Goitse, Márta 2014

14 SIAMSAÍOCHT Goitse 21 Márta 2014 Cruibhead: na manaigh sa tsean aois ... áit fa choinne fíon a choinneáil ... déanta cosúil le cupa ... seans go dtabharfaidh cailís air sa lá atá inniu ann. Ciarta: bréid (píosa d’éadach trasna ar a chuid súile) a bheadh ann ... pionós a fuair Colmcille nach bhfeicfeadh sé Éirinn a choíche aríst nuair a thit sé amach le Naomh Fionnán. Ciar — wax — a bhí san éadach). Dallóg a bhí ann. Sprúar: rud ar bith a thitfeadh uait agus a bhriseadh ina smionagar iontach mín ar fad ... sprúar a bheadh ann. Búiste: plástar a chuirfeadh siad ar neascóid fá choinne an silleadh a tharraingt amach as an neascóid. Poultice i mBéarla. Píosa d’arán bán ... chuirfeá sin i mullach an neascóid agus chuirfeá bréid os a chionn sin. Scathmhaire: scathmhaire do fhear ... iontach gasta ar a chosa ... fear tánaí éadrom agus gan meáchan mór le hiompar aige. Ar slabhrú: dá mbeadh cuid mhór cuileoga sa teach ... tá an teach ar slabhrú le cuileoga ... tá an áit ar slabhrú acu. Ach i nGaoth Dobhair chloisfeá: tá mé ar slabhrú leis an ocras — tá mé ar scimleadh/scimliú leis an ocras ... tá mo bholg thiar ar mo dhroim/ocras mór orm. Bhí oiread ocrais orm go n-íosfainn fearann an bheitheach (marcach ar an bheitheach)! Amhlánta: duine nach bhfuil mórán réasún aige ... níl sé ábalta rudaí a shocrú go suaimhneach mar a dhéanfadh gnáthdhuine — tá sé aggressive ... iontach amhlánta. Amhlóir: duine atá iontach trioblóideach ... thógfadh sé troid sna flaithis. Giolla na mbréag agus na seallóg: duine nach dtig leat focal amháin a chreidbheáil uaidh ... níl seallóg chomh holc leis an bhréag. Bealadh taobh amuigh do ghob: ( ointment outside of mouth ) duine a insíonn scéal duit nach bhfuil ag teacht óna chroí ... bhí sé ag cuir i gcéill duit go raibh sé ag inse an fhírinne. Bealadh: ointment — chuirfeá bealadh ar chnámha nimhneacha ... ba ghnáth leo géir gandail a chuimilt. Gob: taobh amuigh do bhéal an duine Am thuill: iontach am-thuill sna cnámha — gasta — déan go gasta é ... déan go h-am thuill é. Bíonn Micí Whiting Mac Aoidh ina aoi ar an chlár Rónán Beo@3 ar Raidió na Gaeltachta gach Mháirt. Tá Goitse buíoch do Mhicí, do Rónán agus do fhoireann Raidió na Gaeltachta as cead na focla seo a chur i gcló. Focla Mhicí Beidh dhá oíche Chraiceáilte Tigh Hiudaí i nGaoth Dobhair Dé Sathairn seo, mar chuid den Chabaret Craiceáilte, ag a mbeidh na ceoltóirí Donal McCague (Ceoltoir Óg na Bliana 2013 ag Gradaim Ceoil TG4) agus a dhear- tháir Micheal McCague as an Bhoth, Co. Mhuineachán, Ciarán Ó Maonaigh (fear a bhfuil an ghradam chéanna buaite aige) agus Caitlín Nic Gabhann, an grúpa Mo Hata Mo Gheansaí agus go leor eile ag seinm. Beidh réamh-chóisir Chraic- eáilte ann Dé hAoine 28 Márta agus an Cabaret féin ann Dé Sathairn 29 Márta. Beidh an racghrúpa as Cona- mara, The Temporary, ar an ardán fosta, chomh maith leis an phap- amhránaí áitiúil Emma Ní Fhíoruisce agus cuid mhór ceol- tóirí agus damhsóirí eile. I measc na gceoltóirí áitiúla a bheas ar an ardán, beidh Bríd Ní hIcí, Micheál Danny Minnie, agus Liam Mac Giolla Bhrighde, agus beidh Céilí Craiceáilte ar siúl Dé hAoine fosta. Fógraíodh an tseachtain seo fosta go mbeidh an sár-ghrúpa reggae Bréag ag teacht chuig Cabaret mhí Aibreáin ar an 26 Aibreán i gcuideachta girseachaí Ukelele Bhéal Feirste mar chuid do chamchuairt speisialta ag ceiliúradh 20 bliain den ghrúpa Bréag. Beidh clár raidió speis- ialta le Bréag á chraoladh ar RnaG, an lá roimhe sin, DéhAoine 25 Aibreán 3-4pm. Maidir leis an Chabaret agus an rave-chóisir ag deireadh na míosa seo, beidh an Céilí Craiceáilte agus cuid mhór aoí- cheoltóirí ar an ardán ar an Aoine óna 10 i.n. ar aghaidh. Beidh Mó Hata Mó Gheansai as Cill Mhantáin, Dónal agus Micheál McCague as Muin- eachán, Ciarán Ó Maonaigh agus Caitlín Nic Gabhann as Cois Cláidí, The Temporary as Conamara, Emma Ní Fhíoruisce as Srath na Corcra agus go leor eile ar an ardán Dé Sathairn óna 10 a chlog ar aghaidh. Fogrófar tuilleadh ainmneacha de cheoltóirí agus grúpaí ar an chlár Rónán@3 ar Ráidió na Gaeltachta i rith na seachtaine. Deireadh Seachtaine Craiceáilte i dTigh Hiúdaí Ciarán Ó Maonaigh agus Caitlín Nic Gabhann Emma Ní Fhíoruisce le tacaíocht ó Teach Sheáin Óig Bia ar fáil go dtína 9pm B I A & D E O C H Siopa Mhicí Gallaghers foodstore Ollmhargadh & Eischeadúnas DOIRÍ BEAGA Deireadh Seachtaine Craiceáilte Aoine 27 & Satharn 28 Márta Teach Hiúdaí Bhig Donal & Michael McCague Ciarán Ó Maonaigh & Caitlín Nic Gabhann Mo Hata Mo Gheansaí The Temporary Bríd Ní hIcí Michael DannyMinnie Liam Mac Giolla Bhrighde Emma Ní Fhíoruisce Céilí Craiceáilte Tuilleadh ceoltóirí le fógairt Ag teacht chuig Cabaret an 26 Aibreán: Bréag agus girseachaí Ukelele Bhéal Feirste

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3