Goitse, Feabhra 2014

Goitse 21 Feabhra 2014 NUACHT 3 Tús leis an troid? Bhí na mílte ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath ag deireadh na seachtaine seo a chuaigh thart do Lá Mór na Gaeilge agus bhí a mhacasamhail de dhíth go géar. Le blianta anuas, tá an Ghaeltacht agus an Ghaeilge in áit na leathphingine agus tá muid ag fulaingt dá réir. Nuair a d’éirigh Seán Ó Cuirreáin as a phost mar Choimisinéir Teangan, bhí sé soiléir nach raibh institiúidí an stáit ag comhlíonadh a gcuid dualgaisí maidir le seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge agus, nuair a rinne an rialtas neamhaird den méid a bhí le rá aige, thug siad teachtaireacht láidir do phobal na Gaeilge. Ba é tús agus deireadh na teachtair- eachta sin ná nach raibh an rialtas sásta éisteacht a thabhairt dúinn. Chuaigh siad níos faide, áfach, nuair nach raibh oiread agus duine amháin as páirtithe an chomh- rialtais i láthair ag coiste Oireachtais nuair a mhínigh Seán Ó Cuirreáin cad chuige a raibh sé ag éirí as a phost. Dúirt sé go raibh an Ghaeilge “imeall- aithe” ag an státchóras agus gur “cur i gcéill” a bhí i bpolasaí rialtais i ndiaidh rialtais maidir leis an Ghaeilge. Bhí an ceart aige. Thug pobal na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge teachtaireacht láidir dá gcuid féin don rialtas Dé Sathairn. Tháinig daoine chun a’ bhaile ón mhórshiúl, ag déanamh go raibh éacht déanta acu, agus bhí. Ach an leor é? An leor siúl le scaiMe, ag ceol agus ag scairtigh amach, ón Ghairdín Cuimhneach- áin go dtí An Dáil le héisteacht le ceol agus óráidí? I ndáiríre, níor athraigh rud ar bith Dé Sathairn. Níor dhúirt an rialtas go raibh siad le athruithe bunúsacha a dhéanamh dá gcuid polasaithe. Níor fógraíodh ach go gcuirfí coiste comhairliúcháin ar bun a mbeadh ionadaithe ó na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta mar bhaill de. Shílfeá go raibh go leor coistí agus eagraíochtaí ag tabhairt comhairle don rialtas cheana féin agus nach raibh coiste eile de dhíobháil. Beidh mórshiúl eile Dé Domhnaigh i gConamara. Tá scaiMe ansin ag bailiú taobh amuigh de oifig an Choimisinéara Teangan agus ag siúl soir go dtí oifigí Roinn na Gaeltachta. Go bhfios dúinn, níl rud ar bith beart- aithe don cheantar seo, le seasamh Sheán Ó Cuirreáin a chomóradh nó le agóid a dhéan- amh faoin bhealach inar caitheadh leis. Ach ardaíonn sé ceist. Tá mé go mór i bhfách le agóid a dhéanamh ar son sheasamh Uí Chuirreáin ach an bhfuil sé ceart díriú ar an Choimisinéir Teangan agus ar sheirbhísí stáit i rith an ama? Nach bhfuil níos mó dochair déanta ag polasaithe eile an rialtais d’infrastruchtúr sóisialta na Gaeltachta? Mar shampla, caidé an seans atá ag an Ghaeltacht mairstin má tá fir agus mná óga an cheantair i Melbourne, Perth, Edmonton agus Londain? An dtógfaidh siad páistí le Gaeilge ansin? Muna bhfuil jabanna ar fáil do na daoine óga sin sa bhaile, rachaidh siad cá bith áit a bhfuil jab ar fáil. Fá láthair tá fadhb mhór againn leis an imirce agus, má leanann an rialtas le polasaithe na déine, is chun donais a rachaidh an pobal seo. Tá ceist na Gaeilge agus seirbhísí i nGaeilge iontach tábhachtach ach, muna bhfuil pobal beo beithíoch againn le úsáid a bhaint as na seirbhísí sin, beidh deireadh leis an Ghaeltacht. Más rud é gur cuireadh tús le troid ar son na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo a chuaigh thart, ná bíodh an troid sin cúng. Ná bímis sáinithe i gcoirnéal beag amháin. Bíodh troid maith fiúntach againn le seasamh suas dár bpobal agus bíodh an Ghaeilge lárnach sa troid sin. “Thug pobal na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge teachtaireacht láidir dá gcuid féin don rialtas Dé Sathairn. Tháinig daoine chun a’ bhaile ón mhórshiúl, ag déanamh go raibh éacht déanta acu, agus bhí. Ach an leor é?” Fáiltíonn Goitse roimh litreacha ónár léitheoirí. Is féidir litir atá le foilsiú a sheoladh chuig litir@goitse.org . Seol comhfhreagras ar bith eile chuig eolas@goitse.org nó déan teagmháil ag 086 8476862 Eagarfhocal Seán Ó Ceallaigh 