Goitse, Márta 2014

Goitse 21 Márta 2014 SPÓRT 15 Chuaigh páistí Ghaoth Dobhair chuig Blitz iomána na Gaeilge a bhí ar siúl ag CLG Baile na Scríne, Contae Dhoire le gairid. Bhí níos mo ná 150 páiste as Gaelscoileanna agus Clubanna atá ag cur na Gaeilge chun chin. Rinne dhá dhream as Dún na nGall an turas go Machaire Fíolta. Bhí 41 páiste as Gaelscoil Adhamhnáin Leitir Ceanainn ann agus 21 páiste as CLG Ghaoth Dobhair. Ar feadh beagnach dhá uair a chloig, bhí na camáin ag luasc- adh is na sliotair ag eitilt. Bhí ceithre fhoireann fágtha agus na cluichí leath ceannais buailte againn - Gaoth Dobhair(a), Leitir Ceanainn(a) , Gaoth Dobhair (b) agus Carn Tóchar. Éacht déanta ag na Conallaigh trí fhoireann a fháil a fhad leis na chluichí leath-cheannais. Is iad Gaoth Dobhair (a) agus Carn Tóchar a d’imir sa chluiche ceannais. Bhí cluiche ar dóigh ann. Bhí foireann Ghaoth Dobhair rud beag níos láidre agus thug siad Corn Cuimhneacháin An Athar Ó hEaráin ‘na bhaile leo. Is iad Na Magha as Doire a bhain Comórtas an Sciath. 15 fhoireann as Gaelscoil- eanna/Clubanna Cúige Uladh a bhí páirteach sa chomórtas seo don chéad uair agus mar a deir siad: tús maith leath na hoibre! ● Naomh Mhuire Comhghairdeas le Damien Ó Doibhlin agus Jamie Mac Aoidh a bhí ar fhoireann Phobalscoil Chloch Cheann Fhaola a bhain craobh Uladh faoi 16 le gairid. Beidh traenáil faoi 12 ann gach Satharn ag a 4.45 i.n. sna ‘Banks’. D’eirigh thar barr leis an oíche dornálaíochta. Buíochas do gach duine a chuidigh ar dhóigh ar bith. ● Cloich Cheannfhaola Bhí bua maith ag an chlub ag Scór Sinsir Dhún na nGall. Bhain siad Damhsa Seite, Rince Foirne agus Ceol Uirlisí. Beidh siad ag glacadh páirt anois i mbabhta leath- cheannais Craobh Uladh. ● Gaoth Dobhair Bhí an bua ag an fhoireann sinsir i gComórtas Peile na Gaeltachta: Gaoth Dobhair 0-7 Gaeil Fhanada 0-5. Rás 5k curtha siar go Mí Aibreáin. Oíche Dornálaíochta: CLG Gaoth Dobhair v Gailf Chumann Gaoth Dobhair ar an 12 Aibreán. Bígí ann. Blitz Iomána na Gaeilge Nótaí CLG Foireann bhuacach faoi 16 Chloich Cheann Fhaola a bhain Corn Mhig Artuir i bPáirc Uí Éalaigh, ar an Ómaigh, ar na mallaibh. (Tuairisg is grianghraif ar lch 16). 3 4 1 2 2 1 4 3 1 3 2 4 4 2 3 1 Freagraí ar phusail lch 13: Foireann Ghaoth Dobhair a bhain Corn Cuimhneacháin an Athar Uí Earáin ag Blitz Iomána na nGael.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3