Goitse, Eanáir 2014

Goitse 24 Eanáir 2014 NUACHT 3 Cur i gcéill an Phlean Teanga Le tamall anuas, bhí eagraíochtaí pobail sa taobh seo tíre gnoitheach ag líonadh isteach foirmeacha iarratais don scéim phleanáil teangan. Chuala achan duine iomrá ar an scéim seo ach déarfainn gur beag duine a thuigeann i gceart caidé atá i gceist léi. Tá sí chomh casta sin go raibh fiachadh ar na daoine atá ag plé leis sna heagraíochtaí pobail cúrsa ar líne a dhéanamh le bheith ábalta an t-iarratas a dhéanamh. Níl dabht ar bith ann ach go mbeadh sé le leas phobal Gaeltachta ar bith dá mbeadh plean cuimsitheach leagtha amach os a gcomhair le déileáil le fadhbanna na Gaeilge ina gceantar féin. Sin an rud a mhol na saineolaithe a chuir an tuarascáil teangeolaíochta le chéile blianta ó shin nuair a d’fhógair siad go mbeadh an Ghaeltacht marbh taobh istigh de 25 bliain múna raibh an pobal agus na húdaráisí sásta dul i ngleic leis na fadhbanna móra teangan thart orthu. Ba chóir go mbeadh lúcháir orainn, mar sin, go bhfuil foirmeacha iarratais líonta isteach agus go roghnófar eagraíocht áitiúil le maoirseacht a dhéanamh ar phlean teangan don cheantar Gaeltachta seo. Ba chóir go mbeimis ag amharc chun tosaigh ar Ghaeltacht níos láidre, níos muiníní aisti féin, ag fás inár measc amach anseo. Ach níl, mar níl fiacla ar bith ag an phlean teangan seo. Mar shampla de sin, amharcaimis ar an earnáil oideachais. Tá sé lárnach i bplean teangan go mbeadh polasaí cuimsitheach tomoideachais i bhfeidhm i gceantar Gaeltachta le páistí a spreagadh leis an Ghaeilge a labhairt agus leis an teanga a dhaingniú sa phobal. Ach níl dualgas ar bith ar scoil ar bith cloí le plean ar bith teangan a thiocfaidh isteach i gceantar ar bith nuair atá an próiseas seo críochnaithe. Mar sin de, beidh eagraíochtaí pobail i ndiaidh foirm a líonadh isteach ag déanamh cur síos ar an ról lárnach a bheas ag an chóras oideachais i saol Gaelach an phobail agus fios acu nach mbeidh siad in ann an gné sin den phlean a chur i gcrích gan deá- thoil na bpríomhoidí uilig sa cheantar. I ndáiríre, ní bheidh ann ach cur i gcéill. Cur i gcéill. Sin téarma atá iontach coitianta anois i saol polaitiúil na Gaeilge. Dúirt Seán Ó Cuirreáin é nuair a d’fhógair sé go raibh sé ag éirí as a phost mar Choimisinéir Teangan. Dúirt sé nach raibh i bpolasaí Gaeilge achan rialtais, a bheag ná a mhór, ó bunaíodh an stát ach cur i gcéill, gur chuir siad reachtaíocht fríd an Dáil a dhéanfadh cinnte go mbeadh seirbhísí an stáit ar fáil ag muintir na Gaeltachta ina dteanga féin agus go mbeadh na seirbhísí sin ar fáil do phobal na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht i dteanga oifigiúil an stáit ach gur chuir siad an reachtaíocht chéanna ar an mhéar fhada sa dóigh is nár cuireadh i bhfeidhm mar is ceart riamh í. Anois, tá an rud céanna ag tarlú, is cosúil, le athbhreithniú Acht na Gaeilge agus le Straitéis Fiche Bliain na Gaeilge. Cé gur gealladh dúinn go raibh an dá phíosa reachtaíochta idir lámha ag an rialtas le fada an lá, níl tasc ná tuairisc orthu. Tá an chuma air go bhfuil polasaí chur i gcéill an rialtais maidir leis an Ghaeilge buan seasmhach. D’fhéadfadh duine a rá gur sin an t-aon pholasaí atá ag an rialtas seo, agus ag rialtaisí eile síos fríd na blianta. Nuair a smaoiníonn tú air, dá mba reachtaíocht rialtais an t-aon rud a raibh tú ag brath air leis an teanga a choinneáil slán, b’iontach an rud é go bhfuil Gaeltacht againn go fóill, nó go bhfuil duine ar bith ag labhairt i nGaeilge. Cinnte, rinne Údarás