Goitse, Meitheamh 2010

Ag coimhéad ar chláracha cosúil le River Cottage, Corrigan’s City Farm agus My Dream Farm, bíonn iontas orm go mbíonn an ghriain i gcónaí ag soilsiú, fásann na páirceanna le féar galánta glas, bíonn fómhair breá acu gach bliain agus bíonn na hainmhithe folláin agus múinte ar fad. Há, a deirim liom féin le gaire beag, nach deas an rud i TV land. Ni eiceann tú an taobh eile de chur glasraí agus feirm- eoireacht ainmhithe, nuair a bhíonn tú fliuch báite achan lá fríd an gheimhreadh, páirc- eanna lán de chlábar, feaghacha (rushes) agus clocha. Nuair a bíonn agat instealladh no ‘jag’ a thabhairt do cheann de na muca agus ní ligeann sí duit agus bíonn tú ag rith thart ar pháirc ag iarraidh greim a áil uirthi ar feadh tamaill, tamall fada. Ach cé go mbíonn laetha fuara, fliucha, salacha ann agus oícheanta fada ag fanacht leis an tréidlia le theacht amach ag ainmhí atá tinn, is saol ar dóigh atá ann ag tógáil do chuid ainmhithe féin agus ag fás do chuid glasraí fá choinne an tábla, bíonn níos mó meas agat don timpeallacht agus do na h-ainmhithe. Níl Dia ar bith agat ach an aimsir. Cinnte nil se furast agus bíonn costas pears- anta agus póca leis an chineál saoil seo.Tá sé deacair fáil ar shiúl, níl mórán daoine atá ábalta ‘babysit-áil’ leis an teaghlach atá againne, agus bíonn billí troma bia orainn, gan a bheith ag caint ar ghnáth-bhillí tí. Faoi láthair tá triúr capall again, 11 muc, 4 atá ag dréim le banbh, 9 gabhar, triúr uain agus a léir cearca, lachain óga agus sicíní agus tuilleadh sicíní agus lachain ar an bhealach. Bhí dhá choirceog beach againn go dtí tamall ó shin ach bhí orainn ceann amháin a dhó mar bhí aicíd ann; is cosúil go bhfuil seo ag tarlú thart ar an domhan uilig agus cuirfidh seo isteach go mór ar phóradh na mbláth- anna agus na nglasraí uilig má thiteann daonra na mbeacha. Tá an teach mar a bheadh dufair ann, lán de phlandaí óga atá réidh le bheith curtha amach taobh amuigh. Tá muid millteanach chun gcúil leis an phlandáil, níor chuidigh an siocán níos luaithe sa bhliain, ach maram nár chuidigh an álsacht ach oiread. Curtha taobh amuigh tá prátaí, oinniúin, sú talún, scailliúin, cúirséad, gairleog, biatais agus spionáiste. Bhí muid ag fanacht le tollán plaisteach teacht ar feadh tamall agus anois tá sé chóir a bheith tógtha againn; gan mhoill beidh sin lán de thrátaí, piobair, cillí, sinsear agus tuilleadh duilleoga sailéad. Beidh muid ábalta glasraí geimhridh a ás ann fosta. Dá bhfásfadh gach glasra, bheadh an t-ádh orainn ach mar is gnáth gach bliain caill- eann muid cuid den fómhar le meath agus lotnaidí cosúil le drúichtíní, cuileanna glasa agus mar sin. Faoi láthar tá rabhadh meath curtha amach ag Met Éireann; mar sin duine ar bith a bhfuil prátaí curtha acu, coinnigh súil mhaith orthu. Inseadh dúinn gur dóigh amháin leis na drúchtíní a choinneáil ar shiúl, ná feamainn a spréadh thart ar bhun na bplandaí. Dóigh eile le réiteach a áil daoibh ná linn snámha beag beorach a chuir thart ar na plandaí, tig fonn mhillteanach ólacháin ar na drúichtíní agus titeann siad isteach sa linn snámha beag seo agus sin an deireadh a thig orthu, dóigh mhaith le himeacht a deireann cuid daoine! Ach cuideann na lachain fosta mar itheann siad péisteanna ar bith atá sa talamh. Coinníonn muid na muca fá choinne feola agus fá choinne díol ar aghaidh agus, má bhíonn siad maith go leor, fá choinne pórú. Coinníonn muid éanlaith fosta fá choinne an tábla agus fá choinne uibh- eacha.An rud is tábhachtaí faoi seo ná go bhfuil a ios againn cá háit a dtagann ár gcuid feola as agus go bhfuil saol sona sásta ag na hainmhithe ina rith thart sa pháirc. An dóigh a amharc- ann muid air ná: ainmhithe sásta = feoil bhlasta. Tá a ios agam nach mbeadh a léir daoine ábalta ainmhithe s’acu féin a ithe mar sin ach ag deireadh an lae itheann a léir daoine feoil agus cuid mhaith den am ní smaoiníonn siad ar an dóigh a mbíonn na créatúir seo beo. Rud amháin atá muid ag úsáid go rialta ná cúl fáidh, tá siad galánta an t-am seo den bhliain déanta mar sú, agus iontach maith duit, tá siad lán de vitimíní, iarann agus hiostaimini nádúrtha. Caithfear