigear iníonacha agus gar- pháistí ina diaidh. Leaba i measc na nGael ar neamh go raibh aici. Ceannaire agus ceannródaí ar lár Máire Uí Ghógáin, a bhí ina Uachtarán ar Chomhaltas Uladh nuair a tógadh an grianghraf seo ag Fáiltiú Oireachtas na Gaeilge 1980 in Óstán Radharc an Eargail i nGaoth Dobhair. Tháinig Theresa Eoin Ellen Uí Chuirreáin as an Choitín ar an bhuidéal seo le litir istigh ann ar an trá. Fuair sí é nuair a bhí sí á glanadh. Fear as Corcaigh a chaith an buidéal amach ar an fharraige sna 90idí! Grianghraf: Tommy Curran Grianghraf: Tommy Curran

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3