Goitse, Aibreán 2010

Aibreán 2010 Goιtse 3 5 chóip den leabhar agus dlúthdhiosca le baint ag léitheoirí Goitse! Seol d’ainm agus seoladh chuig: goitsenuacht@gmail.com chun go n-árófaí sa chomórtas tú! Comórtas Ící Pící Leis an aimsir mhaith a bhí againn le cúpla seachtain anuas, tá an bhriogáid dóiteáin ag iarraidh ar dhaoine bheith faicheallach nuair atá siad amuigh ar an chaorán. Ní ghlacann sé ach toitín caite ar fhéar tirim le dóit- eán a thoiseacht agus tá a fhios againn thart anseo caidé chomh contúirteach is a bhíonn tine ar an chaorán. Tá an scéal céanna amhlaidh leis an aiteannach agus, ó tharla go bhfuil aiteannach ag fás cóngarach do chuid mhór tithe sa cheantar, tá baol tragóide ansin. Shílfeá nach mbeadh gá le seo a rá ach chruthaigh fear amháin as an cheantar ar na mallaibh go bhfuil roinnt daoine ann nach n-éisteann le comhairle a leasa. Nuair a bhí a chuibhreann le treabhadh roimh prátaí a chur, dúirt an fear a bhí ann leis an treabhadh a dhéanamh go raibh an féar ró-fhada agus nach dtiocfadh leis an obair a dhéanamh. Caidé a rinne mo dhuine ach an féar a dhó! Chaith na comharsana leathuair le sluasaid agus píobáin uisce ag troid an dóiteáin. Tá a fhios againn cé thú féin, a _______! Splanc díchéıllí ar an chaorán SHARKEY WASTE & RECYCLING Bun na mBeann,Anagaire, Co Dhún na nGall Teil: 074 9548229 • 087 2364960 Soláthraí Bineanna Bruscair & Athchúrsála Thoisigh eitiltí amach as Aerfort Dhún na nGall ar an gCéadaoin i ndiaidh tréimhse sé lá nuair nach raibh cead ag eitleáin bheith san aer ar fud na tíre. Dúirt urlabhraí don aerlíne Aer Árann go raibh an chuma ar chúrsaí go mbeadh an ghnáth- sheirbhís ar siúl acu anois agus go raibh siad ag súil nach mbeadh cur isteach ar bith eile ón néal dusta a d’éirigh go hard sa spéir nuair a phléasc an bolcán (volcano) ag Eyjafjoell san Íoslann Déardaoin 15 Aibreán. Thoisigh an tseirbhís ar ais ag 1.00in Dé Céadaoine 21 Aibreán. Tá saineolaithe ag rá, áfach, gur féidir go mbeadh pléascán as an bholcán am ar bith agus go raibh baol ann go bpléascfadh bolcán eile in aice le Eyjafjoell. Dá dtarlódh sé sin, meastar go mbeadh cosc arís ar eitiltí san aer thar Éirinn. Aer Árann ag eıtılt as Aerfort Dhún na Gall arís Ag cuidiú leat do chuid féin a dhéanamh don timpeallacht ag leic do dhoras.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3