na Gaeltachta a ndícheall le comhlachtaí a mhealladh chun na Gaeltachta, ach tá maolú millteanach déanta ar na cúraimí atá air agus tá sé suntasach nár tugadh mórán aird air nuair a d’fhógair Fiontraíocht Éireann an prótacal úr ar na mallaibh. Nuair a dúirt Seán Ó Cuirreáin linn go raibh an Ghaeilge imeallaithe taobh istigh de chóras riaracháin an stáit, bhí an ceart aige. Agus nuair a lig an rialtas dó éirí as a phost gan cuid ar bith de na ceisteanna a thóg sé a thabhairt fána mbráid, b’ionann sin agus admháil gur theip ar a gcuid polasaithe maidir leis an Ghaeilge. Anois tá an rialtas ag rá le heagraíochtaí pobail, atá ar bheagán acmhainní cheana féin, go gcaithfidh siad plean teangan a chur i bhfeidhm i measc a bpobal féin nuair atá sé soiléir nach bhfuil plean teangan ag an rialtas féin, nó nach bhfuil an toil pholaitiúil ann leis an plean sin a chur i bhfeidhm ar chor ar bith. ● “Nuair a dúirt Seán Ó Cuirreáin linn go raibh an Ghaeilge imeallaithe taobh istigh de chóras riaracháin an stáit, bhí an ceart aige. Agus nuair a lig an rialtas dó éirí as a phost gan cuid ar bith de na ceisteanna a thóg sé a thabhairt fána mbráid, b’ionann sin agus admháil gur theip ar a gcuid polasaithe maidir leis an Ghaeilge.” Fáiltíonn Goitse roimh litreacha ónár léitheoirí. Is féidir litir atá le foilsiú a sheoladh chuig litir@goitse.orgSeol comhfhreagras ar bith eile chuig eolas@goitse.org nó déan teagmháil ag 086 8476862 Eagarfhocal Bhí cruinniú mór poiblí i Halla na Saoirse, Baile Átha Cliath, roimh an Nollaig le plé a dhéanamh ar impleachtaí éirí Sheáin Ó Cuirreáin as a phost mar Choimisinéir Teangan. Mar thoradh ar an chruinniú sin, ina raibh thart fá 250 duine i láthair, socraíodh go mbeadh léirsiú agus mórshiúl fríd lár Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn 15 Feabhra, ag toiseacht ag na Gairdíní Cuimhneacháin i gCearnóg Parnell ag a 2.00in. Tá an scáth-ghrúpa atá á eagrú ag iarraidh ar dhaoine as achan chuid den tír bailiú le chéile agus taispeáint don rialtas go bhfuil siad míshásta leis an dóigh ina bhfuil na húdaráisí ag caitheamh le pobal na Gaeilge. Chun sin a chur i gcrích ar bhealach éifeachtach, measann lucht eagraithe an mhórshiúil gur fearr é má bhíonn cruinnithe áitiúla ar fud na tíre le daoine as na ceantracha éagsúla a spreagadh agus le fáil amach caidé an cineál léirsiú a ba chóir a bheith ann. Mar sin de, beidh cruinniú poiblí in Acadamh na hOllscol- aíochta Gaeilge Déardaoin 30 Eanáir ag a 8.00 leis na rudaí seo a phlé. Tá fáilte roimh achan duine a bhfuil suim acu sa léirsiú agus beidh ionadaí ón Choiste Stiúrtha i láthair ag an chruinniú le eolas a thabhairt ar an fheachtas agus le ceisteanna a fhreagairt. Siúil ar son do chearta teangan! Cruinniú poiblí le heagrú i nGaoth Dobhair maidir le Lá Mór na Gaeilge Córas Gaelach don Ríomhaire A chara, Léigh mé alt Chonchúir Mhic Giolla Eáin maidir le córas Gaeilge ríomhaireachta i n Goitse na míosa seo caite agus bhí an-suim agam ann. Spreag sé mé chun ríomhaire Gaeilge a chur sa tSean Bheairic. Bhí seanríomhaire ann nach raibh in úsáid agus chuir mé Ubuntu air le leagan Gaeilge. Tá sé ar fáil anois mar chuid den caifé idirlín atá sa tSean Bheairic. Níl sé iomlán i nGaeilge ach tá sé ceart go leor. Má tá eolas ar bith agat faoin tógra atá ar bun agaibh, seol chugam é, le do thoil. Ba mhaith liom a bheith páirteach ann. Thig liom an sceál a scaipeadh fosta! Is mise , Paddy Mc Hugh, An tSean Bheairic An Fál Carrach

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3