Goitse, Aibreán 2010

4 Goιtse Aibreán 2010 Tá fáilte romhat chuig an chéad eagrán de Goitse , nuachtán úr do na trí paróistí, Cloch Cheannfhaola, Gaoth Dobhair agus Na Rosa. Tá rún againn an páipéar seo a chur amach uair sa mhí ar feadh chúpla mí go bhfeice muid caidé mar atá muid ag fáil ar aghaidh agus, má éiríonn linn, ba mhaith linn é a fhoilsiú uair sa choicís, ag toiseacht san Fhómhar. Mar a tchidh tú, san eagrán seo, rinne muid ár ndícheall a oiread imeachtaí a chumhdach agus a thiocfadh linn agus, má chaill muid imeacht mhór ar bith, tá muid buartha. Níl ach foireann bheag ag obair go deonach ar an pháipéar agus tá muid ag brath go huile is go hiomlán oraibhse, na léitheoirí, muid a chur ar an eolas faoi imeachtaí atá ag tarlú sa cheantar. As seo amach, bheadh muid iontach buíoch dá dtiocfadh leat inse dúinn faoi imeachtaí atá beartaithe sa cheantar agus tuairiscí nó grianghrafanna a sheoladh isteach chugainn. Déanfaidh muid ár ndícheall achan ghné de shaol an phobail a chumhdach. Bhí daoine ag cur ceiste nuair a thoisigh muid a chaint ar an nuachtán seo an mbeadh sé dátheangach agus ní bheidh. Tuigimid go raibh nuachtáin dátheangacha sa cheantar roimhe seo agus gur éirigh leo ar feadh tamaill ach chonacthas dúinn gur pobal ar leith é pobal na Gaeilge agus nach ceantar tíreolaíoch é an Ghaeltacht. Mar sin de, beidh muid ag freastal ar na daoine a labhraíonn i nGaeilge sa cheantar seo. Is cliché anois é nach neart go cur le chéile ach más é, ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil fírinne leis agus thig leat bheith cinnte go mbeidh brú fiánta ar eagraíochtaí pobail ar fud na tíre amach anseo de réir mar a chuireann an rialtas na ciorruithe atá geallta acu i bhfeidhm. Mar is gnách, tchífidh an ceantar an chuid is measa de na ciorruithe gan cuid ar bith de na buntáistí a fuair áiteacha eile a fheiceáil nuair a bhí siad á ndáileadh amach. Cá bhfuil ár dtríú Teachta? Mar atá soiléir ón phríomhscéal sa pháipéar seo, níl iomrá ar bith orainn fo-thoghchán bheith againn. Mar sin de, tá faillí á déanamh ar ár gcearta daonlathacha. Tá muid i dteideal triúr TD bheith againn sa Dáil ó bhí na toghcháin againn don Eoraip i Mí Meithimh anuraidh agus tá a fhios againn uilig cad chuige nach bhfuil siad le seans a thabhairt dúinn an tríú Teachta a thoghadh. Níl baint aige le cearta nó le ceartas. Níl i gceist ach an comhrialtas a choinneáil i gcumhacht chomh fada agus is féidir agus is cuma faoi na deacrachtaí a bheas ag an phobal dá thairbhe sin. Ach ní chaithfidh sé bheith mar sin. Dá mbeadh glór láidir ag an phobal, chaithfeadh siad éisteacht. Sin ceann de na fáthanna go bhfuil muid ag gabháil don pháipéar seo, le guth a thabhairt do ghrúpaí pobail sa cheantar seo nach bhfaigheann éisteacht ó na páipéirí eile. Foilseoidh muid tuairimí atá ag teacht ón phobal. Má chreideann tú gur rud fiúntach atá ansin, bí linn agus bí páirteach sa tionscnamh seo. Seo leat. Goitse! Cois Cláidí, An Bun Beag, Co. Dhún na nGall Fón: (074) 9531959, Faics: (074) 9532740 Ríomhphost: mcfaddentiles@yahoo.ie Bóthar Ghaoth Dobhair, An Chlochán Liath Fón: (074) 9522861 Beidh oíche álainn de cheol clasaiceach, le blas láidir den cheol traidisiúnta, le cluinstin in Ionad Cois Locha ar an Satharn 24 Aibreán. Is Curifidh an Donegal Youth Orchestra ceolchoirm mhór ar siúl faoi stiúir Vincent Kennedy, stiúrthóir ceoil a bhfuil urraim agus meas air i saol an cheoil. Bhuail an Donegal Youth Orchestra san Ceoláras Náisiúnta an mhí seo caite, agus tugadh ardmholadh dóibh. Beidh an soprano Tine Verbeke, (a bhfuil cónaí uirthi i Machaire Rabhartaigh) ag ceol roinnt amhrán ó na ceoldhrámaí móra. Seinnfidh An Crann Óg, grúpa óg de cheoltóírí traidisiúnta as Gaoth Dobhair, roinnt port traidisiúnta i gcomhar leis an Donegal Youth Orchestra. Beidh meascán spéisiúil ann idir ceol traid- isiúnta agus ceol clasaiceach. Ábhar spéise a bheidh ann na hamhráin agus na portanna traidisiúnta as Gaeltacht Thír Chonaill a chluinstin i bhfoirm chlasaiceach agus iad meascaithe le ceol traidisiúnta. Tá an ceolchoirm curtha i láthair ag Comhpháirtíocht Ceoil Oideachais Dhún na nGall atá faoi choimirce Choiste Ghairmoideachas na contae. Is iad Tionscnamh Lugh atá ag eagrú an ceolchoirm le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta. ÓgCheolfhoireann Dhún na nGall. Grianghraf Johnsoffe.com Blas clasaiceach ar cheol traidisiúnta Dhún na nGall Tíleanna Mhic Pháidín Svuíteanna Seomra Folctha Urláir Adhmaid Ó 9r.n. go 3i.n. gach Aoine le spás a dhéanamh do stoc nua. Tíleanna ó € 5.99 slat 2 Poirceallán Snasaithe ó € 9.99 slat 2 TAPAIDH DO DHEIS – NÁ CAILL AN SLADMHARGADH SEO! — fhad is a mhaireann stoic — Margaidh eile ar fáil sa tsiopa. Uaireannta Oscailte: An Bun Beag 9-30-5-30 Luan go hAoine 10.30-5.00 Dé Sathairn An Chlochán Liath 9-00-5-30 Luan go hAoine; 10.30- 5.00 Dé Sathairn Feisteoirí Tíleanna agus Urláir Adhmaid ar fáil MIONDÍOL i gCroichshlí (iar-shuíomh mhonarcha Nuvotem) Eagarfhocal goitsenuacht@gmail.com

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3