Goitse, Feabhra 2014

4 NUACHT Goitse 21 Feabhra 2014 Beidh soláthraithe turasóir- eachta cultúrtha as Éirinn agus Albain ag tarraingt ar Thír Chonaill Mí Feabhra ag deireadh na seachtaine seo chugainn don chéad ócáid mhór de chuid thogra CeangalG, comhdháil fá caide mar is féidir le turasóir- eacht chultúrtha ár gcumas a scaoileadh. Is é Ár Scéal á Scaipeadh – An Ghaeltacht Choiteann is teideal don chomhdháil a bheidh ar siúl in Óstán na Cúirte i nGaoth Dobhair ar an 26/27 Feabhra. I lár an aonaigh ag an gcomhdháil beidh seoladh Learning From The Best, taighde a chuireann i láthair deich samplaí d’fhiontair turasóir- eachta cultúrtha ag rathaíocht trí fheidhm a bhaint as mion- teangacha, le húdar Faobhar Éireannac h an Dr Fionnbharr Ó Brolcháin. Beidh roinnt de na hoibri- theoirí seo — ag teacht ó fhiontair chomh fada ar shiúl le hAukland sa Nua-Shéalainn agus Meicsiceo — páirteach i ndíospóireacht painéil in éin- eacht le hionadaithe mór le rá ó eagraíochtaí turasóireachta ar nós Fáilte Éireann, Visit Scot- land agus Bord Turasóireachta Thuaisceart Éireann. Beidh fócas an-phraiticiúil ag an chomhdháil agus beidh an deis ag toscairí casadh le meantóirí a dhéanfaidh a gcuid taithí agus saineolais a roinnt in iarracht ligean do rannpháirtithe cur lena gcuid éifeachtúlachta. Beidh an comhlacht tógála, Mobileonix, atá lonnaithe i dTír Chonaill, i láthair freisin chun comhairle a chur ar rannpháirt- ithe na comhdhála an dóigh le feidhmchláir fón cliste dá gcuid féin a mhúnlú. “Is aidhm leis an gcomhdháil forbairt cúig táirgí nua a spreagadh faoi mhí na Nollag,” dúirt stiúrthóir thogra CeangalG, Alasdair Moireasdan. “D’fhéadfaí aipeanna a áirithint leis na táirgí seo, atá ag éirí go sciobtha mar an áis is mó racháirt i neart earnlálacha den tionscal turasóireachta. Seo deis d’oibrithe turasóireachta cultúr- tha, go mór mór iad siúd a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge/Gàidhlige, a bheith ina gceannródaithe sa tionscal.” Is togra é Ceangal G a mhaoinítear ag an AE agus a bhfuil an coláiste Gàidhlige triú leibhéil, Sabhal Mòr Ostaig, ina cheann. Is iad na príomhpháirt- the ann Údarás na Gaeltachta agus Cultúrlann McAdam Ó Fiaich Bhéal Feirste. Le cur i láthair ag an ócáid freisin tá láithreán nua Gréasáin CeangalG, www.ceangalg.net, agus clár dheiseanna traenála agus meantóireachta. Más spéis leat páirt a ghlac- adh sa chomhdháil seo, déan teagmháil le riarthóir CeangalG, Claire Nic Niocaill ag claire@ceangalg.net nó ar an bhfón ag +44 1471 888352 . Comhdháil i nGaoth Dobhair ar thurasóireacht chultúrtha Alasdair Moireasdan Na Gaeil ag machnamh go géar ag Tráth na gCeist toigh Hiúdaí le airgead a bhailiú do Lá Mór na Gaeilge Rónán Ó Snodaigh á bhualadh amach ag an Chabaret an mhí seo a chuaigh thart.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3