iad a ghlanadh go maith agus siad na duilleoga amháin a úsáideann tú fá choinne an sú a dhéanamh. Frioch dhá oinniúin gearrtha suas i bpanna le ola olóige go dtí go mbíonn siad bog, cuir isteach dhá cainneann gearrtha suas agus frioch iad sin go dtí go mbíonn siad bog, brúigh sé clóbh gairleog isteach, nuair ata gach rud deas bog cur isteach leath mála plaisteach duilleoga cúl fáidh, atá glanta go maith. Sauté hiad sin ar feadh chúig bhomaite, caith isteach cupán piseanna reoite agus litear go leith stoc glasraí. Lig dó seo a suanbhruith ar feadh chúig bhomaite agus úsáid próiseálaí bia fá choinne an sú a blitzail. Seiceáil an blastanais agus cuir tuilleadh salainn nó piobair ann, ma tá tú ag iarraidh thig leat braon beag uachtair a chuir ann ag an deireadh. Ach rud amháin faoin oideas seo, deán cinnte go mbíonn miotóga rubair ort ag cruinniú na duilleoga! —Bee na mbuatais 14 Goιtse Meitheamh 2010 An tUisceadóir Eanáir 21 - Feabhra 19 Gach seans go mbeidh ort comhrá dáiríre a bheith agat le duine áirithe lá de na laethanta. Bí réidh don chomhchaint. Ná bíodh drogall ort bréag a inse, más gá. An tIasc Feabhra 20 - Márta 20 De réir lucht an tsean-eolais, níor chóir nós a dhéanamh nó nós a bhriseadh. Ach is mithid duitse anois athbhreithniú a dhéanamh ar do ghnásaí agus an chomhairle úd a fhágáil as an áireamh. An Reithe Márta 21 - Aibreán 20 Ba chóir duitse tréan uisce a ghlac- adh na laetha seo. Gan a bheith aimhleasta, dána agus b’fhéidir níos mó d’iarracht a dhéanamh díriú ar chaitheamh aimsire bríomhar chun do fhuinneamh a lagú. Déan seo ar mhaithe le do chairde. An Tarbh Aibreán 21 - Bealtaine 21 Seachain bialanna ar feadh tamaill, agus bí airdeallach nuair atá tú ag réití do chuid. De réir na gcomharthaí, tá tusa i mbaol thinnis ó ábhar bí truaillithe. Muna bhfuil tú cúramach, beidh tú ag cur amach. An Cúpla Bealtaine 22 - Meitheamh 21 Ar an 12 Meitheamh, go gairid i ndiaidh am dinnéara, titfidh duine ceann thar tón i ngrá leat. Ach, monuar, tarlóidh an dea-rud i nganfhios duit agus ní bheidh nochtadh ar an phaisean choíche. An Portán Meitheamh 22 - Iúil 22 Corraigh thú féin, a Phortáin! Má tá sé de rún agat beart a dhéanamh (agus is cosúil go bhfuil) is anois an aimsir chuí. Ach na bí i do mhoilleadóir. Tá an gaineamh ag sní san orláiste. An Leon Iúil 23 - Lúnasa 23 Bain sult as na laethanta fada geala seo. Bí aerach ar nós an fhéileacáin, ag aistriú ó bhláth go bláth. Agus ná déan dearmad an neachtar a sú. An Mhaighdean Lúnasa 24 - Meán Fómhair 22 Thuas seal, thios seal; sin mar a ghluaiseann tonnta an tsaoil. Agus cá bhfuil tusa lonnaithe ar an chúrsa seo faoi láthair? Seans nach san áit a shíleann tú. Bain díot an dallamullóg. An Mheá Meán Fómhair 23 - Deir. Fómhair 23 Tá fuath agat do dhuine éigin le déanaí agus níl tionchar ró-mhaith ag an mothúchán seo ar do mheabhair. Má leanann sé ar aghaidh beidh an ghráin feiceálach ar do dreach agus ghlacfaidh an déistin seilbh ar do smaointiú. Smachtaigh an t-olcas nó déileál leis. An Scairp Deireadh Fómhair 24 - Samhain 22 An eol duit cáidé atá uait? Caithfear mionscrúdú a dhéanamh ort féin mar, go dtí go bhfuil fios agat, ní bheidh réasún le do ghníomhaithe. Beidh tú ar bís mhíre. Seo am cuí leis an ceist úd a réiteach. An Saighdeoir Samhain 23 - Nollaig 21 Más duine thú atá tugtha don cearrbhachas tá d’amsa tagtha. Beidh an t-ádh dearg ort i gcursaí geallghlacadóra ar feadh seal. Ná scrios an fortún tri dul thar fóir, áfach. Fan sochair, stuama. An Gabhar Nollaig 22 - Eanáir 20 Nach fada ó rinne tusa rud iontach. Má tá tú tuirseach den neamhshuimiúil, tabhair níos mó aird ar chúrsaí atá taobh muigh de ghnáthrith an tsaoil. Déan gníomh atá úrnua duit. B’fhéidir aithne a chur ar an lucht ghiobach. Sna Réalta Tá sú cúl fáidh galánta an t-am seo den bhliain, agus iontach maithduit, é lánde vitimíní, iarannagus hiostaimini nádúrtha. In ainneoin cruatan na hoibre, is saol ar dóigh é a bheith ag tógáil ainmhithe agus ag fás do ghlasraí féin, dár le Bee na mBuataisí ina colún úr. Blog namBuataısí Bainbh nua-saolaithe ar fheirm Bhee na mBuataisí

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3