1926-2014 Fuair duine de mhórphearsan- tachtaí Chloich Cheannfhaola, Seán Ó Ceallaigh, bás sa bhaile i mBaile an Easa ar maidin Athair an Dá Lá Dhéag 2014 in aois a sheacht mbliana agus ceithre scór. Bhí aithne ar John ar fud na contae agus ar fud na tíre. Rinne sé freastal ar leith ar phobal Chloich Cheannfhaola ar feadh thrí scór go leith bliain. Fear gnó a bhí ann. Chuir sé tús le siopa troscáin agus éadaigh ar bharr na malacha ar thaobh Ghort a’ Choirce dena Croisbhealaigh. Is iomaí teach in Iar-Thuaisceart Dhún na nGall a ndearna an siopa sin freastal air le linn na mblianta. Bhí fáilte Uí Cheallaigh roimh bhunadh na Gaeltachta nó Gaeilgeoirí dílse ab’ iad John agus Caitlín. Bhí lucht na Gaeltachta ar a só sa tsiopa, cé acu buatais nó braillín, cuilt nó cúirtín nó cuta snáth’ a bhí siad a chuartú. Fear polaitíochta a bhí ann. Toghadh ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall é sa bhliain 1953 agus d’fhan sé ann go dtí 1980. Bhí sé le Fianna Fáil i dtús báire agus chuaigh sé le Blaney in am na scoilte. Bhí sé ina Chathaoir- leach ar an Chomhairle Contae dhá uair – mar bhall de Fhianna Fáil 1970-71 agus mar bhall de Fhianna Fáil Neamhspleách 1979-80. Fear mór spóirt a bhí i John Kelly. Ní raibh sé ach ina ghlas- stócach nuair a toghadh ina Rúnaí ar fhochumann Chloich Cheannfhaola de C.L.G. é sa bhliain 1942. Thug sé seirbhís saoil don chlub ó sin amach. Ní raibh post sa chlub nach raibh aige am amháin nó am eile. Ath- thoghadh é mar Uachtarán ar an fho-chumann i Mí na Nollag 2013. Bhí stór millteanach eolais agus seanchais aige ar stair C.L.G. Chloich Cheann-fhaola – ina chuimhne agus sna ‘scrapbooks’ a choinnigh sé go cáiréiseach. Chaith sé blianta ar Choiste an Iarthair nuair a bhíodh Gaoth Dobhair agus An Clochán Liath in adharca a chéile agus blianta ag freastal ar chruinnithe Choiste Chontae Dhún na nGall. Is beag cluiche a d’imir Dún na nGall le blianta fada nach raibh sé féin agus Padaí Ó Grádaigh acu. Ach ní ag na cluichí móra amháin a bhíodh John le feiceáil ach ag na cluichí beaga. Is beag cluiche a himríodh ar Pháirc Naomh Fionán – a ghairdín Párrthais féin – le seachtó bliain nach raibh John i láthair agus spéis ar leith aige i bpeil na n-óg. Nuair a luaitear Liathróid Láimhe sa chontae seo tig ainm Sheáin Uí Cheallaigh chun cuimhne láithreach bonn. Bhí sé ina Chathaoirleach ar Choiste an Chontae ó 1962 go dtí 1998: ba é a bhí ar chúl thógáil na bpinniúr Liathróid Láimhe i mBaile Chonaill: agus shiúil sé an tír le himreoirí óga Chloich Cheannfhaola – stócaigh agus cailíní – ar feadh na mblianta. B’fhear mionlaigh é. Chuir sé a chroí agus a bhrí isteach i ngluaiseacht na gCluichí Pobail. Ba é an chéad Chathaoir- leach a bhí ar Choiste Contae Dhún na nGall, post a choinnigh sé ó 1972 go dtí 1988. Bhí sé ina Chathaoirleach agus ina Uacht- arán ar Choiste Chúige Uladh. Bliain i ndiaidh na bliana thug sé a aghaidh ar Mhaigh Muirí chuig na Cluichí Náisiúnta. Chaith sé a shaol ag cothú buaidheannaí na hóige. Bhí Seán ina ionadaí ag an Choiste Gairmoideachais ar Bhord Bainistíochta Phobalscoil Chloich Cheannfhaola ón tús agus ina Chathaoirleach éifeachtach, dhícheallach ar an Bhord ar feadh chupla tréimhse. Bhí a chroí istigh sna cártaí agus sa bhioraiste go speisialta. Ba ghárradóir den scoith é. Bhí sé ar dhuine de cheannródaithe Bhriogáid Dóiteáin an Fhál Charraigh. B’fhear mór pobail é. Agus b’fhear mór teaghlaigh é. Ghoill bás a iníne, Áine, anur- aidh go mór air. Anois goilleann a bhás go mór ar a bhean chéile agus a shíorchompánach dhílis, Caitlín: ar a thriúr mac – Joe, Mánus agus Johnny: ar a sheachtar iníon – Máire, Nóirín, Síle, Majella, Cristín, Caitríona agus Olivia: ar a cheathrar deirfiúr – an tSiúr Katie, Máire, Sorcha agus Bríd: agus ar a ghaolta agus a chairde uilig. Go ndéanaidh Dia a mhaith ar an fhear chneasta, Chríostaí, Ghaelach, uasal seo. —An tAth. Seán Ó Gallchóir Mórphearsan gnó, spóirt agus polaitíochta Chloich Cheannfhaola ar shlí na fírinne

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3