Goitse, Eanáir 2014

4 NUACHT Goitse 24 Eanáir 2014 cartún scadán caoch Thug breitheamh cead do na Gardaí ábhar a bhailigh siad ó theach Mhícheál Ó Fearraigh a scrios. I measc na rudaí ata le scrios, tá ríomhairí, ceamaraí, dlúth- dhioscaí, fístéipeanna, píopa le drugaí a chaitheamh agus DVDanna a tógadh ó theach Uí Fhearraigh le linn do na Gardaí bheith ag fiosrú an cháis. Dúirt Patsy Gallagher, dlíod- óir Uí Fhearraigh, nach raibh sé ag cur i gcoinne an scrios a dhéan- amh ar a chuid trealaimh ach amháin i gcás gunna beag a dúirt sé go raibh stair ag baint leis. Nuair a cuireadh ceist ar an bhreitheamh Paul Kelly an scriosfaí fillteáin ar bith a bhain leis an chás, insíodh do Frank Dorian, dlíodóir le duine de na híobartaigh go gcoinneofaí ábhar ar bith a íoslódáladh ón treallamh a bhí le scrios in áit shábháilte ag na Gardaí. Bhí 868 rudaí san iomlán bainte leis an iarratas agus ceadaíodh iad uilig a scrios, ach amháin an gunna beag agus d’iarr sé ar an dlíodóir Gallagher níos mó eolais a fháil dó air sin. Ní dhearna mé ach Gaeilge a labhairt! Cead tugtha do na Gardaí ábhar a scriosadh Teach hiúdaí Beag Seisiún gach Aoine agus Luan Ceol gach Satharn Spórt agus craic sa bheár gach deireadh seachtaine! Tá Goitse ar fáil ar-líne ag www.goitse.org ar fud na cruinne

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3