Goitse, Aibreán 2014

14 SIAMSAÍOCHT Goitse 25 Aibreán 2014 Fuair Gaeil an tSaorstáit an chéad bhlaiseadh de cheol mealltach Bhréag go hiontach gasta, ag an chéad Fhéile Chraiceáilte, ‘Craic na Samhna ’93, féile cheoil 3 lá i Ráth Chairn, Contae na Mí, ag a raibh Bréag, Kíla, Hyperborea, Lónta Fhear Manach, Na ChipenGhaeil, An Scadán Rua, Marcas Ó Murchú agus cuid mhór eile páirteach. Thit an scaiKe i ngrá leis an ghrúpa óg fíor- chraiceáilte seo, agus fiú ag an phointe sin, thuig a raibh i láthair gur iad croí na féile. Chuaigh Bréag ar aghaidh le cliú agus cáil a bhaint amach i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta ach, ar an drochuair, taobh amuigh de lucht leanúna dílis reggae sna sé chontae, agus i dTír na mBascach, níor éirigh leo iomrá mhór a bhaint amach ariamh, taobh amuigh den náisiún Ghaelach. Mar sin féin, choinnigh siad orthu, agus d’fhorbair fuaim s ‘acu fríd na blianta le tionchar cheol Oirthear na hEorpa, Meiriceá Laidineach, meascaithe le fuaimeanna traidisiúnta agus rithimí ceoil Iamáice. Bhí siad le feiceáil agus le cloisteáil ar cuid mhór cláracha teilifíse agus raidió ar RTÉ, an BBC, agus ar RnaG dar ndóigh. Agus chas siad ag Féile an Phobail, achan fhéile Chraiceáilte as Gaoth Dobhair, go Ráth Cairn, go Baile Átha Cliath, go Toraigh, go Conamara agus d’fhan siad dílis i dtólamh don fhírinne sa cheol. “Cúis bróid dúinn a bheith ar ais i nGaoth Dobhair, agus ag an Chabaret Craiceáilte, mar gheall ar an nasc láidir atá againn leis an ghluaiseacht Chraiceáilte le 21 bliain anuas. Táimid ag filleadh ’na bhaile. Níl áit ar bith níos fearr!” a dúirt Caoimhín faoi scamall deataigh raithnigh, taobh amuigh do theach leanna Uí Cheallaigh i mBéal Feirste an tseachtain seo. Beidh cuideachta mhaith ag Bréag ag Cabaret Craiceáilte na míosa seo, Dé Sathairn seo 26 Aibreán, mar go mbeidh an sár- amhránaí Enda Reilly , a bhfuil albam úr amuigh aige ‘Amhráin Nua i nGaeilge ‘a fuair léirmheas iontach dearfach sa Ticket san Irish Times cúpla seachtain ó shin, ar an ardán fosta. Is sean chara de chuid an Chabaret é Enda, a chas a chuid amhráin ag Cabaretanna Craiceáilte, i nGaoth Dobhair, Béal Feirste, Gaillimh, Conamara, Electric Picnic, agus Baile Átha Cliath, fríd na blianta. Tá cairde úra ag teacht inár measc, an deireadh seachtaine seo, mar go mbeidh Mana , grúpa Ukulele as Béal Feirste ag casadh ar an stáitse beag tigh Hiúdaí, den chéad uair. Tá Gearóid Mac Lochlainn, Jamie Jameson, Holly Ní Ghráda, agus Cáit Ní Mhurchú sa ghrúpa úr spreagúil seo a chanann amhráin i stíl na ngormachaí. Beidh tús a chur leis an cheol ar a 9 a chlog Dé Sathairn seo, 26 Aibreán, Tigh Hiúdaí, An Bun Beag, i nGaoth Dobhair. Bréag ag “filleadh ’na bhaile” do Chabaret Craiceáilte na míosa seo Beidh Bréag ar stáitse an Cabaret Craiceáilte ar an 26 Aibreán. Enda Reilly

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3