Goitse, Aibreán 2014

Goitse 25 Aibreán 2014 NUACHT 3 Pobal agus Cultúr Tá focal amháin a chluinfidh muid arís agus arís eile an mhí seo chugainn. Beidh polaiteoirí ag dul ó dhoras go doras ag iarraidh do vóta a fháil sa toghchán áitiúil agus sa toghchán Eorpach ar 23 Bealtaine agus, mar is gnách, beidh siad ag geallstan achan rud do dhaoine. Beidh focal amháin, áfach, a bheas in úsáid acu níos mó ná ceann ar bith eile. Pobal. Ach caidé an rud é pobal? Is féidir an cheist sin a chur ar chéad duine agus is dóiche go bhfaighfeá céad freagra éagsúil. Bíonn a thuigbheáil féin ag achan duine ar caidé an rud é pobal, ach is féidir bheith cinnte go dtuigeann achan duine ar leibhéal inteacht gur cuid de phobal iad. Tuigeann daoine fosta go bhfuil tábhacht le pobal. Má tá ionad seandaoine, mar shampla, ag cuartú airgid fá choinne tions- cnaimh úir, gheibh siad tacaíocht ó na daoine sa cheantar leis an tionscnamh sin a chur ar bun. Mar an gcéanna, bhéarfaidh daoine tacaíocht do eagraíochtaí carthan- achta do pháistí sa cheantar atá tinn. Tá sé nádúrtha, dar leat. Sin a bhfuil ann. Ach tuigeann daoine go bhfuil siad ag tabhairt tacaíochta don phobal nuair a thugann siad cuidiú do dhaoine a bhfuil an cuidiú sin de dhíth orthu. Ar ndóigh, tá níos mó i gceist le pobal ná carthanacht. Caithfidh rud inteacht a bheith i gcoitinne ag daoine le pobal ceart a dhéanamh daofa agus caithfidh siad amharc orthu féin mar phobal. Beidh na polaiteoirí ag díriú ar an rud seo, go n-amharcann daoine orthu féin mar chuid de phobal agus déarfaidh siad go seasfaidh siad leis an phobal sin. Ach, nuair a gheibh siad blaiseadh beag den chumhacht, cá mhéad acu a chuireann luach ar bith ar phobail atá i mbaol ar fud na tíre? I bpobal s’againn féin, tá muid i ndiaidh postanna a chailleadh ar an Screabán, tá siad ag bagairt oifigeacha poist a dhruid, tá turas fada le déanamh ag daoine a bhfuil ailse othu agus tá siad ag inse do dhaoine gan ghabháil chuig an Otharlann mar níl spás acu. Téann na rudaí sin uilig i bhfeidhm ar phobal. Is féidir leo pobal ar bith a chloí. Aisteach go leor, má léann tú stair na tíre seo, gheobhaidh tú amach go dtig lena mhalairt tarlú. Má sheasann an pobal le chéile in éadan rudaí mar seo, déanann sé pobal níos láidre de. Tá luach sa phobal seo nach bhfuil duine ar bith sna húdaráisí ag tabhairt aird ar bith air. Amharc an méid daoine as na coláistí traenála a tháinig anseo le cúrsa Gaeilge a dhéanamh. Amharc fosta ar an méid daoine a tharraing Tóstal Éireann 2013 chuig an cheantar seo de thairbhe go bhfuil cultúr ar leith againn. Cad chuige nach bhfuil muid ag amharc ar an chultúr sin mar acmhainn a dtig linn fostaíocht a chruthú thart air? Dúradh é ar na leathanaigh seo roimhe. Gan fostaíocht, tá an Ghaeltacht marbh. Tá sé soiléir nach bhfuil an Stát sásta nó ábalta an fhostaíocht sin a chruthú. An gcaithfidh muid féin sin a dhéanamh? Caidé atá le cailleadh againn má dhéanann muid iarracht? “Ach, nuair a gheibh na polaiteoirí blaiseadh beag den chumhacht, cá mhéad acu a chuireann luach ar bith ar phobail atá i mbaol ar fud na tíre?” Fáiltíonn Goitse roimh litreacha ónár léitheoirí. Is féidir litir atá le foilsiú a sheoladh chuig litir@goitse.org . Seol comhfhreagras ar bith eile chuig eolas@goitse.org nó déan teagmháil ag 086 8476862 Eagarfhocal Fís Chaoimhe agus Éadaoin Cá bhfuil ár dtriall? A chara, Caoimhe Ní Chathail agus Éadaoin Nic Mhuiris is ainm dúinn. Is beirt Ghaeilgeoir óga muid atá go mór paiseanta faoin Ghaeilge