Goitse, Aibreán 2014

Goitse 25 Aibreán 2014 GNÉ-ALTANNA 15 Focla Mhicí Bíonn Micí Whiting Mac Aoidh ina aoi ar an chlár Rónán Beo@3 ar Raidió na Gaeltachta gach Mháirt. Tá Goitse buíoch do Mhicí, do Rónán agus d’fhoireann Raidió na Gaeltachta as cead na focla seo a chur i gcló. Seangánach: scoilt na seangán – áit a bheadh lán seangáin Duál: dá mbeadh siad ag cuartú duine a bhí caillte ar an fharraige, ‘bhain siad dual dó, ní raibh maith daofa a bheith á chuartú níos mó. Nach bhfuil – dual do rópa ann fosta? strand of rope ... cé mhéid dual a bhíonn in rópa? Scríobóg/scríobógaí: go ngreamódh na prátaí do thóin an phota ... donn ar thóin an phota ... bheadh siad ag scríobadh thóin an phota ... scríobógaí. Araiciseach: duine a bheadh araiciseach– duine a bheadh ag scamhlair i gcónaí ... ag tabhairt amach duit ... duine araiciseach, bíonn sé i gcónaí ag scamhlair.... Marsach: an duine – níl ann ach marsach do dhuine, níl dúshraith ar bith ar a chuid cainte; marsantacht chainte – níl siosmaid ar bith lena chuid cainte ... níl ann ach marsach de dhuine. Bliotachán: duine atá bliotach ag caint ... duine a bheadh doiligh a thuigbheáil mar nach raibh an chaint ag teacht leis mar is ceart. Tá sé iontach bliotach ... stad ina chaint ... caint stadach. Tuthóg: níl inti ach tuthóg do dhuine – beag agus ramhar agus fálsa ... ní raibh dúil aicí a bheith ag obair. Bruth: teasmhach a bhí san fhuil. An fhuil iontach te. Bheadh tochas sa chraiceann. Agus bheadh an duine iontach tuirseach. Bruth a bheirfeá ar an tinneas féin. Bheadh prugaidí acu fá choinne an fhuil a ghlanadh amach. Sú an dúlamáin a d’úsáidfeadh siad. Bhí scaiKe mór i láthair níos luaithe an mhí seo ag cruinniú phleanáil teanga i Halla Anagaire. Ba é seo an chéad chruinniú poiblí sa cheantar seo ar an ábhar sin agus bhí sé ag tarlú mar cheann de na coinníollacha a leagadh síos don phróiseas phleanáil teanga. Beidh cruinnithe mar seo ag tarlú sna ceantracha eile atá ag cur plean teanga le chéile amach anseo. Cé go bhfeictear Anagaire mar cheantar atá ar imeall na Gaeltachta go minic, bhí sé suntasach go raibh an scaiKe mór ann agus go dtáinig daoine as an Mhullach Dubh lena gcuid tuairimí a nochtadh ar cheist na Gaeilge. Glacadh leis ag formhór na ndaoine a bhí ag an chruinniú go raibh gá leis an Ghaeilge a bheith níos feceálaí sa bhaile agus moladh fosta go mbain- feadh achan duine úsáid as a gcuid Gaeilge sna siopaí agus sna gnónna áitiúla. Cruinniú Phleanáil Teanga in Anagaire le tacaíocht ó Teach Sheáin Óig Bia ar fáil go dtína 9pm B I A & D E O C H Siopa Mhicí Gallaghers foodstore Ollmhargadh & Eischeadúnas DOIRÍ BEAGA Seirbhís laethúil as Tír Chonaill go Béal Feirste BUSANNA GALLAGHER An grúpa reggae is fearr sa tír ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhóthar mór! mana — Seit úr mealltach ullmhaithe acu i stíl na nGormacha — EndaReilly Albam úr Amhráin Nua i nGaeilge ar fáil anois ó endareilly.com Girseachaí Ukulele Bhéal Feirste le Gearóid Mac Lochlainn An mhí seo chugainn: Dé Sathairn 24 Bealtaine BOSS SOUND MANIFESTO 26.04.14 Dé Sathairn 9.30in Tigh Hiúdaí Bhig GAOTH DOBHAIR Dearadh: Caomhán Ó Scolaí 087-2734035 Goitse na nÓg: Réiteach ar Phusail lch 13

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3