Goitse, Meán Fómhar 2010

Meán Fómhair 2010 Goιtse 3 Tá cruinniú poiblí le bheith in Óstán Mount Errigal i Leitir Ceanainn le cúrsaí sláinte sa cheantar seo a phlé. Tig an cruinniú, atá eagraithe ag an ghrúpa Caomhnaigh Seirbhísí Sláinte Dhún na nGall i ndiaidh an mhórshiúil mhóir a bhí acu fríd an bhaile mór ar 7 Lúnasa agus tá súil ag an ghrúpa go mbeidh scaie mór i láthair. Toisíonn an cruinniú ar 8.30in agus tá cuireadh ar na páirtithe móra polaitíochta uilig ionadaí a chur ar an ardán le cás s’acu a mhíniú maidir leis na ciorruithe atá beartaithe insna hotharlanna sa cheantar seo. Dúirt Martin O’Rourke, duine de choiste eagraithe an chruinnithe, go raibh sé tábhachtach go gcluinfeadh na hionadaithe sin glór an phobail atá in éadan breis ciorruithe sna seirbhísí sláinte. Dúirt sé fosta go raibh sé thar a bheith tábhachtach go gcluinfeadh na daoine caidé an tuairim a bhí ag na páirtithe seo mar go raibh sé tuartha go mbeadh fo-thoghchán againn san Earrach ar an bhliain seo chugainn. Cé gur éirigh go maith leis an mhórshiúl fríd Leitir Ceanainn an mhí seo a chuaigh thart, tá bagairt go fóill ar na seirbhísí sláinte ar fud cheantar an Iarthair agus tá lucht eagraithe an chruinnithe ag súil go gcuirfidh siad níos mó brú ar an rialtas na bagairtí ciorruithe a tharraingt siar agus cuid den airgead atá ag dul chuig na bainc a dhíriú ar beatha a shábháil. Cruinniú poiblí i Leitir Ceanainn ar chiorruithe sna hotharlanna Cuireadh tugtha d’ionadaithe na bpáirtithe móra lena gcás a mhíniú don phobal Chuir polaiteoirí an cheantair seo uilig fáilte roimh an ógra a d’eisigh Comhairle Contae Dhún na nGall go raibh siad ag cur € 250,000 ar fáil le bail a chur ar an damáiste a rinneadh ag na tuilte i mí Meithimh anuraidh. Fuair an Chomhairle an t-airgead ó Oifig na nOibreacha Poiblí le leasaithe a dhéanamh ar infrastruchtúr a ndearnadh damáiste air sna tuilte. I measc na bhfiontar atá i gceist, tá dhá dhroichead ar An Seascain Bheag agus obair leasaithe ag Ard na gCeapairí, chomh maith le hobair ar dhíoganna ar fud an cheantair. Ach tá daoine sa cheantar mí-shasta leis an mhoill atá ar an obair seo. Tá sé coicís anois ó fógraíodh go raibh an t-airgead ar fáil agus níl iomrá ar bith ar an obair toiseacht. Dúirt Comhairle na Contae go bhfuil siad ag obair ar chlár oibre agus go dtoiseoidh siad chomh luath agus is féidir. Dúirt Brian Ó Domhnaill as Fianna Fáil gur chuir seisean fáilte roimh an airgead ach go raibh roinnt bóithre sa cheantar scriosta agus go raibh súil aige go mbeadh siad ábalta toiseacht láithreach. Dúirt Dinny Mac Fhionn- ghaile as Fine Gael gur céim ar aghaidh sa treo ceart a bhí san airgead ach gur shíl se nach leor é agus nár dhírigh sé ar an bhunadhb sa cheantar thart ar shean-teach an phobail ar na Doirí Beaga. Chuir Piaras Ó Dochartaigh as Sinn Féin fáilte roimh an airgead agus mhínigh go raibh fadhb ann maidir le maoiniú do obair ar na bóithre ag an Chomhairle. De Máirt na seachtaine seo chugainn, foilseofar an liosta oibreacha atá beartaithe ag an Chomhairle don toghcheantar seo don trí bhliain atá romhainn. Beidh ciste ann do rudaí tubaisteacha cosúil leis na tuillte anuraidh a tharlaíonn amach anseo ach caithfidh an Chomhairle Chontae cloí leis an liosta a chuireann siad isteach chuig an Roinn. Mar sin de, má tharlaíonn a leithéid arís, beidh siad ag fanacht ar mhaoiniú ón rialtas i mBaile Átha Cliath. Míníonn sé sin an mhoill ach an bhfuil sin maith go leor don phobal seo, agus do phobail eile ar fud na tíre? €250,000 curtha ar fáil do chiste thuillte 2009 Míshástacht sa cheantar de bharr mhoilleadóireacht na Comhairle comórtas henrietta game Tá deis ag ár léitheoirí EP nua-eisithe leis an sárghrúpa an Henrietta Game a bhaint! Níl le déanamh ach ríomhphost le d’ainm agus seoladh a chur chuig goitsenuacht@gmail.com le go gcuirfidh d’ainm san á ireamh sa chomórtas! Cabaret leictreach: Mairéad Ní Mhaonaigh ag baint suilt as an Chabaret Craiceáilte a reáchtáladh sa bPuball Gaelach ag féile an Electric Picnic ar na mallaibh. Cúrsa Gaeilge sa Chrannóg Beidh Cúrsa Gaeilge TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) á reáchtáil ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair ar feadh 20 seachtainí ag toiseacht ag tús mhí Dheireadh Fómhair. Is féidir tuilleadh eolais ar fáil ón Chrannóg ag (074) 9532208. Spriocdhátaí d’Oireachtas na Gaeilge Is é Dé Céadaoin, 15 Meán Fómhair 2010, an spriocdháta iontrála le haghaidh Comórtais Ardáin an Oireachtais i mbliana. Tá comórtais ar chlár na féile do dhaoine óga agus do dhaoine fásta, agus i gcás na gcomórtas do dhaoine óga tá trí aoisghrúpa - faoi 12 bliain d'aois, idir 12 agus 15 bliana, agus idir 15 agus 18 mbliana. Tá clár leathan imeachtaí, chomh maith leis na comórtais seo, ar chlár na féile a bheidh ar siúl i gCill Airne, Co.Chiarraí, ó 27–31 Deireadh Fómhair 2010. Gach eolas ó: Oifig an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Is féidir scairt a chur ar 01 4753857 nó cuairt a thabhairt ar an suíomh www.antoireachtas.ie

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3