agus í a chur chun cinn. Is mac léinn Gaeilge agus Iriseoireachta í Caoimhe agus is mac léinn Cumarsáide í Éadaoin. Is aoibheann linn na meáin, craoltóireacht agus tairgeadh físeán. Mar sin, rinne muid an cinneadh seanal You Tube a bhunú darb ainm 'Tusa Tube'. An tréith a shonraíonn ó mór chuid de 'You Tubers' óga an lae inniu ná gur trí mheán na Gaeilge a mbeidh muid ag obair. Tá muid ar bís faoin smaoineamh seo agus ag súil go mór leis na físeanna ar fad a mbeidh muid ag tairgeadh. Bhí an bheirt againn i láthair ag Lá Dearg Béil Feirste ar an Satharn 12 Aibreán, ag siúl ar son na Gaeilge. Tá grá ollmhór againn don Ghaeilge agus níl aon dabht ach gur lá mór a bhí ann dá caomhnú. Rinne muid an cinn- eadh taifead a dhéanamh den lá agus é a chur ar Tusa Tube. Seo an chéad fhís sin linn agus tá fáil air ag: https://www.youtube. com/watch?v=U2_Dkl-Vp1c Bheadh muid fíor-bhuíoch as aon chuidiú uaibh agus ó ghrúpaí eile Gaeilge an fhís agus an seanal a chur chun cinn. Bheadh sé an-fhónta mar thús maith don tionscnamh seo agus muid ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach nuálach. Le gach dea-ghuí, Caoimhe agus Éadaoin A chara, Tá cinneadh mífhortúnach déanta ag Foras na Gaeilge deireadh a chur le maoiniú d’irisí clóite Gaeilge agus d’irisí eile ó mhí an Mheithimh 2014 ar aghaidh. Cinneadh é seo a dhéanann neamhiontas iomlán don phobal thraidisiúnta ar toil leo an léitheoireacht. Tá Lá agus Gaelsceál imithe, agus tá Goitse na Gaeltachta gan mhaoiniú. Tá an Foras ag brath ar mhaoiniú a tharraingt siar ó An tUltach , buile mharfach do Ghaeil Chúige Uladh. Ba shuarach amach mar a rinne siad an gníomh seo ag am a bhfuil coiste úr óg díograiseach ag déanamh socraithe comóradh 90 bliain de bhunú na hirise (1924) a cheiliúradh. Is cás faoi leith An tUltach atá ag feidhmiú faoi chóras rialtais nach bhfuil fabhrach do chur chun cinn na Gaeilge. Is é An tUltach a spreag scríbhneoirí móra Chúige Uladh chun pinn an chéad lá riamh. Scríbhneoirí mar Chlann Mhic Grianna, Seaghán Bán Mac Meanman, Fionn Mac Cumhaill, Niall Ó Dónaill, Séamas Ó Searcaigh, Aindrias Ó Baoighill, Eoghan Ó Dónaill, Tadhg Ó Rabhartaigh agus mórán eile. B’uirlis iontach An tUltach do chur chun cinn na Gaeilge sna scoltacha ar fud Chúige Uladh agus bhí béim mhór i gcónaí ar scríbhinní ón Ghaeltacht. B’iontach go deo an saothar a rinne iriseoirí, eagarthóirí agus coistí le beagnach céad bliain anuas agus d’ainneoin dhá thréimhse de thrioblóidí achrannacha go dtáinig An tUltach ar an saol achan mhí gan staonadh. Is cosúil nach dtuigeann an Foras an dúchas Ultach, mar chomh maith leis an bhagar diúltaithe do An tUltach , tá trí eagras i gCúige Uladh a rinne an- obair ar son na Gaeilge fágtha ar an bhlár fholamh .i. Iontaobhas Ultach, Altram agus Pobal. Is deighilteach agus lochtach gan amhras mar a rinne siad le scríbhneoireacht na Gaeilge le tamall anuas. Le dúnadh Lá agus Gaelscéal rinneadh iarracht saoirse an scríbhneora Gaeilge a cheansú. Lena chois sin, fágadh Áis gan bainisteoir le blianta fada agus níor ceapadh duine margaíochta lánaimseartha don eagraíocht. Bheinn ag impí ar an Fhoras breith ar a gciall, cumarsáid chairdiúil a chur in áit an duaircis agus gan dearmad a dhéanamh don dúchas Ultach. Ní féidir leis leanúint, caithfidh An tUltach mairstin! Is mise le meas An Dr. Pádraig Ó Baoighill Rann na Feirste An Dr Padraig O Baoighill as Rann na Feirste, údar agus Uachtarán An tUltach.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3