Goitse, Aibreán 2014

4 TUAIRIM Goitse 25 Aibreán 2014 Réiteach buan seachas tuilleadh dreideála atá de dhith ar Ché Mhachaire Rabhartaigh Tá corradh is céad go leith céanna agus struchtúir slipe thart ar chósta Thír Chonaill. Ar cheann acu seo, tá an chéidh atá lonnaithe ar cheann tráigh Phort Mhaise, i Machaire Rabhartaigh. Tá céidh ar an láthair seo le saol cait agus anuas fríd na glúnta, bhain idir phobal na tíre móire agus pobail na n-oileán i gcoiteann iomlán úsáide as. Le blianta beaga anuas anois tá tréan cainte is scansáil déanta fá dtaobh don chéidh áirithe seo. Ar na mallaibh ansin, chan amháin gur tuaim na toinne agus na faileoga ag scairtigh, a bhí le cluinstin ag an céidh seo, ach bhí trup agus tormáin na n-inneall tochailte san aer fosta, lá is oíche. Bhí Comhairle Condae Dhún na nGall i mbun oibre agus iad ag stiúradh oibreacha dreideála ag an chéidh don darna uair i mbliana, ionnus go mbeadh na bádaí iascair- eachta agus bád farantóireachta oileán Thoraí ábalta fáil isteach le taobh na céadh go sábháilte, gan dochar, gan damáiste. Sa bhliain 2003, cuireadh síneadh de 80m leis an chéidh agus rinneadh oibreacha dreid- eála fosta ag an am sin, ar chostas iomlán de €2,603,000. Bá é An Roinn Gnóthaí, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, a mhaoinigh €2,413,00 den togra agus chur Comhairle Condae Dhún na nGall an mhaoiniú breise de €190,000 ar fáil. Shilfeá, nuair a bhí suim chomh fiúntach sin airgid á infheistiú, i struchtúr calaphoirte, fartha agus iascaireachta dá leithid, nach mbeadh feidhm mórán eile airgid a chaitheamh ar an togra nuair an bheadh an obair críochnaithe ina iomláine. Ach, ón bhliain 2003 go dtí inniu ann, tá Comhairle Condae Dhún na nGall ag caitheamh na mílte euro d’airgead na gcáin-íocóirí, bliain i ndiaidh na bliana, ag tabhairt faoi obair éigeandála dreideála agus cothú trá i Mach- aire Rabhartaigh. Ar ndóighe, ardaíonn sé seo ceisteanna go leor, maidir leis an obair pleanála agus an treoir a tugadh d’ionadaithe na Comhairle Condae agus a úsáideadh mar dhúshraith leis an síneadh a cuireadh leis an chéidh an chéad lá riamh. An bhfuil teacht aniar ar bith ar an Comhairle Condae, más rud é nár tuairiscíodh daofa, an tábhacht a bheadh le balla cosanta mara, leis an gaineamh a choinneáil ó bheith ag carnadh le taobh na céadh? Nach shílfeá go mbeadh a leithéid de bhalla cosanta mar pháirt lárnach de réamh-mheastachán na hoibre ó thús? Má bhí amhlaidh, cad tuige ar tugadh faoin obair seo nuair a bhí síneadh breise á chur leis an chéidh? Muna raibh a leithéid luaite ins na tuairiscí a cuireadh ar fáil, ó na hinnealtóirí agus an comhairleoirí cuí, cad tuige nach raibh? Ar cuireadh ar a súile don Chomhairle Condae ag an am, go mbeadh gá le obair dreideála, bliain i ndiaidh na bliana, leis an chéidh a choinn- eáil foscailte agus sábháilte? Thug príomhtheicneoir na Comhairle Condae le fios do Choiste na Trá, atá ag gníomhú go deonach i Machaire Rabhar- taigh, i ríomhphost chucu i Mí na Márta anuraidh; “Maidir le tógáil bhalla farraige, ceapadh Comhairleoir Innealtóireachta le dearadh agus doiciméad a ullmhú chun iarratas urthrá a dhéanamh le haghaidh na hoibre. Tá an chéim seo chun cinn go maith agus táimid ag súil le bheith in ann iarratas a dhéanamh go luath.” Is ábhar imní agus lag- uchtaigh do, idir iascairi agus mhuintir na háite é go dtí seo, nach bhfeiceann siad forbairt fiúntach de shórt ar bith á dhéanamh ar bhalla cosanta, ach a mhalairt, airgead á chaitheamh go hamaideach achan ráithe ar obair dreideála. Muna dtabharfar aghaidh dáiríre ar an cheist seo agus a theacht aníos le réiteach chomh gasta agus ar bhonn práinne, is cinnte go mbeidh slí beatha ársa na n-iascairí, chomh maith leis an cheangal beatha agus turasóireachta go oileán Thóraí agus Inis Bo Finne i mbaol. Tá sé fíor thábhachtach anois go mbeidh próiseas cuí comhairleacháin ann i dtaca na ceiste seo agus go dtabharfaí cluas ghéar éisteachta do na hiascairí, do lucht úsáidte na céibhe agus an pobal áitiúil. Anuas air seo, go mbeadh ról lárnach acu i cibé pleananna forbartha atá a dhearadh do cheantar agus do Céidh Mhach- aire Rabhartaigh. Caithfear oibriú as láimh a chéile ar mhaithe le leas an cheantair ina iomláine, agus níos tábhachtaí, le deireadh a chur leis an amaidí agus an cur amú airgid náireach atá ag tarlú bliain i ndiaidh na bliana. Chan innealra dreadála atá dhiabhail níos mó anois ag ceidh Mhachaire Rabhartaigh ach innealra tógála agus tús a bheith curtha leis an obair ar bhalla cosanta mara gan a thuilleadh moilleadóireachta. Chan innealra dreideála ach innealra tógála atá de dhith má tá réiteach buan le fáil ar fhadhbanna Ché Mhachaire Rabhartaigh. Aniar Aduaidh le Brian Mac Rabhartaigh Tá Goitse ar fáil ar-líne ag www.goitse.org ar fud na cruinne Caitheadh €2.6m ar shíneadh a chur le Cé Mhachaire Rabhartaigh in 2003. Tá an Chomhairle Condae ag caitheamh na mílte ar obair dreideála gach bliain ó shin.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3